Léamhthuiscint – Donald Trump na Brasaíle ina iarrthóir don uachtaránacht

Léamhthuiscint 01 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – Donald Trump na Brasaíle ina iarrthóir don uachtaránacht
  1. Tá Jair Bolsonaro – fear a dtugtar ‘Donald Trump na Brasaíle’ air sna meáin idirnáisiúnta go minic – á lua le huachtaránacht na Brasaíle le breis agus bliain anuas. Le gairid, d’fhógair sé go hoifigiúil go mbeidh sé ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair. Meastar go n-éireoidh le Bolsonaro sciar maith den vóta a mhealladh, go háirithe ó tharla nach bhfuil cead ag an iar-uachtarán Lula, atá i bpríosún faoi láthair, seasamh. Ach cén fáth a dtabharfadh duine vóta d’fhear a bhfuil an ghráin aige ar mhná, ar bhundúchasaigh, ar dhaoine dubha, ar dhaoine LADT, ar dhaoine nach gcreideann i nDia na Críostaíochta agus ar inimircigh, atá ar son fáil éasca a bheith ar ghunnaí agus a mhaíonn gur ‘ré órga’ a bhí sa deachtóireacht mhíleata a bhí i réim sa Bhrasaíl idir 1964 agus 1985?
  2. Tá an easpa sábháilteachta sa Bhrasaíl á lua mar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil oiread tóra ag cuid den phobal ar Bolsonaro. Is fadhb dháiríre atá san fhoréigean: dúnmharaítear os cionn 60,000 duine in aghaidh na bliana, gach bliain. Ach lena chois sin, déantar na scéalta uafáis a thuairisciú ar na meáin (agus a chraobhscaoileadh ar WhatsApp) ar bhealach chomh gáifeach sin go bhfuil an pharanóia níos forleithne fós. 
  3. Ceapann daoine áirithe gur tuilleadh gunnaí an réiteach, agus ba mhaith le Bolsonaro dlíthe níos scaoilte maidir le húinéireacht ghunnaí a thabhairt isteach. An tseachtain seo caite, taifeadadh físeán, ina bhfuil Bolsonaro le feiceáil, agus an dóigh le comhartha gunna a dhéanamh le do lámh á múineadh aige do chailín óg atá á hiompar ina bhaclainn aige. Cúiseanna eile atá á lua leis an ráchairt atá ag cuid den phobal air ná an chaoi a labhraíonn sé teanga na cosmhuintire, nach gcuireann sé aon fhiacail ann agus nach mbacann sé leis an gceartaiseacht pholaitiúil. 
  4. Caitliceach is ea Bolsonaro ach soiscéalach go smior í a bhean chéile. Is minic a fhreastalaíonn Bolsonaro ar sheirbhísí soiscéalacha, rud a fhágann go bhfuil tóir ag coimeádaigh chreidmheacha de chuile chineál air. Ach in ainneoin go bhfuil Bolsonaro ag déanamh go maith sna pobalbhreitheanna faoi láthair, ní heol go fóill an mbeidh sé in ann teacht i dtír ar an tacaíocht atá á léiriú dó ag mórchuid Brasaíleach.
  5. Is é an chaoi go mbeidh laige straitéiseach amháin ina dris chosáin roimhe. Go dtí seo, níor éirigh leis comhiarrthóir sásúil a mhealladh a sheasfadh leis don leas-uachtaránacht. Tá an t-eiteach tugtha dó ag roinnt mhaith daoine mór le rá ó na páirtithe móra ar an eite dheis agus tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh ar Bolsonaro dul i muinín duine as a pháirtí féin atá measartha beag. Ó tháinig deireadh leis an deachtóireacht mhíleata i 1985, níor éirigh le hiarrthóir ar bith nach raibh comhghuaillíocht traspháirtí leathan aige an bua a fháil i dtoghchán uachtaránachta.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad a bheidh ag tarlú i mí Dheireadh Fómhair? (alt 1)
  2. Cén bhaint atá ag Lula leis an scéal? (alt 1)
  3. Cad dó a thagraíonn an figiúr 60,000? (alt 2)
  4. Cén fáth a luaitear WhatsApp? (alt 2)
  5. Cén fáth a luaitear ‘teanga na cosmhuintire’. (alt 3)
  6. Cén fáth a bhfuil tóir ag coimeádaigh chreidmheacha ar Bolsonaro? (alt 4)
  7. Cad é an dúshlán atá roimh Bolsonaro? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén fáth, meas tú, a bhfuil comparáid á déanamh idir Jair Bolsonaro agus Donald Trump san alt seo?
  2. Cén fáth ar chuir an t-údar camóga le ‘ré órga’, meas tú?
  3. Cén fáth, meas tú, go gceapann daoine áirithe go mbeadh tuilleadh gunnaí mar réiteach cuí ar fhadhb an fhoréigin?
  4. Céard atá i gceist le deachtóireacht mhíleata?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  • Sracfhéacaint ar an tuiseal ginideach:
    • Táimid le turas a thabhairt ar Áras an (Uachtarán) go luath.
    • Tá suim agam i dteanga na (bundúchasaigh).
    • Tá Seán go mór i mbéal an (pobal) faoi láthair.
    • Tá gach duine ag iarraidh teacht ar réiteach na (fadhb).
    • Níl aon suim agam i gcúrsaí (polaitíocht).

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na hábhair thíos:
    • Donald Trump
    • Polaiteoirí na hÉireann
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna: Cuir tuairimí láidre in iúl, déan moladh agus/nó cáineadh, tabhair cúiseanna, luaigh rudaí atá tarlaithe/déanta acu. 
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Donald Trump na Brasaíle ina iarrthóir don uachtaránacht'