Dóchas ar bith le brath go ndéanfaidh teacht Julian Smith difríocht mhór ó thuaidh

Tá Julian Smith tagtha i gcomharbacht ar Karen Bradley mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann. Is ar éigean a d’fhéadfadh sé a bheith chomh dona léi, ach an ndéanfaidh sé aon difear?

Dóchas ar bith le brath go ndéanfaidh teacht Julian Smith difríocht mhór ó thuaidh

Julian Smith

Ní rud deas a bhí ann, ach ba bhocht an teist ar Státrúnaí é go gcuimhneofaí uirthi mar dhuine nach raibh in ann éinne a mhealladh chun glacadh le deoch saor in aisce uaithi. Bhain an cruabhreithiúnas leis an gcóisir ab éigean do Karen Bradley a chur ar ceal mar gur chinn na polaiteoirí ar fad gurbh uafásach an smaoineamh é airgead poiblí a chaitheamh ar ‘cocktails’ in Stormont nuair nach raibh Tionól ná Feidhmeannas i mbun oibre ann.

Níorbh iontas é gur léirigh Karen Bradley baoth-bhreithiúnas. Sceith bhéil ab ea í as chomh minic is a chuir sí a cos ann, a haineolas faoi Thuaisceart Éireann agus a heaspa gnímh, fiú maidir le ceisteanna nár bhain aon chonspóid leo.

Bliain go leith a chaith sí mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann sular briseadh as a post í Dé Céadaoin, oíche na sceanairte in Whitehall. Deirtear abhus gurbh í an Státrúnaí ba mheasa ariamh í (cé go mbeadh dianchomórtas don ghradam sin i measc roinnt dá comhghleacaithe a bhí anseo le deich mbliana anuas).

Cailís nimhe ab ea a post, áfach. Chuir a cara Theresa May dhá chúram uirthi: riail dhíreach ó Westminster a sheachaint mar go raibh an iomarca eile ar aire an rialtais agus an DUP le coinneáil suaimhneach acu freisin. Fiú dá mbeadh sí in ann ag an bpost bhí ceangal na gcúig gcaol uirthi mar go raibh na Tóraithe i dtuilleamaí an DUP chun fanacht i gcumhacht.

Maítear go bhfuil an fear a cheap an Príomh-Aire Boris Johnson mar chomharba uirthi, Julian Smith níos ábalta ná í. Ós iar-aoire Caomhach é Smith, is léir go bhfuil taithí níos fairsinge aige ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí. Ba cheart go mbeadh an taithí sin úsáideach i dtaca leis na cainteanna ollpháirtí in Stormont ach tá na Tóraithe fós ag brath ar an DUP chun fanacht i gcumhacht. Sin é an gad is giorra don scornach cibé fad a mhairfidh rialtas Boris Johnson agus a chuid Breatimeachtóirí. D’ainneoin na bolscaireachta agus buaileam sciath Johnson, níl aon athrú ar an uimhríocht in Westminster.

D’fháiltigh Arlene Foster ceannaire an DUP roimh cheapachán Smith, fear a raibh dea-chaidreamh ag a páirtí leis nuair a bhí sé ina aoire. D’fhreastail sé ar chomhdháil bhliantúil an DUP dhá bhliain ó shin nuair a mhol sé go spéir iad. Agus í ag tréaslú a phoist leis i dtvuít, dúirt Foster go raibh práinn le dul chun cinn a dhéanamh sna cainteanna in Stormont mar go raibh drochbhail ar chúrsaí sláinte agus oideachais. B’fhéidir gur leide í an bhéim ar oideachas agus sláinte go mbeidh an DUP ag éileamh airgid do na ranna sin sna cainteanna nua – an t-athbhreithniú – ar a margadh soláthair agus muiníne leis na Caomhaigh. Mhair an socrú sin go dtí deireadh na téarma Parlaiminte seo; tá tús á chur leis na cainteanna nua faoi láthair.

Ní raibh fáilte chomh croíúil ag aon pháirtí eile roimhe, Aontachtaithe Uladh, an UUP, san áireamh. Mhol a gceannaire, Robin Swann don Státrúnaí nua a bheith neamhspleách ar an margadh leis an DUP. Beag an seans. D’éiligh ceannaire Alliance Naomi Long air a chinntiú go mbeadh sé neamhchlaonta sna cainteanna. Chuir ceannaire an SDLP fainic air gur ghá éisteacht le daoine abhus, thairis an DUP, chun a chur i gcion ar an bPríomh-Aire Johnson nach dtig leis beag is fiú a dhéanamh de na fadhbanna a bhaineann leis an mBreatimeacht crua don tuaisceart.

Dúirt príomh-idirbheartaí Shinn Féin, Conor Murphy, gur beag muinín a bheadh aige as Julian Smith ó tharla nár léirigh sé aon spéis sa réigiún go dtí seo ach amháin nuair a d’fhreastail sé ar chomhdháil an DUP. “Má leanann sé leis an bpolasaí lochtach a bhí ag an rialtas Caomhach/DUP go dtí seo teipfidh air, fearacht an bheirt a chuaigh roimhe,” a dúirt Murphy.

Ní raibh dóchas ar bith le brath go ndéanfadh teacht Smith difríocht mhór i dtaca le fuascailt na sáinne in Stormont. Mar atá ráite cheana sa cholún seo níl buntáiste le baint ag aon pháirtí seachas an DUP as margadh roimh an 21 Deireadh Fómhair nuair a thiocfaidh an Bille i bhfeidhm chun pósadh comhghnéis a chur ar bhonn reachtúil agus díchoiriú a dhéanamh ar ghinmhilleadh.

Chuir an Bille sin freagracht ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann nach raibh ar éinne sa phost sin cheana. Is é sin tuairisc a sholáthar do Theach na dTeachtaí faoin bhail atá ar an bpolaitíocht abhus. Caithfidh Smith an gnó sin a dhéanamh uair sa choicís sa bhfómhar. Ba é cuspóir an leasaithe sin ar an mBille a chinntiú nach ligfí do Johnson an Pharlaimint a dhíscor chun Breatimeacht gan mhargadh a chur i gcrích.

Más é sin an t-aon athrú atá i ndán dúinn níl d’athrú déanta ach an duine atá sa phost.

Ní deas an chinniúint í.

Fág freagra ar 'Dóchas ar bith le brath go ndéanfaidh teacht Julian Smith difríocht mhór ó thuaidh'