Dóchas léirithe ag Bánú ag cruinniú faoi ghéarchéim tithíochta

Deir an grúpa feachtais Bánú go bhfuil 9.4ha ag Comhairle Contae na Gaillimhe i gCois Fharraige, Conamara agus Árainn a d’fheilfeadh don scéim Réidh le Tógáil

Dóchas léirithe ag Bánú ag cruinniú faoi ghéarchéim tithíochta

Dúradh ag cruinniú de chuid an ghrúpa feachtais tithíochta Bánú go bhfuil “ábhar dóchais” acu den chéad uair ó bunaíodh iad bliain go leith ó shin.

Dúirt duine de choiste an ghrúpa, atá ag feachtasaíocht ar son tithíochta sa Ghaeltacht,  Donncha Ó hÉallaithe, gur “ábhar dóchais” don choiste an méid “scéimeanna agus bealaí” atá ann trína bhféadfaí an ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht a leigheas.

“Shíl muid nuair a thosaigh muid nach raibh mórán scéimeanna ann nó nach raibh mórán bealaí ann leis an bhfadhb seo a réiteach ach tá muid tar éis go leor taighde a dhéanamh le bliain go leith anuas agus is ábhar dóchais dúinn go bhfuil an oiread sin scéimeanna ann a bhféadfaí leas a bhaint astu agus bealaí ann leis an bhfadhb a réiteach,” a dúirt Ó hÉallaithe leis an leathchéad duine a bhí cruinnithe san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc in Indreabhán oíche Dé Domhnaigh.

Mhínigh ball eile de chuid an choiste, Cian Darby Ó Fátharta, cuid de na scéimeanna sin a ndearna Bánú iniúchadh orthu le tamall de mhíonna anuas. Dúirt sé go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta comhlacht ceadaithe tithíochta (AHB) a bhunú a chuirfeadh tithíocht inacmhainne ar cíos ar fáil. Tá thart ar 500 comhlacht ceadaithe tithíochta in Éirinn cheana féin agus iad ag freastal ar shainghrúpaí ar leith – daoine aosta nó daoine gan dídean mar shampla.

Dúirt sé nach raibh bac ar bith ann Comhlacht Ceadaithe Tithíochta a bhunú a d’fhreastalódh go sonrach ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta ceann a bhunú le tithe nua a thógáil. D’fhéadfaí ciste airgid a fháil ón rialtas trí Chomhairle Chontae na Gaillimhe leis an scéim a rith agus go mbeadh talamh atá i seilbh an Údaráis cheana féin á húsáid le tithe nua a thógáil.

Luaigh Ó Fátharta an scéim Réidh le Tógáil freisin, scéim trína ndíolann údaráis áitiúla suíomhanna le daoine lena dteach féin a thógáil orthu. Bíonn an bonneagar riachtanach – ceangail le córais leictreachais, séarachais, soláthar uisce, agus idirlín – ag na suíomhanna. Díoltar na suíomhanna suas le €30,000 faoi bhun luach an mhargaidh ann. Dúirt sé go bhféadfaí “an-úsáid” a bhaint as an scéim seo sa Ghaeltacht ar shuíomhanna atá ag an gComhairle Contae agus ag Údarás na Gaeltachta araon.

Deir Bánú go bhfuil 9.4ha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gCois Fharraige, Conamara agus Árainn a d’fheilfeadh don scéim Réidh le Tógáil. Tá an talamh sin i gCill Rónáin in Árainn, i Leitir Mealláin agus i Leitir Móir i gCeantar na nOileán, agus i Ros an Mhíl, ar an Spidéal agus i gCarna.

Dúirt Ó Fátharta freisin go léiríonn na figiúirí sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún Tithíochta i mí na Bealtaine seo caite gurbh í Comhairle Chontae na Gaillimhe an chomhairle contae “is measa sa tír ó thaobh tithe sóisialta a chur ar fáil” agus gurbh í an dara comhairle contae “is measa ó thaobh tógáil tithe faoi scéimeanna AHB”.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil pobal na Gaeltachta i nGaillimh “á ionsaí” agus go bhfuil “na rudaí a dhéanann gnáthphobail á gcailleadh” sa cheantar mar gheall ar an ngéarchéim thithíochta agus an easpa teaghlach óg ann. Dúirt sé go bhfuil muintir na háite “in iomaíocht le daoine saibhre atá ag iarraidh an dara teach a cheannach” agus “le daoine atá ag iarraidh a bheith ag obair ón mbaile” i gceantair áille.

Bhí deichniúr polaiteoirí i láthair ag an gcruinniú: an Seanadóir Seán Kyne (FG); na Teachtaí Dála Catherine Connolly (NS), Mairéad Farrell (SF) agus John Connolly (FF); agus na comhairleoirí contae Tomás Ó Curraoin, Máirtín Lee, Noel Thomas, Mícheál Leainde, Séamus Walsh agus Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire.

Dúirt Ó hÉallaithe gur “faoi na polaiteoirí” atá sé polasaithe a shocrú le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta agus d’iarr sé ar na polaiteoirí a bhí i láthair tionchar a imirt “ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal na Comhairle Contae” leis na moltaí a rinne an Coimisiún Tithíochta i leith na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

D’iarr sé ar na comhairleoirí contae “athbhreithniú” a dhéanamh ar Phlean Forbartha an Chontae le “fáil réidh le cuid de na bacanna pleanála atá ag cur costas, frustrachas agus moill ar dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil” sa Ghaeltacht.

Dúirt Adhna Ní Bhraonáin leis an slua go bhfuil Bánú tar éis a bheith ag obair go “han-dian” ó bunaíodh an grúpa ag deireadh na bliana 2023 ach nach mbíonn go leor den obair sin le feiceáil ag an bpobal. Dúirt sí go mbíonn cruinnithe rialta ag an gcoiste leis an Roinn, leis an Údarás, leis an gComhairle agus le daoine agus grúpaí eile agus go bhfuil an t-uafás ama caite acu ag déanamh taighde ar an reachtaíocht agus ar pholasaithe tithíochta in Éirinn agus thar lear.

“Tá an cheist an-chasta. Níor thuig mé féin cé chomh casta is a bheadh sé nuair a thosaigh muid ag plé leis seo bliain go leith ó shin ach tá go leor oibre curtha isteach ag an gcoiste ó shin agus ní bhíonn réiteach sciobtha ann ar cheist mar seo, ach tá muid ag obair ar réiteach,” a dúirt sí.

Thug sí le fios freisin gurbh éigean do bheirt éirí as coiste Bhánú le cúpla mí anuas agus go bhfuil folúntais ann anois do bheirt eile ar mhaith leo dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Dóchas léirithe ag Bánú ag cruinniú faoi ghéarchéim tithíochta'

  • Seán Mac Bhriain

    Tuilleadh “eastáit”, ach gan dul chun cinn ar bith ar theachín a thógáil i do gharraí féin. Bónas do na “forbróirí”. Airgead a ghníos airgead.