Níor theastaigh uaim léamh faoin néaltrú, ach tá mé sásta gur tugadh an leabhar seo dom

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá sólás, faoiseamh agus lón machnaimh sna leabhair faoin néaltrú agus faoi ghalar Alzheimer, agus tá raidhse acu ar fáil

Níor theastaigh uaim léamh faoin néaltrú, ach tá mé sásta gur tugadh an leabhar seo dom

Tamall tar éis dúinn a fháil amach go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair rinne mé cinneadh nach léifinn faoin ábhar ach an méid a theastódh chun na fíricí a thuiscint: na bileoga eolais a thug an lucht leighis dúinn, go bunúsach.

Bhí tionchar chomh mór sin ag néaltrú mo mháthar ar mo shaol féin gur mhothaigh mé gur ghá srian a chur leis an tseilbh a ghlacfadh an scéal sin ar m’aigne agus ar mo chuid ama. Ar an gcúis chéanna, shocraigh mé nach scríobhfainn faoin ábhar ach san aon áit amháin: sa tsraith colún Cuimhne agus Dearmadar an suíomh seo.

Ar an gcaoi sin, chuir mé an galar ar coraintín: ní thruailleodh sé mo chuid léitheoireachta ná mo chuid scríbhneoireachta.

Is ea, tuigim gurb é an meon lochtach sin – gur galar ‘tógálach’ é an néaltrú – an chúis go mbíonn faitíos go minic ar dhaoine roimh dhaoine a bhfuil sé orthu, agus gur cuid é sin den chúis go ndéantar dearmad agus leatrom ar na daoine sin: an rud nach bhfeicimid toisc go bhfuil sé curtha in ionad cúraim againn, ní chránn sé muid, mar shochaí. Ach ní hionann ábhar a sheachaint le teann féinchosanta agus neamhshuim.

Ach ní thuigeann mo chairde go ndéanaim iarracht srian a choinneáil leis an tseilbh a ghlacann galar mo mháthar ar mo shaol agus tugann siad leabhair faoin ábhar dom mar bhronntanas. An lá cheana, shiúil cara de chuid mo mham isteach an doras agus sé cinn de leabhair faoin néaltrú ina baclainn aici. Bean í sin a chuirfidh glaoch i gceann cúpla seachtain chun fiafraí díom céard a cheap mé díobh, agus le teann éadóchais phioc mé amach an ceann ba lú a chuir masmas orm agus thosaigh á léamh.

Níor leag mé uaim What Dementia Teaches Us About Love le Nicci Gerrard go dtí go raibh sé críochnaithe agam agus ansin theastaigh uaim a bheith liom féin agus i mo thost ar feadh tamall fada. Cuntas pearsanta atá sa leabhar sin go pointe – bhí Alzheimer ar athair Gerrard agus cíorann sí, ní hamháin a scéal siúd ach an tionchar a bhí ag an ngalar ar a saol féin – ach leathnaíonn sí an scéal amach go scála na sochaí: céard is féidir linn a dhéanamh chun aire níos fearr – níos daonna – a thabhairt dóibh siúd inár measc a dtagann an néaltrú orthu? Lón machnaimh dúinn ar fad.

Lón machnaimh dom féin a bhí san fhaoiseamh a thug sé dom cuntas ‘comhíobartaigh’ a léamh; scéal duine ar fhág an galar a tháinig ar dhuine dá tuismitheoirí lorg chomh mór sin ar a saol féin. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin oiread iontais orm, ar ndóigh: síos tríd na blianta, is iomaí duine a léigh mo chuid colún féin faoin ábhar ar an suíomh seo a chuir nótaí beaga chugam chun a rá liom gur thug siad sólás dóibh.

Níor rith sé liom go dtí gur léigh mé leabhar Gerrard go raibh an cineál céanna sóláis ag teastáil uaim féin.

Fág freagra ar 'Níor theastaigh uaim léamh faoin néaltrú, ach tá mé sásta gur tugadh an leabhar seo dom'