‘Cock up’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na Breataine a shocraigh teorainneacha páirc náisiúnta Ghaeltachta

Deir léarscáilí aitheanta gur léir nach “sean-roinn ó ré Ghaelach na hÉireann” atá i gceist le go leor de theorainneacha na mbailte fearainn sa cheantar ach teorainneacha a cruthaíodh sna 1800idí agus an tír á mapáil ag údaráis na Breataine

‘Cock up’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na Breataine a shocraigh teorainneacha páirc náisiúnta Ghaeltachta

‘Cock up’ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a shocraigh teorainneacha Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nGaeltacht Dhún na nGall, dar leis an léarscáilí aitheanta Barry Dalby.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá Dalby ag obair ar léarscáileanna de Ghaeltacht Dhún na nGall i láthair na huaire agus súil aige iad a fhoilsiú faoi dheireadh na bliana seo.

Sa dialann ar líne atá á coinneáil aige, dúirt sé go léiríonn leagan amach theorainneacha na mbailte fearainn i nGaeltacht Dhún na nGall nach “sean-roinn ó ré Ghaelach na hÉireann” atá i go leor de na bailte fearainn “mar a mhaítear go minic” ach teorainneacha a cruthaíodh sna 1800idí agus an tír á mapáil ag Suirbhéireacht Ordanáis na Breataine.

“Titeann na línte ró-dhíreach seo i gceantar Shliabh Sneachta i nDoire Bheatha i nDún na nGall le fánaí an-ghéar síos aillte móra millteacha agus caithfidh gur ar pháipéar in oifig a socraíodh iad seachas a bheith bunaithe ar rud ar bith a bhí ar an talamh.

“Ní fhéadfadh sé gur fhéad sapair bhochta na Suirbhéireachta Ordanáis na línte áirithe seo a thomhas lena slabhraí ach an oiread. Léiríonn [na línte] cock-up agus nár thuig lucht na suirbhéireachta cá raibh na teorainneacha in ainm is a bheith agus chum siad iad. Maidir lena dtábhacht sa lá atá inniu ann, bhuel is leo a sainíodh teorainneacha Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha – coimín príobháideach ar thaobh amháin agus páirc náisiúnta ar an taobh eile,” a dúirt Dalby.

Deir an léarscáilí go bhfuil tuairim is 60,000 baile fearainn in Éirinn agus go gceaptar go minic go mbaineann siad le seantuatha Gaelacha ón aimsir anallód, ach gur cumadh go leor acu sa 19ú haois nuair a bhí stát na Breataine ag iarraidh an tír a mhapáil agus luach a chur ar an talamh ar bhonn córasach.

Dúirt sé gur leagadh cúram na dteorainneacha ar Richard Griffith agus foireann na Suirbhéireachta Teorann – b’éigean dó na bailte fearainn agus a n-ainm a aithint, agus a dteorainneacha agus a luach a shainiú.

“Agus ualach mór oibre roimhe, ba é an pointe tosaithe a chaith sé a thógáil ná glacadh leis na teorainneacha ar ghlac na giúiréithe contae agus eastáit mhóra leo. Ach bhí go leor áiteanna ann nach raibh tuiscint fhoirmeálta ann ar bhailte fearainn agus a dteorainneacha, go háirithe i gceantair shléibhe agus chósta.

“Sna háiteanna sin, chum lucht na suirbhéireachta bailte fearainn agus teorainneacha, agus is dóigh gur ag obair as lámh a chéile le tiarnaí móra talún an réigiúin a bhíodar. Roghnaíodh gnéithe nádúrtha den tírdhreach san áit a raibh siad – srutháin mar shampla – ach ar thalamh mór oscailte bhí mearings agus claiseanna colbha acu,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Cock up’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na Breataine a shocraigh teorainneacha páirc náisiúnta Ghaeltachta'