FÉILTE
Féile Dorn san Aer agus Cath na mBannaí
Beidh Féile Dorn san Aer ar ais i mbliana don dara bliain as a chéile. Féile nua í seo a cuireadh ar bun anuraidh in ómós don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí, agus a dhéanann ceiliúradh ar an obair ar chuir sé tús léi i gcaitheamh a shaoil.
Geallann lucht eagraithe na féile deireadh seachtaine lán le ceol, craic agus comhluadar agus clár imeachtaí spreagúla leagtha amach don cheiliúradh a bheidh ar bun ón Aoine 26 go dtí an Domhnach 28, Meán Fómhair. Ticéid ar fáil anseo.
Cuirfear an comórtas Cath na mBannaí ar bun ag an bhféile arís i mbliana. Tá Féile Dorn san Aer i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tóir ar ‘ghrúpaí agus ar cheoltóirí réabhlóideacha úra’ le páirt a ghlacadh i gCath na mBannaí.
Is é an Déardaoin, an 25 Meán Fómhair, an sprioclá d’iarratais le clárú don chomórtas agus tá €2,000 á thairiscint mar dhuais don cheoltóir nó banna a thiocfaidh sa chéad áit. Nasc clárúcháin agus gach eolas anseo.
Bronntanas – Féile teaghlaigh nua i mBaile Átha Cliath
Sheol Glór na nGael agus Gaeilge365 féile teaghlaigh nua i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Beidh an fhéile Bronntanas ar bun ón 25 go 27 Meán Fómhair agus deireadh seachtaine taitneamhach geallta ag an lucht eagraithe do theaghlaigh le Gaeilge. Beidh breis agus 30 imeacht saor in aisce ar bun ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath mar chuid den fhéile agus fáilte á cur roimh dhaoine ó gach aoisghrúpa agus ar gach leibhéal líofachta sa nGaeilge.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh Biongó na nEachtrán le HK Ní Shioradáin, An Leabharlannaí Craiceáilte le Seán T. Ó Meallaigh, agus Mistéir, ar cluiche mistéire idirghníomhach é i dteannta Aideen McQueen agus Louisa Ní Éidéain.
Tá clár na féile ar fáil anseo.
Féile Liam agus Tomás Ó Flaithearta i nGaillimh agus Árainn
Beidh Féile Liam agus Tomás Ó Flaithearta ar bun an deireadh seachtaine seo, ag tosú tráthnóna inniu (Dé hAoine an 19 Meán Fómhair) agus an chaint ‘Conamara agus Árainn faoin Saorstát 1924–25. Póilíneacht, poitín agus ocras’ á cur i láthair ag an staraí Cormac Ó Comhraí in Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh. Gabhfaidh an fhéile go hÁrainn Dé Sathairn agus cúrsaí scríbhneoireachta a bheidh faoi chaibidil agus an Dr Gearóid Denvir ag déanamh comparáid idir saothar Liam agus Thomáis.
Gné nua eile atá curtha leis an bhféile i mbliana ná gur reáchtáladh comórtas scéalaíochta do ghasúir Inis Mór agus beidh na duaiseanna dhó sin á mbronnadh Dé Sathairn. Tá clár na féile ar fáil ar leathanach Facebook Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta.
Féile na bPuiteacha ar Inis Meáin
Fillfidh Féile na bPuiteacha ar Inis Meáin an deireadh seachtaine seo agus sceideal lá de bhia, de chultúr agus de spraoi geallta ag lucht eagraithe na féile don phobal. Déantar ceiliúradh ar an dúlra agus ar na sméara dubha (ar a dtugtar ‘puiteachaí’ in Inis Meáin) mar chuid den fhéile. Tá an fhéile, a bhunaigh Aedín Ní Thiarnaigh, ag ceiliúradh cheithre bliana ar an bhfód i mbliana.
I measc buaicphointí na féile beidh Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí ar ais i mbliana agus is é an cócaire aitheanta Diarmuid Ó Mathúna ó POTA Café a bheidh ag moltóireacht ar an lá. Cuirfidh comórtas séasúrach eile ar bun i Halla Naomh Eoin arís i mbliana, an comórtas don ‘Fata is Mó’, ó go ndeirtear go raibh an-rath ar an gcomórtas céanna anuraidh. Beifear ag súil le hiomaíocht ghéar arís i mbliana
Tarlaíonn sé go dtiteann Oíche Chultúir ar oíche oscailte na féile i mbliana agus beidh ceiliúradh á dhéanamh ar an dá ócáid in Inis Meáin. Cuirfidh gasúr Scoil Náisiúnta Inis Meáin léiriú speisialta i láthair tráthnóna Dé hAoine, An tAchrann sa nGarraí, agallamh beirte nuachumtha le Fearghas Mac Lochlainn, mar chuid de cheiliúradh na féile agus Oíche Chultúir.
Tá eolas faoi sceideal na féile ar fáil ó @FeilenabPuiteachai ar Instagram.
CEILIÚRADH

Ceiliúradh an Bhlascaoid
Beidh Ceiliúradh an Bhlascaoid ar bun ón 26-28 Meán Fómhair agus is é an téama atá leis i mbliana ná ‘Cruthaitheacht na Muintire ó Inné go dtí Inniu’. Tá Ceiliúradh an Bhlascaoid ar an bhfód le 28 bliain ag comóradh agus ag cíoradh oidhreacht an Bhlascaoid Mhóir i gcóngar is i gcéin. Is in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a cuirtear ar bun é gach bliain.
Tá an ealaíon chomhaimseartha á chomóradh acu i mbliana, ag tabhairt tús áite do cheoltóirí agus amhránaithe ar an Aoine. I measc seisiún an tSathairn beidh filí agus scríbhneoirí ag caint ar Phádraig Ó Snodaigh, bunaitheoir Coiscéim nach maireann, a spreag a lán daoine chun pinn.
Is é Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, a osclóidh an Ceiliúradh, agus beidh seoladh leabhair speisialta, féilscríbhinn do Phádraig Ó Héalaí dar teideal An Dias is Troime a Chromas: Aistí ina Ómós do Phádraig Ó Héalaí (CIC 2025) atá in eagar ag Éilís Ní Dhuibhne, Lillis Ó Laoire agus Ríonach Uí Ógáin, ar siúl an oíche chéanna.
Tá clár agus gach eolas ar fáil ar shuíomh idirlín Fhondúireacht an Bhlascaoid anseo.
OÍCHE CHULTÚIR
Oíche Chultúir 2025
Beidh lear mór imeachtaí ar bun ar fud na tíre d’Oíche Chultúir 2025 agus rogha mór imeachtaí trí Ghaeilge. I gCo. na Gaillimhe, beidh Céilí Chois Chladaigh á eagrú ag an tSeanchéibh sa Spidéal ag 7:30 i.n.
Osclóidh Ros na Rún na doirse don phobal agus seit oscailte acu ag tosú ag 4:00 i.n. Tá áirithintí ag teastáil roimh ré don turas ar sheit Ros na Rún, is féidir rphost a sheoladh ag leiriuchain@rosnarun.com.
Tuilleadh eolais maidir le h-imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2025 ar fáil anseo.
CEOL
Siamsa an Gheimhridh á sheoladh ag Féile Ealaíne an Chlocháin
Beidh an leabhar Siamsa an Gheimhridh le Domhnall Ó Fotharta (1892) atá cóirithe ag Peadar Ó Ceannabháin á sheoladh in Amharclann Theach an Stáisiúin, An Clochán ar an Aoine, 19 Meán Fómhair ag a 6:00 i.n. Sa mbliain 1892 chuir Ó Fotharta cnuasach amhrán, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna i dtoll a chéile. Tugann an bailiúchán léargas ar an litríocht bhéile agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad.
Rinne an fonnadóir agus scoláire, Peadar Ó Ceannabháin, athchóiriú ar an ábhar agus athfhoilsíodh é sa mbliain 2020 i ndiaidh 128 bliain. Ach ní raibh aon ócáid ann leis an leabhar a cheiliúradh mar gheall ar Covid. Beidh Peadar in éineacht lena bheirt iníonacha ceolmhara Saileog agus Muireann ag tabhairt léargas ar an leabhar agus ar an údar agus ag casadh cuid de na hamhráin atá sa leabhar agus a bhaineann le hiarthar Chonamara.
Táille €10 agus tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Fhéile Ealaíona an Chlocháin.
Fág freagra ar 'Dorn san Aer agus Cath na mBannaí, Féile nua teaghlaigh i mBÁC, Féile na bPuiteachaí, Ceiliúradh an Bhlascaoid'