Le Seán Mac Dhonnagáin
Stiúrthóir: Hilary Bowen-Walsh
Léiriú de chuid Smashing Times
The Ireland Institute, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath
D’éirigh go fíormhaith le An Chos Eile, an dráma deireanach ó pheann an drámadóra Seán Mac Dhonnagáin. Tá cuid mhór de bhuanna an dráma sin le feiceáil sa léiriú nua seo Ar Snámh, go háirithe an greann.
In Ar Snámh, cuirimid aithne ar Jane, bean óg atá dubh dóite de shaol an duine óig a chónaíonn sa bhaile fós, agus na deiseanna ar fad sa saol ag a deirfiúr. Rinne Bláthnaid Daly léiriú iontach ar Jane agus ar charachtair éagsúla go leor; le guthanna, geáitsí agus carachtracht an-láidir.
Bhí bá againn leis an bpríomhcharachtar agus bhain sí féin agus na carachtair eile na múrtha gáirí as an lucht féachana. Faighimid amach go raibh ar mháthair Jane aistriú ón gcathair de bharr deacrachtaí airgid. Ní maith a réitíonn an baile nua seo léi. Bán is ainm dó agus bán atá sé.
Cé go dtosaíonn Jane ag siúl amach le leaid áitiúil, Stephen, is léir go dteastaíonn uaithi na seolta a chrochadh agus teacht ar fhoilsiú éigin. Mar iarracht ar éalú nó le hí féin a thuiscint ceannaíonn sí dingí i Lidl agus déanann iarracht filleadh ar an mbaile mór. Í ag labhairt lena hathair, nach maireann, agus ag míniú a scéil i rith an ama.
Ar chúis éigin bhí mé ag ceapadh go mbeadh baint ag an dráma leis an athrú aeráide nó a leithéid – bean óg ar thuras i ndingí faoi ndear sin b’fhéidir. I bhfírinne rud eile ba chás leis an dráma, an ghéarchéim tithíochta.
Bhí carachtair éagsúla le clos ar théipthaifeadán (conas atá tú a théip dheireanach Krapp?) a thug comhthéacs breise don scéal. Ach an bhfuil míréir éigin idir téipthaifeadán agus an fón cliste? B’fhéidir nach bhfuil, agus is deas an fhisiciúlacht a bhaineann le seanteicneolaíochtaí.
Ghluais an scéal agus an léiriú ar aghaidh ar luas lasrach. De réir mar a thuigim leagan forbartha é seo de dhráma gairid a léiríodh ag Féile Scene + Heard. Bhaineas an-sult go deo as an leagan seo agus bheinn breá sásta breathnú ar leagan níos faide fós.
Caithfear a rá nach spás rófheiliúnach é Ionad an Phiarsaigh le haghaidh na drámaíochta. Ar éigean aon éirí sna sraitheanna suíochán rud a fhágann an t-ardán féin beagnach dofheicthe do go leor den lucht féachana.
Níor éirigh liom an bád a fheiceáil i gceart, rud a d’fhág deacair na píosaí taistil a chreidiúint go hiomlán. Bhraith mé nár chabhraigh an easpa spáis ach oiread, go háirithe agus sinn ag taisteal ar an abhainn. Ba bhreá an rud é an dráma a fheiceáil in amharclann eile agus spás análaithe aige.
Cuireann fortheidil Bhéarla isteach uaireanta ar an duine a bhfuil Gaeilge aici, ach ainneoin iad a bheith teilgthe taobh thiar den aisteoir ar chúlbhrat dubh, níor tháinig siad idir mé agus an dráma sa chás seo.
Bhí plé dátheangach ann i ndiaidh an dráma. Thaitin focail spreagúla Hilary Bowen-Walsh, a stiúraigh an dráma, go mór liom. Rinneadh an cás go láidir ar son tuilleadh tacaíochta (agus aitheantais) do dhrámaíocht na Gaeilge.
Léiríodh an dráma i gcomhpháirt le Lárionad Idirnáisiúnta na nEalaíon agus an Chomhionannais Smashing Times. Bronnadh duais don dráma aon ghnímh is fearr ar Ar Snámh ag duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge 2018, rud a léiríonn tábhacht an aitheantais dar liom.
Fág freagra ar 'Dráma breá Gaeilge faoi bheith ‘ar snámh’ sa ghéarchéim tithíochta'