Drámadóirí le Gaeilge á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí chun dráma do pháistí a chruthú

Tá an Chomhairle Contae ag iarraidh ealaíontóir a choimisiúnú chun dráma Gaeilge a dhéanamh a bheadh feiliúnach agus siamsúil do pháistí suas go 12 bliain d’aois

Drámadóirí le Gaeilge á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí chun dráma do pháistí a chruthú

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag lorg drámadóirí agus amharclannóirí chun dráma Gaeilge nua do pháistí a chruthú.

Tá an Chomhairle ag iarraidh ealaíontóir a choimisiúnú chun dráma Gaeilge a dhéanamh a bheadh feiliúnach agus siamsúil do pháistí suas go 12 bliain d’aois.

Taispeánfar an dráma nua i leabharlanna áitiúla agus in áiteanna eile ar fud Chorcaí, a deir lucht na Comhairle.

Tá an tionscadal seo á sheoladh ag Oifigí Ealaíon agus Gaeilge na Comhairle i gcomhar le Graffiti Theatre Company, agus le tacaíocht ó Éire Ildánach. Cuirfear meantóireacht agus tacaíocht ar fáil don ealaíontóir a roghnófar.

Deir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan go bhfuiltear ag iarraidh suim sa drámaíocht agus sa Ghaeilge a spreagadh i measc na bpáistí leis an tionscnamh seo.

“Is bealach iontach iad drámaí le siamsaíocht a thabhairt chuig páistí agus le grá don drámaíocht a chothú. Tá sé fíorthábhachtach freisin go mbeidh an dráma seo i nGaeilge. Is cuid bhunúsach dár gcultúr í an Ghaeilge, mar thír, agus mar chontae, agus is cuid shuntasach de dhrámaíocht na hÉireann iad drámaí na Gaeilge.

“Bheadh an tionscadal seo oiriúnach do Ghaeilgeoir atá ina scríbhneoir uaillmhianach. Tá súil agam go spreagfaidh sé tuilleadh saothar do pháistí trí mheán na Gaeilge.”

Beidh trí chéim sa tionscadal a bheidh á chur chun cinn i rith na bliana: Scríbhneoireacht agus Forbairt, Cleachtadh agus Léiriúchán, agus an Léiriú (taibhiú). Soláthróidh Stiúrthóir Comhlach Graffiti, Síle Ní Bhroin, saineolas ar scríobh agus léiriú as Gaeilge do pháistí.

Caithfear iarratais a chur faoi bhráid na Comhairle roimh Dé Luain, an 24 Eanáir.

Ní theastaíonn aon taithí sa drámaíocht, a deir an Chomhairle, ach tá díograis agus paisean don scríbhneoireacht agus don chruthú ríthábhachtach, mar aon le dea-theist a bheith ort roimhe seo ó thaobh tionscadail a fhorbairt agus a sheachadadh. Tá cumas oibre trí Ghaeilge ríthábhachtach agus ba chóir go mbeadh an t-ealaíontóir 18 bliain d’aois ar a laghad, lonnaithe in Éirinn agus in ann taisteal go Corcaigh de réir mar is gá.

Chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar thairseach na Comhairle, ar líne ag www.yourcouncil.ie. Iarrtar ar iarratasóirí achoimre ghearr a chur ar fáil faoi smaoineamh/togra do dhráma, nó sampla scríbhneoireachta, nach mó ná 500 focal. Déanfaidh painéal, ar a mbeidh ionadaithe ó Graffiti Theatre agus Comhairle Contae Chorcaí, na hiarratais a mheas. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag 021 4285995 nó seol ríomhphost chuig arts@corkcoco.ie.

Fág freagra ar 'Drámadóirí le Gaeilge á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí chun dráma do pháistí a chruthú'