Dé Céadaoin – sléacht Kingsmill
Déardaoin – Acht Oidhreachta na dTóraithe bliain i bhfeidhm
Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine – droim láimhe le muintir Sheán Brown
Fearacht go leor seachtainí eile bhí míshuaimhneas faoi oidhreacht na dTrioblóidí le seachtain agus bhí folach faisnéise ar bhonn slándála náisiúnta ina chomhartha sóirt ar fhreagra an stáit ar éilimh na n-íobartach. Níor cúisíodh éinne as marú deichniúir in Kingsmill beagnach 50 bliain ó shin agus níor cúisíodh éinne as marú Sheán Brown 28 bliain ó shin. Údar imní é gur chun claonpháirteachas gníomhairí stáit a cheilt a ceileadh an chóir ar na teaghlaigh.
Ba é Alan Black an t-aon duine a mhair i ndiaidh ionsaí seicteach an IRA ar 11 Protastúnach in Kingsmill i gcontae Ard Mhacha i 1976. Oibrithe teicstíle ab ea iad a bhí ar a mbealach abhaile i veain nuair a stopadh agus lámhachadh iad.
Tá Alan Black cinnte gur chun foinse eolais – gníomhaire stáit – a chosaint a rinneadh fiosrú easnamhach lochtach ar an uafás. Dhá bhliain déag ó shin rinne sé gearán le hOmbudsman na bPóilíní. Dé Céadaoin fuair sé féin agus teaghlaigh na marbh tuarascáil an Ombudsman a dhearbhaigh go raibh an ceart aige.
D’aithin an tOmbudsman, Marie Anderson go raibh liodáin de lochtanna ar an bhfiosrú. Bhí brú as cuimse ar na póilíní ag an am, ar sí. An lá roimh eachtra Kingsmill mharaigh dílseoirí triúr deartháireacha de mhuintir Dowd agus in eachtra eile, beirt de mhuintir Reavey; goineadh deartháir eile de chlann Reavey agus fuair sé bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin.
Bhí marú deichniúir agus iarracht dúnmharaithe ar Alan Black le fiosrú i dtaca le Kingsmill. Níor ceistíodh scata amhrastach a raibh faisnéis ar fáil fúthu, níor láimhseáladh fianaise fhóiréinseach go héifeachtach, méarloirg agus lorg boise. Bhí aon duine dhéag agus gunna an duine acu sa bhuíon a d’ionsaigh na fir.
Dá réir bhí raidhse fianaise bhalaistíoch ann ach níor baineadh leas as. D’úsáid an IRA na gunnaí sin in ionsaithe eile roimh ionsaí Kingsmill agus ina dhiaidh agus ciontaíodh roinnt daoine ach níor deineadh an ceangal eatarthu agus níor ceistíodh daoine.
Ní dúirt an tOmbudsman go raibh claonpháirteachas i gceist. Níl cead aici rialú claonpháirteachais a dhéanamh de réir breithiúnas cúirte cúpla mí ó shin ar chás a thóg iarphóilíní. Dúirt dlíodóir Alan Black agus Karen Armstrong, neasghaol John McConville, go ndéanfadh na híobartaigh a mbreithiúnas féin ar na cúiseanna le faillí an bhrainse speisialta agus bleachtairí an RUC. Ní raibh Alan Black i gcás idir dhá chomhairle ó ceileadh eolas ar an ionchoisne a tháinig chun deiridh anuraidh.
Ar éigean a bhí an 100 leathanach den tuairisc sin mearléite nuair a d’fhógair Hilary Benn, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, nach mbeadh sé ag déanamh mar a d’ordaigh cúirt na n-achomharc i mBéal Feirste dó mí ó shin. Rialaigh triúr breithiúna gur cheart dó fiosrú poiblí neamhspleách a bhunú faoi mharú Sheáin Brown.
D’fhuadaigh agus mharaigh an LVF, buíon dílseoirí a bhí in aghaidh phróiseas na síochána Seán Brown, cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael i mBéal Achaidh i gcontae Dhoire, i 1997. Tháinig sé chun solais ag ionchoisne anuraidh go raibh baint ag cúig dhuine is fiche leis an marú, gníomhairí stáit ina measc. Níorbh fhéidir bailchríoch a chur ar an ionchoisne mar gur ceileadh lear mór fianaise rúnda ar bhonn slándála an stáit.
Dúirt an cróinéir gur ag fiosrú poiblí neamhspleách amháin a bheadh an chumhacht chun a theacht ar an bhfírinne. Tar éis achomhairc a d’aontaigh leis an gcróinéir, rinne Hilary Benn, thar ceann rialtas na Breataine, achomharc eile agus theip air. Anois is mian leis a dhul chun na cúirte uachtaraí i Londain chun an fiosrú poiblí a sheachaint.
Cén fhianaise atá chomh brocach sin go gcaithfear í a cheilt ar ais nó ar éigean?
Sé mian an Státrúnaí Benn go dtabharfar cás Shean Brown agus an chuid eile de choireanna neamhfhuascailte na dTrioblóidí ar láimh don ICRIR, Coimisiún Neamhspleách an Athmhuintearais agus Athghabháil Eolais.
Thug muintir Brown an t-eiteachas as éadan don tairiscint sin sa bhfómhar seo caite. Fearacht formhór mór na n-íobartach níl muinín acu sa Choimisiún a bunaíodh mar chuid d’Acht Oidhreachta na dTóraithe. Ó ritheadh an tAcht sin chun stop a chur le fiosruithe, le cúisimh, le hionchoisní agus le cásanna sibhialta tá dian-amhras ar dhaoine faoi chumas an Choimisiúin a gcearta a dhaingniú agus an chóir a bhaint amach.
Bhí an freasúra don ICRIR ar taispeáint Déardaoin, lá Bealtaine, cothrom an lae a dtáinig an tAcht Oidhreachta conspóideach i bhfeidhm anuraidh. Rinne íobartaigh agus lucht tacaíochta léirsiú os comhair cheanncheathrú an Choimisiúin i mBéal Feirste ag fógairt go raibh sé doghlactha. Bhí díomá le cur chuige rialtas an Lucht Oibre soiléir. Bhí dóchas astu nuair a bhí siad sa bhfreasúra go ndéanfaidís beart fónta chun cuidiú leis an bpobal abhus cneasú.
Seachtain ó shin, tar éis a chruinniú leis an Tánaiste bhí an Státrúnaí Benn ag caint ar dhul chun cinn go luath faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Tá a chosúlacht ag dul ina aghaidh. Má leanann sé ar an ealaín seo ídeofar cibé blas muiníne ann atá fós beo agus ní dea-thuar a bheadh ansin.
Fág freagra ar 'An tslándáil náisiúnta – cosaint na bhfoinsí níos práinní ná cneasú?'