Tá na tíortha ina reáchtálfar Corn an Domhain na bhFear in 2030 agus 2034 deimhnithe ag an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair [FIFA].
Glacadh le tairiscint faoi cheannas Mharacó, na Spáinne agus na Portaingéile ó thrí mhór-roinn agus sé náisiún do Chomórtas 2030. Imreofar trí chluiche i Meiriceá Theas le 100 bliain den chomórtas a cheiliúradh, san Uragua, san Airgintín agus i bParagua. Tugadh Comórtas 2034 don Araib Shádach.
D’fhógair an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair [FIFA] mí Deireadh Fómhair seo caite nach raibh aon tairiscint eile faighte acu don dá chomórtas sin.
Glacadh leis an dá thairiscint d’aon gháir agus níor ghá é a chur ar vóta foirmeálta.
Tá an cinneadh an comórtas a thabhairt don Araib Shádach cáinte go láidir ag eagraíochtaí cearta an duine.
Is minic cáineadh á dhéanamh ar an réimeas san Araib Shádach faoin drochbhail agus an dúshaothrú a dhéantar ar oibrithe imirce, siocair bháis ag cuid díobh, an chos ar bolg ar mhná agus ar dhaoine LGBTQ+ agus an cheilt ar a gcearta agus an chaoi a ndéantar daoine sa tír a ghabháil gan chúis.
Ba é áitiú na hAraibe Sádaí go mbeadh an comórtas seo ina chuid ‘d’aistear mórathraithe” na tíre. Sa tairiscint a rinne an tír, dúradh gur chuir siad ‘cur chuige bunaithe ar chearta an duine” i bhfeidhm le linn an phróisis iarratais ar fad.
Níor thug FIFA ach mí amháin anuraidh do thíortha le suim a léiriú in óstáil an chomórtais agus d’athraíodar riail dá gcuid féin maidir le hinfreastruchtúr ionas go bhféadfadh tíortha nach raibh oiread sin staideanna feiliúnacha acu tairiscint a chur isteach ar an gcomórtas.
D’aon gháir [gan vóta] a rinneadh cinneadh FIFA inniu agus bualadh bos a thuill an fógra faoin dá thairiscint nuair a glacadh leo.
Tá cosaint déanta ag FIFA ar an deifir a cuireadh leis an bpróiseas mar go measann siadsan go raibh easpa trédhearcachta agus cuntasachta ag baint leis
Carraig53@protonmail.com
Náire shaolta é seo amach is amach. Ní hamháin go ngabhtar daoine “gan chúis” ach cuirtear chun báis leis iad “gan chúis.”
Iriseoirí ina measc.
Agus d’réir an eolais atá agamsa is in áit phoiblí a dhéantar cuid den díothú barbartha sin (le claíomh).
Sé an t-airgead an Dia anois agus sé a rialaíonn an domhan.