Do bhí cúirt mhór ag Lord Ventry i mBaile an Ghóilín…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá cur síos againn ar an gcrácamas a d’fhulaing daoine nach raibh airgead an chíosa acu...

Do bhí cúirt mhór ag Lord Ventry i mBaile an Ghóilín…

Sé Lord Cork an tiarna a tháinig ó Chorcaigh. Tháinig sé anseo isteach timpeall daichead bliain ó shin. Ní hé féin a tháinig ach a chaptaen. Thóg sé ó mhuintir an Oileáin gach naomhóg agus bád a bhí acu is thug leis iad.

Do chuir Lord Cork amach baintreach as a tigh thíos sa Leitriúch. Ní raibh sí ag díol aon chíosa mar bhí sí bocht. Ní raibh aon chlann aici. Ní raibh aici ach an t-aon bhó amháin. Do chaith sé amach ar an mbán í. Bhí sí ansan is n’fheadar sí cá bhfanfadh sí. Lig comharsa isteach í ach i lár na hoíche chuir Lord Cork an captaen ag triall uirthi á rá léi ná raibh cead aici a bheith istigh in aon tigh nó éinne a ligfeadh isteach í go mbeidís féin amuigh leis. Bhíodar seo ag díol an chíosa. Cailleadh an bhaintreach amuigh ar an mbóthar. Do bhí na tiarnaí talún an-chrua an uair sin.

Do tháinig tiarna mná ansan i bhFán. Do bhí sí an-chrua ar fad. Chaitheadh sí amach na daoine ná féadfadh an cíos a dhíol. Do chuir sí báillí anseo. Bhí báille i dtigh anseo, chuaigh sé anairde ar bharr an tí. Tigh tuí ab ea é. Sháigh an bhean an deimheas isteach ina cheathrú. Siúd an fhuil ag teacht. D’imíodar is seanbhlas ar a gcosa acu. Níor thángadar riamh ó shin san Oileán.
Do chuir Bess Rice — an tiarna — amach as a dtigh Cáit Bhán is a hathair i dtaobh ná rabhadar ag díol an chíosa. Caitheadh amach ar an mbán iad, is mílte eile nach iad. Bhí Cáit Bhán an-óg an uair sin. Súgán a bhíodh timpeall uirthi is í ina bhaclainn ag a hathair.

Gheibheadh sé Ceann Sléibhe aniar. Ní ligtí isteach in aon áit iad mar bhí spiairí ag Bess Rice. Isteach fé bhéal leice a théidís. Théadh a hathair Séamus Bán ag soláthar tine di. Gheibheadh sé cúpla spré is chuireadh sé fén leic iad chun í a bheith te. Oícheanta bhídís istigh i dtigh ach bhíodh sceite ag na spiairí orthu is chaithidís a bheith ag imeacht. Bhíodar ag caitheamh an tsaoil go han-bhocht.

Bhí Cáit Bhán mór an uair seo. Bhíodh trua ag na sagairt dos gach aoinne ach ní raibh aon leigheas air. Thóg an tAthair Domhnall Ó Súilleabháin ar láimh í. Chuir sé fé scrúdú i dTrá Lí í is dhein sí é. Cailín an-mhaith i gcóir litearthachta ab ea í. D’fhág an sagart lena uacht aici scoil Chill Mhic an Domhnaigh, an fhaid a bheadh sí ann is ag a clann ina diaidh.

Thóg sí tigh nua is bhí a hathair in éineacht léi. Phós Cáit is mhaireadar go lánsásta ach tá Cáit Bhán is a fear marbh anois is Flaithis Dé go bhfaighidh a n-anam.

Lord Ventry: Do bhí cúirt mhór aige seo i mBaile an Ghóilín. Is inti anois atá Coláiste Íde. Sasanaigh ar fad a bhí ann. Do bhí Lord Ventry an-chrua. Bhaineadh sé an stoc dos na daoine. Do chuir sé fear as a chuid talún i dtaobh ná raibh sé ag díol cíosa is roinn sé an talamh ar na daoine a bhí ag díol an chíosa leis.
Lord Mullins. Do bhí sé sin is Lord Ventry ag obair as lámha a chéile. Beirt dearthár ab ea iad. Do chuiridís báillí go dtí na daoine ná bíodh aon chíos á dhíol acu. Thosaíodar ag roinnt na talún. Do briseadh orthu. Do cuireadh as Baile an Ghóilín iad toisc gur Phrotastúnaigh iad. Is thóg an rialtas Coláiste Íde ann. Tá an coláiste sin lán de Chaitlicigh is tá séipéal deas istigh ann. Do chuir tiarna eile captaen chun talamh a roinnt thíos timpeall Bhaile an Mhuilinn. Roinn sé é is fágadh na daoine bochta gan aon chuid den talamh. Is mar sin a deineadh an feall ar na daoine fadó.

Is mó daoine a cailleadh leis an ocras is gan ach codladh amuigh fén spéir acu. Is mó cuid acu a thugadh leo a gcuid leapacha is a chuireadh i bpoll thíos ins na cuasanna iad. Nuair a tháinig na báillí anseo fadó, cheap na daoine go gcuirfí as na tithe iad. Bhí gach seanbhean is a tocht clúmh ar a droim aici á chur i bpoll. Ní fios cad a dhéanfaidís dá mbeadh an tiarna in aon áit gairid dóibh. Bhíodar ró-fhada uathu. Sé an áit go bhfuil Banc na Mumhan anois an áit go mbíodh tigh an Tiarna Mullins. 
Do cuireadh na Feirtéaraigh amach as a gcuid talún i bParóiste an Fheirtéaraigh. Lord Ventry a dhein an beart san. Chuadar síos ar an dtráigh an fhaid sin agus thógadar tithe beaga agus bhíodar ag maireachtaint ar iasc agus ar thalamh scóir ar feadh cúig bliana. Fuair an chuid chríonna bás agus ansan ligeadh isteach arís iad.

– Eibhlís Bean Uí Chearna (c.60), An Blascaod Mór, Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Do bhí cúirt mhór ag Lord Ventry i mBaile an Ghóilín…'