Agus aird an tsaoil mhóir faoi láthair ar an gcogadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ar fud an domhain, tá an cor is cinniúnaí tarlaithe sa chogadh san Úcráin agus tús curtha le cainteanna faoi shos cogaidh.
Gan amhras tharla rudaí suntasacha ar láithreacha cogaidh na hÚcráine ó tháinig Donal Trump i gcumhacht ach is suntasaí fós a bhfuil tarlaithe maidir le cainteanna idir na páirtithe.
Beidh dul chun cinn na gcainteanna seo níos tábhachtaí ná aon rud eile a tharlóidh ar an talamh sa cogadh as seo amach.
Idir an dá linn, tá an cogadh fós ag dul ar aghaidh.
D’éirigh leis na Rúisigh na hÚcránaigh a dhíbirt ó chúige Kursk sa Rúis, áit inar chaill an Úcráin sciar maith den trealamh is éifeachtaí a fuair siad ó thíortha an iarthair. Rinne na hÚcránaigh ruathar eile isteach i gcúige Belgorod sa Rúis ach is deacair a shamhlú nach mbeidh an toradh céanna air seo agus a bhí ar na ruathair isteach in Kursk.
Níor éirigh leis na Rúisigh mórán dul chun cinn a dhéanamh sna láithreacha cogaidh eile i rith an gheimhridh, ach tá méadú tagtha ar líon na n-ionsaithe a sheol siad le déanaí. Cuirfear leis na hionsaithe seo le teacht an earraigh agus i ndiaidh an fheachtais chun na hÚcránaigh a ruaigeadh as Kursk.
Cainteanna
Ach oiread leis an gcogadh, níl cúrsaí ag dul chomh maith sin don Úcráin sna cainteanna síochána. Ar an gcéad dul síos, ghlac na Meiriceánaigh le chuid d’éilimh na Rúiseach go luath sa phróiseas gan mórán plé agus, de réir dealraimh, gan mórán deacrachtaí.
Ghlac siad leis an éileamh nach mbeadh an Úcráin mar bhallstát de NATO agus go tobann ina dhiaidh sin ghlac siad leis nach bhfaigheadh an Úcráin barántas slándála tar éis aon sos cogaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Sular cuireadh tús leis na cainteanna, dúirt an tUachtarán Donald Trump nach gcaithfí leis an Úcráin mar chomhpháirtí comhionann agus sin mar a tharla.
Mhaígh na Meiriceánaigh go gcaithfidh na hÚcránaigh na críocha gafa a ghéilleadh. Cé go nglacann na hÚcránaigh le fírinne an scéil nach mbeidh siad in ann iad a athghabháil am ar bith go luath, ceapann siad go bhfuil an baol ann go dtabharfaidh na Meiriceánaigh ar a laghad aitheantas don Chrimé mar chuid den Rúis.
Chun brú a chur ar na hÚcránaigh glacadh leis an sos cogaidh sealadach choinnigh na Meiriceánaigh siar faisnéis mhíleata ar feadh cúpla lá, rud a thug cabhair do na Rúisigh ina n-iarrachtaí na hÚcránaigh a dhíbirt ó Kursk. Go luath i ndiaidh chinneadh na Meiriceánach, ghlac na hÚcránaigh leis an sos cogaidh gan choinníoll.
Cur chuige na Rúise
Ach chun go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm, caithfidh an dá thaobh sa choimhlint glacadh leis. Is léir go bhfuil na Rúisigh ag tarraingt na gcos sna cainteanna toisc go dtuigeann siad nach bhfuil fonn ar bith ar na Meiriceánaigh a gcuid míreanna margántaíochta a úsáid chun brú a chur orthu. Tuigeann siad chomh maith go bhfuil drogall orthu, fiú na cinn is laige atá acu a úsáid.
D’fhógair na Rúisigh go raibh siad sásta glacadh le sos cogaidh teoranta san aer agus gan áiseanna giniúna cumhachta san Úcráin a ionsaí. Ach in ainneoin an chomhaontaithe seo, scaoil siad, ar an meán, thart ar 150 drón ionsaithe le cathracha na hÚcráine gach lá den mhí i ndiadh thús na gcainteanna leis na Meiriceánaigh. Ní raibh ach thart ar 100 drón á seoladh acu ar an meán gach lá sa mhí díreach roimh na cainteanna.
D’fhógair siad freisin go nglacfadh siad le sos cogaidh ar an Muir Dhubh dá bhfaigheadh siad faoiseamh ó roinnt de na smachtbhannaí. Ach arís tá siad tar éis diúracáin a scaoileadh ó roinnt long ar an Muir Dhubh ar chathracha agus bailte le coicís anuas. Cé nach bhfuil faoiseamh faighte acu ó chuid de na smachtbhannaí go fóill, tuairiscítear nach bhfuil na Meiriceánaigh á gcur i bhfeidhm chomh dian agus a bhí siad roimhe seo.
Idir dhá thine Bhealtaine
Is léir gurb é an cur chuige atá beartaithe ag na Meiriceánaigh an brú is mó is féidir a chur ar na hÚcránaigh agus géilleadh do na Rúisigh a oiread agus is féidir leo. Ach tá an cur chuige seo lochtach toisc go bhfuil sé ag teacht salach ar aidhm Mheiriceá socrú a bhaint amach maidir le sos cogaidh.
Chomh fada agus atá siad sásta géilleadh d’éilimh na Rúise, ní bheidh aon aon chúis ag an Rúis glacadh le sos cogaidh. Tá an chuma ar chúrsaí gach uair a nglacann na Meiriceánaigh le héilimh na Rúise go gcuireann siadsan coinníollacha nua leis na cainteanna, agus chomh fada agus atá an cead acu é seo a dhéanamh, beidh an lámh in uachtar acu.
Tá straitéis na Rúise bunaithe ar chluain a chur ar na Meiriceánaigh a oiread agus is féidir, ní hamháin chun na buntáistí is mó a bhaint amach ach chun a léiriú dóibh ag an am céanna go bhfuil suim acu teacht ar chomhaontú.
Níl an dara rogha ag na hÚcránaigh ach a dtír a chosaint agus talamh slán a dhéanamh de go bhfuil na Meiriceánaigh ag feidhmiú mar eadránaí macánta sna cainteanna leis na Rúisigh. Ach tá roinnt comharthaí ann nach ionann an dearcadh seo maidir leis na Meiriceánaigh ach comhairle in aice le do thoil.
Carraig
Maidin inné, Domhnach na Pailme, bhuamáil Putin Cathair Sumy.
Maraíodh 34 ar fad, mná agus páistí ina measc.
Bhí cuid mhór acu ag déanamh ar an eaglais ar an lá beannaithe sin.
Thug Trump ‘botún’ ar an ár seo.
‘Botún’.
Tá greim píobáin ag Putin ar an Úcráin AGUS ar Trump.
Dúirt ceannaire na Polainne gur
‘ag magadh’ faoi Trump atá Putin.
Sé sin le rá go bhfuil Uachtarán Mheirice ina bhaileabhair aige.
Ach géarófar ar na cainteanna síochána aríst, ar bhonn práinne, go luath.