Dochar déanta ag ‘isteach-dó-trí-amach-dó-trí’ an DUP agus an Tionól le tarrtháil

Díol suntais ab ea é go raibh an DUP agus Sinn Féin ar an bport céanna faoin gcontúirt a bhainfeadh le riail dhíreach ó Westminster. B’fhéidir, sa deireadh, go ndíreodh sé sin a n-aire ar a gcuid oibre…

29/05/2014. Rt Hon Theresa Villiers MP. Pictured Secretary of State for Northern Ireland Rt Hon Theresa Villiers MP speaking to the media in the Department of Foreign Affairs in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Theresa Villiers MP. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá coicís, nó trí seachtaine ar a mhéid, ag na páirtithe i Stormont chun an Feidhmeannas agus an Tionól a tharrtháil. Cé go bhfuil Sinn Féin ag dul ó dhoras go doras le cúpla mí ag ullmhú le haghaidh toghcháin, ceannaire an UUP ag stocaireacht gan staonadh ar na meáin, agus an DUP ag cur gothaí toghchánaíochta orthu féin, is é a ndúshlán ar fad féachaint chuige nach obair in aisce é. Níor chuir Státrúnaí na Breataine, Theresa Villiers, fiacail ann nuair a dúirt sí gur fionraíocht Stormont agus riail dhíreach a bheadh i ndán dóibh mura ndéanfaí margadh sásúil.

Chuaigh na páirtithe i mbun cainte arís Dé Céadaoin. Bhí briseadh tógtha acu is iad ag fanacht leis an tuarascáil faoi staid na bparaimíleatach. Bhí leide tugtha ag ceannaire an DUP, an Chéad Aire Peter Robinson agus ag Arlene Foster go ngabhfadh airí an DUP ar ais i mbun oibre dá mbeadh an tuarascáil sin sásúil. Ba é fírinne an scéil go raibh damáiste ollmhór déanta don DUP ag an ‘isteach-dó-trí-amach-dó-trí’ a bhí ar siúl ag na hairí le mí anuas agus go raibh an páirtí cíocrach chun deis a fháil le teacht as an ngeábh.

Mar a tharla, bhí an tuarascáil faoin IRA níos measa ná mar a ceapadh a bheadh sé ach níor chuir sé an DUP den chúrsa nua. Chuir siad tús lena leathphairtíocht sa bhFeidhmeannas – airí ag eirí as, ag dul ar ais agus ag eirí as arís mar gheall ar bhreithiúnas an PSNI go raibh baill den IRA bainteach le dúnmharú Kevin McGuigan.

Dé Máirt, dúirt údair na tuarascála gur ghlac siad leis an tuairim sin – go raibh an tIRA fós ann agus ‘comhairle airm’ an IRA fós ann. Níos measa fós, cothaíodh an tuairim go raibh Sinn Féin faoi stiúir an IRA cé go raibh an abairt áirithe sin débhríoch (‘creideann baill den IRA Sealadach go ndéanann ‘comhairle airm’ na heagraíochta maoirseacht ar an IRA agus ar Shinn Féin’).

Níor cheap mé ariamh go raibh aon difríocht eatarthu, arsa Robinson is é ag aoireacht a airí chun oifige. Is fíor go bhfuil sé de nós ag Sinn Féin iarchimí –iarbhaill den IRA- a cheapadh mar ionadaithe i Stormont agus, ar ndóigh, toghadh go leor acu. Bhí sé ag dul rite ar ionadaithe an DUP a mhíniú conas a d’fhéadfaí filleadh chun oibre faoi choinníollacha a bhí níos diultaí ná mar a bhí nuair a shiúil siad amach. Dúirt Robinson gurb é gabháil Bobby Storey, cathaoirleach Shinn Féin sa tuaisceart, faoi ndear a n-agóid ach scaoileadh Storey saor gan chúiseamh taobh istigh de chúpla lá.

Dúirt na páirtithe go léir atá ag freastal ar an cainteanna, an DUP, Sinn Féin, an SDLP, an UUP agus Alliance, chomh maith leis an dá rialtas, go gcaithfí a dhul i ngleic le paraimíleatachas agus coiriúlacht an geábh seo.

Níor chuir sé iontas ar éinne gur fógraíodh nach raibh aon cheann de na heagraíochtaí foiréigneacha imithe den bhfód. Bhí a fhios ag cait an bhaile gurb ann don UVF, a fho-ghrúpa an Red Hand Commando, an LVF, an tINLA agus an tIRA Sealadach, an UDA agus dreamanna a scar ón eagraíocht sin.  Bhí a fhios ag cait an bhaile freisin go bhfuil cuid de na grúpaí sin níos gníomhaí ná a chéile. Ba é an port anois ná go raibh sé thar am an pobal agus an pholaitíocht a shaoradh ó ghreim na bparaimíleatach.

Glacadh leis nach mbeidh rath ar an cainteanna seo muna ndéanfar socrú i dtaca le paraimíleataigh. Bhí roinnt i Stormont den bharúil go raibh an DUP agus Sinn Féin tagtha ar chomhthuiscint, ar leataobh ó na seisiúin fhoirmeálta, faoi straitéis a bheadh inghlactha acu araon. Níl aon fhianaise air sin ar fáil fós, áfach. Sa mullach air sin, tá fadhb mhór ag na páirtithe i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí – aontachtaithe sásta go mbeadh ‘slándáil náisiúnta’ mar sciath chosanta ag an mBreatain agus Sinn Féin is an SDLP meáite nach mór don stát an fhírinne a insint, cuma cé chomh brocach is atá sí. I

s cinnte go ngéarófar an t-easaontas ó d’éiligh Stiúrthóir na nInchúiseamh Poiblí, Barra McGrory go bhfiosrófaí an spiaire Stakeknife agus a shaoistí sna seirbhísí faisnéise i dtaca le 24 dúnmharú.

Díol suntais ab ea é go raibh an DUP agus Sinn Féin ar an bport céanna faoin gcontúirt a bhainfeadh le riail dhíreach ó Westminster. Bhí an dá pháirtí ag tabhairt foláirimh faoi chomh dian is a bheadh ciorruithe chomh maith le beartais eile nach dtaitneodh le muintir Thuaisceart Éireann.

Tá a fhios acu nach maithfear dóibh é ma ligeann siad dó sin tarlú go fánach. B’fhéidir, sa deireadh, go ndíreodh sé sin a n-aire ar a gcuid oibre.

Fág freagra ar 'Dochar déanta ag ‘isteach-dó-trí-amach-dó-trí’ an DUP agus an Tionól le tarrtháil'