Oideas Gael agus an Ghaeilge in Vogue, lá breá don chóineartú, bláth ar an trom

Gach seachtain cuirtear ar fáil anseo scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Oideas Gael agus an Ghaeilge in Vogue, lá breá don chóineartú, bláth ar an trom

An Ghaeilge in Vogue

Cloistear go minic go bhfuil an Ghaeilge sa bhfaisean, ach tá an cruthúnas anois againn mar go bhfuil alt san iris Vogue an tseachtain seo ina luaitear Oideas Gael agus na cúrsaí Gaeilge atá acu. San alt The Unexpected Joy of Learning an Endangered Language a foilsíodh ar Vogue ar líne ar an Aoine an 25 Aibreán, labhair an t-iriseoir Cass Lovett le Rónán Ó Dochartaigh, stiúrthóir le Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, faoi na cúrsaí a bhíonn á reáchtáil acu.

Ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge sa bhfaisean de réir an ailt, ach tá sí ag spreagadh an ghrá. Dúradh le léithéoirí Vogue gur asadh a ngrá geal ar chuid de na scoláirí ar na cúrsaí i gcaitheamh na mblianta agus gur phósadar.

Scríobhann Lovett: “Whether for love or learning, the lyrical charm of Oideas Gael attracts an eclectic mix of students including musicians, doctors, postmen, psychologists, and politicians, including former President of Ireland, Mary McAleese – a regular guest.”

Tagann 2,200 taistealaí ó 29 tír ar fud an domhain go hOideas Gael gach bliain le staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Líon mór daoine, a deir Ó Dochartaigh nuair a chuimhníonn tú nach bhfuil ach 700 duine ina gcónaí sa gceantar. Tugann sé sin spreagadh mór don cheantar.

Ní gá bacadh anois le bailiúchán faisin earrach/samhradh 2025, má tá an Ghaeilge agat tá tú sortáilte don séasúr seo. Tá sé oifigiúil anois, tá sé ráite ag Vogue.

***

Ní fhéadfá aimsir níos fearr a iarraidh

Tá laethanta i saol gach duine a mbíonn cuimhne shoiléir againn orthu, an chéad lá a ndeachaigh muid ar scoil, an lá a ndearna muid an chéad chomaoineach, lá an chóineartaithe. An té atá pósta cuimhneoidh tú ar an lá a phós tú, an lá a rugadh leanbh duit, an lá ar cailleadh duine dá raibh grá agat.

Cé go gcaitheann muid an saol ó lá go lá le gnáthimeachtaí an lae, nuair a bhreathnaíonn muid siar ar na blianta is ar na laethanta móra a chuimhníonn muid go minic. Bhí ceann de na laethanta sin againn an tseachtain seo agus an cailín beag ag dul faoi chóineartú.

Thosaigh mé ag cuimhneamh siar ar an lá a ndeachaigh mé féin faoi chóineartú, agus chuile dhuine a bhí ann, na héadaí a bhí orainn, céard a rinne muid agus céard a bhí againn le n-ithe ina dhiaidh.  Lá é a thugann ar dhuine cuimhneamh go bhfuil na blianta ag imeacht leo. Bíonn drogall orm scaití roimh na laethanta móra. Is mór an trioblóid iad, idir éadaí a réiteach agus chuile ní eile.

Ach nuair a thagann an lá féin, tuigeann tú gur fiú an trioblóid ar fad. Is fánach an rud é lá amháin i do shaol, ach cuimhníonn muid ar na clochmhílte seo, na laethanta speisialta nuair a thagann chuile dhuine le chéile agus údar ceiliúrtha acu. Ní fhéadfá aimsir níos fearr a iarraidh, bhí an ghrian amuigh agus teas inti agus chuile dhuine in ardghiúmar agus gléasta amach go galánta.

Chonaic mé na gasúir uilig a bhí in aon rang leis an gcailín beag agus iad cruinnithe le chéile ag dul faoi Lá an Easpaig. Cuid acu ní raibh siad feicthe agam ó bhíodar sna naíonáin agus b’álainn iad a fheiceáil ag fás aníos go folláin agus lán le muinín agus spraoi. Is minic go mbíonn muid gafa, go mbímse ar aon chaoi, gafa le cúraimí an lae, an sceideal, na soithí, an níochán agus ag imeacht ó lá go lá agus m’intinn dírithe ar pébí céard é an chéad rud eile ar an liosta.

Sin mar atá an saol, mar a dúirt an té a dúirt, ‘life is what happens when you’re making other plans’. Ach is maith iad na laethanta móra, na laethanta ina ndéanann muid suntas de na clochmhílte. Laethanta iad a thugann am dúinn ceiliúradh a dhéanamh agus am a chaitheamh le cairde, le pobal agus le teaghlach. Is maith lá a thógáil anois is arís le cuimhneamh ar na daoine atá imithe uainn ar shlí na fírinne, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an muintearas, ar an gcairdeas agus ar na daoine atá thart orainn ar bhóithrín an tsaoil.

***

An bláth ar na crainnte troim

Tá an bláth ar na crainnte troim le seachtain anuas agus boladh álainn milis ar an aer. Bhí mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir gurb í seo an bhliain a ndéanfaidh mé iarracht an coirdial a dhéanamh as. Cé chomh deacair is a d’fhéadfadh sé a bheith?

An t-aon imní atá orm ná nach bhfuil mé 100% cinnte cén chuma atá ar an gcrann troim. Tá mé sách cinnte, ach níl a fhios agam an bhfuil mé chomh cinnte sin is go ngabhfainn i mbannaí air le deoch a dhéanamh as na bláthanna agus é a ól. Dháiríre, tá seans maith ann nach crainnte troim iad ar chor ar bith, ach go bhfuil mise á cheapadh.

Dá ndéanfá deoch as an mbláth mícheart, an mbeadh an baol ann go gcuirfeadh sé den saol thú, meas tú? Chomh fada le mo bharúil, d’fhéadfadh go bhfuil bláthanna bána eile ann a bhfuil boladh orthu atá cosúil leis an trom.

D’fhéadfadh go bhfuil an chuma orthu gur bláthanna troim iad, ach dá ndéanfá deoch astu is dá n-ólfá iad go mbeadh deireadh le d’aistear go tobann. Mura maródh an nimh thú, chaillfí leis an náire thú.

Feicim go bhfuil aip éigin ar fáil anois atá in ann plandaí a aithint má chuireann tú pictiúr isteach ann. B’fhéidir go mbainfinn triail as sin sula ngabhfaidh mé sa seans.

***

Déanfaidh mé eisceacht do Bhríd Ní Neachtain…

 

Tá mé ag súil go mór leis an scannán nua Fréamhacha (FRÉWAKA) a fheiceáil, an ceann is deireanaí ó Cine4 atá tagtha amach i bpictiúrlanna na tíre an tseachtain seo. Scéinséir osnádurtha atá ann agus Bríd Ní Neachtain i gceann de na príomhpháirteanna.

Chonaic mé an tréiléar ar YouTube an lá cheana agus chuirfeadh sé an croí trasna ionat.

Seachnaím na scannáin scanrúla de ghnáth, ach déanfaidh mé eisceacht do Bhríd Ní Neachtain. Is iad Clare Monnelly agus Aleksandra Bystrzhitskaya an bheirt phríomhaisteoirí eile agus is í Aislinn Clark a stiúir. Tá súil agam go mbeidh mé in ann codladh agus an solas as ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Oideas Gael agus an Ghaeilge in Vogue, lá breá don chóineartú, bláth ar an trom'

  • Steve

    Aipeanna: Google Lens nó ceamara Google ar an bhfón agat, glac peictiúr agus deimhneoidh sé ainm an chrainn/an phlanda dhuit.
    Crann/bláth/planda srl