Dóchas agus éadóchas faoin nGaeilge i saothar tagartha den chéad scoth

Is éachtach an ransú atá déanta ag John Walsh ina leabhar nua faoi pholasaí Gaeilge an Stáit le 100 bliain

Dóchas agus éadóchas faoin nGaeilge i saothar tagartha den chéad scoth

One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022
le John Walsh
(Peter Lang)

Bhí aithne agam ar bhean as Cois Fharraige a deireadh go dtagadh ré roithleagán ina ceann nuair a thosaíodh daoine ag caint ar an nGaeilge. Tarlaíonn an rud céanna dom féin faraor.

Is ar a cuid cainte a chuimhnigh mé nuair a tháinig leabhar John Walsh One Hundred Years Of Irish Language Policy, 1922-2022 chomh fada liom.

Chuimhnigh mé freisin ar an mbuachaill óg a dúirt liom gurbh í an ghlúin lena mbainimse a thug buille an bháis don Ghaeltacht. Sea agus gur dhúirt Breandán Ó hEithir i léacht a thug sé faoi Mháirtín Ó Cadhain sna seachtóidí go raibh bás nó beatha na Gaeilge ag brath ar an nglúin a bhí suas ag an am sin.

“Fascinating, if daunting, grand narrative” a thug Colin H Williams, Ollamh Oinigh in Ollscoil Chardiff, ar leabhar John Walsh.

“Daunting” go deimhin. Tá a oiread sin taighde déanta ag an mBreatnach go bhféadfadh an mioneolas ar fad tú a phlúchadh.

Ní gnáthléiththeoireacht gan dua atá sa leabhar, ach mar shaothar tagartha ní bhfaighfeá níos fearr.

Is éachtach an ransú atá déanta ag an údar. Déarfá leat féin gur scrúdaigh sé chuile thuairisc, chuile phlépháipéar, chuile phreasráiteas, gan trácht ar bhróisiúir, ar dhialanna, ar ghearrtháin as nuachtáin, srl.

Fear é John Walsh a bhfuil dóchas aige fós as athbheochan na Gaeilge. Ní dhallann sin é ar an scéal duairc atá le n-inseacht fúithi le céad bliain anuas.

Rinneadh an-ghaisce faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a chuaigh sé tríd an Dáil anuraidh. Creideann daoine saonta go mbainfear amach an phríomhsprioc atá leagtha síos,  is é go mbeidh Gaeilge ag 20%  de na hearcaigh nua a fhostófar sa státseirbhís faoin mbliain 2030.

An lá céanna ar glacadh leis an Acht sa Dáil rinneadh agóid taobh amuigh di ar son cúig Ghaelscoil as deisceart Bhaile Átha Cliath de bharr nach raibh an Roinn Oideachais sásta meánoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil sa gceantar.

An lá ina dhiaidh sin aríst socraíodh nach dteastódh Gaeilge feasta le dhul sna Gardaí.

B’fhéidir nach bhfuil mír ar bith is spéisiúla ná is soiléire sa leabhar ná an cur síos ar an nGaeltacht. Tá scagadh den scoth déanta ar Choimisiún na Gaeltachta a cuireadh ar bun i 1925. Ní raibh leath an chur i gcéill faoin nGaeilge ann an uair sin agus atá anois.

Cuid de na daoine a thug fianaise don Choimisiún níor chuir siad fiacail ann agus iad ag trácht ar chrapadh na Gaeltachta agus ar na cúiseanna a bhí leis. Is fiú dhá shliocht a thabhairt as an bhfianaise anseo.

Seo mar a dúirt Liam Ó Miodhacháin, bainisteoir comharchumainn as Gaeltacht na Rinne:

‘Cé a thógfadh ar aithreacha agus ar mháithreacha Béarla a labhairt  lena bpáistí anois má b’fhéidir agus  a gcúl a thabhairt don nGaolainn.  Chonaic a bhformhór acu cad a bhain dóibh féin de dheasca na Gaolainne. Gach post i mbun aon dealramh a bhíodh ag imeacht leis an mBéarlóir blasta a thitfeadh sé… Táthar ag toghadh Béarlóirí, fé láthair, os cionn Gaeilgeoirí atá comhoiriúnach le haghaidh postanna poiblí agus lánchead an rialtais leis an obair sin.’

Dúirt bailitheoir béaloidis as Tír Chonaill an méid seo:

“Níl uathu ach a gclann a fháil faoi lámh Easpaig agus oiread eolais a fháil ar léitheoireacht agus ar scríbhneoireacht agus go mbeidh siad in inmhe litir a léamh agus a scríobh. Tchítear don mhórchuid acu sa Ghaeltacht nach bhfuil ann ach am amú a bheith ag teagasc Gaeilge dá gclann mar nach ngnóthaíonn siad dada uirthi agus gur comhartha bochtaineachta agus ainbheasa í.’

Tuigeann John Walsh go maith go bhfuil an Ghaeltacht ar an bhfaraor géar ach tá an-dóchas aige as an dream a dtugann sé ‘new speakers’ nó nuachainteoirí orthu.

Seo dream a d’fhoghlaim Gaeilge dá ndeoin féin, beag beann ar an nGaeltacht go minic. Go deimhin is údar maíte ag cuid acu nach í Gaeilge na Gaeltachta atá acu.

Gaeilge Radió na Life in áit Ghaeilge Raidió na Gaeltachta, is dócha!

Maidir le hoideachas is léanmhar an cúlú a rinne an stát sa réimse sin le céad bliain. Gaotaireacht agus cur i gcéill atá ann anois go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur mór an náire an caighdeán Gaeilge atá ag formhór na múinteoirí.

Ní rachaidh mé níos faide ar an téad sin. Tá meadhrán ag teacht i mo cheann aríst.

Cén breithiúnas atá tugtha ag John Walsh ar chás na Gaeilge sa deireadh? Meascán atá ann, a deir sé, idir idéalachas, saontacht, díograis, fimíneacht, fuarchúis agus naimhdeas.

Ní féidir an dul ar gcúl a shéanadh ach tá caighdeánú déanta ar an teanga agus tá cosaint dlí aici, cé nach i gcónaí a chuirtear an dlí céanna i bhfeidhm.

Is breá sin agus is ríbhreá ach níl ach thart ar 74,000 duine á labhairt taobh amuigh den chóras oideachais agus níor iompaigh a oiread agus baile fearainn amháin ar ais ar an nGaeilge.

B’fhéidir gur togra rómhór a bhí in athbheochan na Gaeilge ón gcéad lá.

Mar a dúirt Deasún Fennell fadó, níor athbheodh an Laidin.

Fág freagra ar 'Dóchas agus éadóchas faoin nGaeilge i saothar tagartha den chéad scoth'