Tarraingíonn scéal ceann eile a deir siad. Le clúdach litreach a bhí beagán níos téagartha ná is gnáthach a sháigh bean an phosta isteach faoin doras cúpla seachtain ó shin a bhaineann an chéad cheann a inseoidh mé.
Bhí iarraidh den deifir orm an mhaidin chéanna agus nuair nár aithin mé an pheannaireacht lena raibh m’ainm agus mo sheoladh scríofa gur leag me uaim ar cheann de sheilfeanna an drisiúir é.
Is dóigh go raibh seachtain mhaith caite ansiúd aige nuair a rug mo shúil arís air agus nuair a tharraing mé chugam don dara babhta é.
Ar oscailt an chlúdaigh dom chonaic mé iris bheag a raibh a clúdach stróicthe agus giotaí den téip ghreamaitheach á coinneáil ina chéile. Nuair a thosaigh mé á tarraingt amach thug mé faoi deara cúpla grianghraf ar an gclúdach – peileadóirí ón ré ina mbíodh na buataisí go rúitín orthu agus mar a bheadh barriall ar bharr a ngeansaithe leis sin a fháisceadh timpeall a muiníl.
Murar leor sin mar chruthúnas go raibh beagáinín aoise ag baint leis bhí na leathanaigh chomh buí le gine. B’fhurasta aithint go raibh na blianta caite acu in áiléar nó i gcófra éicint – suas le ceithre scór bliain mar a tharlaíonn.
‘CONNACHT TRIUMPHS, A Glorious Epoch in Football History’ a bhí mar theideal ar an iris bheag, scríofa ag M.A. Clune, foilsithe ag Abbey Publications, 39 Sráid Dawson BÁC, agus le ceannach ag an bpobal ach 1/6 (scilling agus sé pingine) a bheith ina bpóca acu.
Cuntas ar ‘Fifteen years of high endeavour and brilliant achievements in Gaelic Football’ a bhí roimh an léitheoir a dúradh sa réamhrá – cur síos ar na blianta idir 1931 agus 1945 nuair a bhuaigh Gaillimh agus Ros Comáin Corn Mhig Guidhir faoi dhó, nuair a bhuaigh Maigh Eo aon uair amháin aé gus nuair a bhuaigh Sligeach agus Liatroma Craobhacha Sóisearacha na hÉireann nuair ba mhór le rá iadsan freisin.
San achar céanna sin bhuaigh Ros Comáin (péire) agus Maigh Craobhacha Mionúir na hÉireann agus thug Connacht Corn Peile an Bhóthair Iarainn leo trí huaire. Foirne ón gCúige a bhuaigh an tSraith chuile bhliain idir 1934 agus 1941- Gaillimh i 1940 agus Maigh Eo chuile bliain eile acu sin, leathdhosaen as a chéile san áireamh orthu sin, éacht nár sáraíodh go dtí seo.
Le fírinne is é an díol suime is mó a bhaineann leis an bhfoilseachán ná an léargas a thugann sé ar an saol mar a bhí tráth ar foilsíodh é. Sa lá atá inniu ann tá fáil ar thuairiscí ar chluichí na linne sin ach na cnaipí ceart a bhrú ar an ríomhaire. Rud nach dtiocfaidh as an gcineál sin léitheoireachta is ea gnáis agus cleachtais na linne agus ná ar an gcaoi ar mhair siad siúd a bhí beo lena linn.
Sa bhfógraíocht is mó a thagann an t-eolas sin. Thar a bheith flúirseach atá siad freisin – suas le 90 acu in iris 116 leathanach – fógraíocht amháin atá ar thrian díobh siúd.
Taispeánann sin dúinn an tuiscint a bhí ag an gcomhlacht foilsitheoireachta agus ag an údar ar an margadh ar a raibh siad ag díriú agus cuir san áireamh freisin gur tráth na Nollag 1945 a heisíodh an iris.
Comhlachtaí Éireannacha amháin atá i mbun fógraíochta agus is fada an lá anois ó tréigeadh cuid de na seirbhísí a bhí le tairiscint acu. Bhí P.J. Lavin ar Shráid an tSéipéil i mBealach an Doirín in ann caoi a chur ar do chlog nó ar d’uaireadóir. Liosta le lua a raibh de ghrósaeirí, búistéirí, lucht díolta guail agus de mhangairí tae i mbailte beaga agus móra Chonnacht. Fear eile ag díol uaineola, caoireola, muiceola, uibheacha …agus coiníní.
Má bhí poll i mbróg leat bhí an gréasaí Martin Rooney i dTobar a Choirne réidh le theacht i gcabhair ort agus más cadás nó snáth a bhí uait ní raibh ann ach labhairt leis an Irish Sewing Co. i gCathair na Mart.
Más bróga le ceannach a bhí uait, bhí siad sin le fáil ó Ghaeilgeoir i gCoillte Maġaċ a raibh Míċeál Ua Murċađa crochta os cionn an dorais aige.
Ní raibh aon chaint ar an ‘dot-cám’ sna 1930idí, tráth a mba abhainn mhór sa mBrasaíl an Amazon, ba éadaí nite amháin a bhí le fáil ‘ar líne’ agus ba thraein i dtír Arabach éicint é an ‘Ali Express’.
Níorbh in le rá nach raibh daoine ag dul ar saoire. Ar leathanaigh go leor i Connacht Triumphs tá cuireadh oíche nó dhó a chaitheamh in óstáin. Cinn de chuid na tíre seo.
Go fiú gur cheap na mná rialta i gClochar na Trócaire i Mainistir na Buaile gurbh fhiú fógra a chur ann. Nuair a chuala siúracha na Toirbhirte sin thapaigh siadsan iad féin an deis. Ba i dTuaim a bhí an scoil chónaithe a bhí acusan, ach sa bhfógra luann siad freisin go raibh oideachas á chur ar fáil acu i dTír an Fhia i gConamara, ar an gCaol in Acaill, i mBaile Átha an Rí agus in Áth Cinn.
Má bhí na foilsitheoirí na hirise chomh seiftiúil agus gur thug siad faoi ábhar a mbeadh suim ag léitheoirí Chonnacht ar fad ann, ní raibh lucht na haibíde i bhfad chun deireadh orthu.
An stíl a bhain le hiriseoireacht spóirt na linne atá le feiceáil ó pheann an údair san iris – níos cosúla leis an gcur chuige a bheadh ag tráchtaire raidió nó teilifíse sa lá atá inniu ann.
Ag cur síos ar chluiche ceannais 1944 inar bhuaigh Ros Comáin ar Chiarraí deirtear “All the glory of Irish Nationhood tramped through Dublin’s dusty streets and filtered through the turnstiles, until 80,000 souls heaved and sighed within the restricted confinement within the storied enclosure. High above, on top top of the Cusack Stand the Tricolour waved nobly in the breeze.’
Mo chuid fiosrachta a dhúisigh an dara cuid den scéal – féachaint cérbh é údar Connacht Triumphs, an M.A Clune seo ar bhain mé oiread sin de shásamh as a shaothar.
Ba dheas an t-ábhar iontais agam a fháil amach go raibh baint aige le Tuaisceart Chonamara agus gean faoi leith aige féin agus ag a mhuintir ar Inis Bó Finne, an t-oileán atá amach ón gCloigeann ar chósta thiar na Gaillimhe.
Ceapachán a athar, Michael J. Clune ina mháistir poist sa gClochán i 1925 a chuir tús leis an gceangal sin. Bhí an-suim aige siúd i dteanga agus i gcluichí na nGael. Gaeilgeoir líofa ab ea é fhéin agus ba dhíol suime dom a fheiceáil gur labhair sé féin agus an file Máirtín Ó Direáin (a bhí ag obair in Oifig an Phoist i gCathair na Gaillimhe ag an am) ag cruinniú de Cheardchumann na nOibrithe Poist i mBaile Átha an Rí i 1935, tráth a raibh Clune anois ina mháistir poist i dTuaim Dhá Ghualainn.
Ní feasach cén tóir a bhí ag a mhac M.A. ar an teanga. Ba Melice (Maelíosa seans?) an t-ainm ceart a bhí air siúd, ach ba iad na hinisealacha a d’úsáid sé ina chuid scríbhneoireachta – foilsíodh scéalta bleachtaireachta dá chuid freisin.
Fiú tar éis don chlann cur fúthu i dTuaim ba mhinic muintir le muintir Mhic Clúin cuairteanna a thabhairt ar Inis Bó Finne. Lean Maelíosa ceird a athar agus bhí fostaithe ag an bPost i mBleá Cliath, ach ní bhíodh uaidh féin ná óna chlann ach an leithscéal de dul chun an oileáin.
Am ar bith a mbíodh fuireach calaidh ar an bpobal ansiúd, go háirithe aimsir na Nollag, a d’eagraigh M.A bealaí le soláthairtí a chur chucu agus nuair a hosclaíodh Lárionad Tumadóireachta Inis Bó Finne ba é a fuair an onóir sin a sheoladh.
Maireann an ceangal i gcónaí. Is mac de chuid údar na hirise Connacht Triumphs é Michael T. Clune atá ina chathaoirleach ar an eagraíocht The Irish American Partnership. Bunaíodh sin i 1986 agus tá $57 milliún deonaithe ó shin acu ar mhaithe le deiseanna oideachas a chur ar fáil d’óige na tíre seo.
Tá 650 ionad oideachais in Éirinn gaibhte i dtairbhe a gcuid gnaíúlachta – Scoil Náisiúnta Inis Bó Fine ar cheann acu.
Fág freagra ar '‘Connacht Triumphs’ – éachtaint iontach ar ré eile'