Easaontas idir an Chéad agus leas Chéad Aire in Stormont. Gaeilge, timpeallacht, Páirc Mhic Easmuinn, luach ar airgead agus nósanna riartha sa bhFeidhmeannas imeasc na gceist atá ag cothú teannais idir Sinn Féin agus an DUP.
Míshuaimhneas i measc an phobail náisiúnaigh freisin mar ba léir nuair a cinneadh go gcaithfí a dhul i mbun feachtas sráide ag éileamh go gcuirfear dlús le tógáil na staide i bPáirc Mhic Easmuinn.
Díol suntais is ea an t-athrú ar an atmaisféar in Stormont le cúpla seachtain anuas. Má bhí teannas ann cheana, agus chuile sheans go raibh, ní raibh sé chomh poiblí is atá anois.
Nuair a rinne Emma little Pengelly, an leas Chéad Aire ón DUP dian cháineadh ar Aire Bonneagair Shinn Féin, Liz Kimmins faoin a fógra go gcuirfí comharthaíocht Ghaeilge san lár-stáisiún iompair i mBéal Feirste ghlac an Chéad Aire go réchúiseach leis. Dúirt an Leaschéad Aire gur sháraigh an tAire Kimmins na rialacha, go ndearna sí cinneadh gan dealramh agus go mbeadh an chomharthaíocht dátheangach róchostasach nuair ata ganntanas airgid ar Stormont. Chosain Michelle O’Neill a comhghleacaí ach dúirt, gan ghoimh, go bhféadfadh daoine malairt tuairime a bheith acu agus go bpléifí an cheist.
Níorbh amhlaidh an scéal seachtain níos deireanaí nuair nár aontaigh an dá pháirtí faoi Choimisinéir a cheapadh chun déileáil leis an ngéarchéim aeráide. Bhí an DUP ina choinne ag maíomh nach raibh an Feidhmeannas in acmhainn an t-airgead (£1 milliún) a chaitheamh agus go raibh córas ann cheana féin chun an cheist a bhainistiú. Bhí loscadh sléibhe ag réabadh tríd na Beanna Boirche, na Speiríní agus an Sliabh Dubh i mBéal Feirste ag an am agus na páirtithe eile oibrithe faoin éigeandáil is ag éileamh gnímh. Ritheadh an rún le móramh mór. Nuair a bhunófar oifig an Choimisinéara beidh feitheoireacht ar gach roinn i measc na ndualgais chun a chinntiú nach ndéanfar díobháil don timpeallacht.
Sa gcás seo thréig an Chéad-Aire an réchúis. Níor chuir Michelle O’Neill fiacail ina cáineadh, í ag cur faillí ina ndualgas i leith an DUP. Dúirt sí gur nocht siad meon go raibh an domhan cearnach. Dhiúltaigh sí as éadan don argóint faoin gcostas. Bheadh costas uafásach ar easpa gnímh, ar sí – a thuilleadh tuillte, bás loch nEachach agus dúshláin mhóra don bpobal.
Céard ba chúis leis an gcur chuige trodach nua? Seans gurb é mí-shasamh a lucht leanúna. Bhí sioscadh i gcoirnéil le roinnt míonna anuas go raibh cead a gcinn á thabhairt ag Sinn Féin don DUP. Bhí roinnt níos géire agus iad ag rá go raibh beithé á ndéanamh de Shinn Féin ag an DUP. Bhí ceist na Gaeilge, cúrsaí oideachais agus moill ar straitéis in aghaidh an bhochtanais i measc na ngearán ach ba é tarraingt na gcos maidir le Páirc Mhic Easmuinn is mó a spréach daoine.
Nuair a d’eagraigh lucht tacaíochta Chumann Lúthchleas Gael i gcontae Aontroma léirsiú agóide faoin gceist maidin inné – roimh an gcluiche in aghaidh Ard Mhacha i bPáirc Uí Choragáin – ba é ‘maith iad’ an freagra ba choitianta. Is iomaí duine a mhaígh go raibh sé thar am brú a chur ar an Aire Pobal Gordon Lyons agus ar rialtas na Breataine. Bhí roinnt ag fiafraigh céard is fiú Stormont a bheith ann ar chor ar bith mura mbeidh cothrom na féinne le fáil. Cuireadh an plean i bhfeidhm maidir leis na staideanna rugbaí agus sacair tamall fada ó shin ach tá Páirc Mhic Easmuinn tréigthe dearóil le breis is deich mbliana.
Tá míshuaimhneas sa DUP freisin, iad ag faire thar a ngualainn ar an TUV an t-am ar fad. Tugann an TUV ‘géilleadh do phoblaachtánaigh’ ar bheart tras-phobail ar bith a nglacann an DUP leis. Is é Timothy Gaston, an t-aon Teachta Tionóil atá ag an TUV, fear a comhthoghadh i gcomharbacht ar Jim Allister nuair a fuair seisean suíochán in Westminster. Ba é Gaston a shéid faoin achrann maidir leis an gcomharthaíocht Ghaeilge i stáisiún Grand Central. Lean an DUP é mar is dual dóibh, iad imníoch faoin mbaol ón mionpháirtí sa chéad thoghchán eile i gceann dhá bhliain.
An gciallaíonn an mhíshocracht reatha go bhfuil baol ann go dtitfidh Stormont? Caolseans. Níl buntáiste le baint ag ceachtar den dá pháirtí as siúl amach arís. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go mbeidh an saol sách corrach don bhliain seo romhainn agus is fánach an chaoi a dtarlódh timpiste.
Paul Laughlin
‘Bhí roinnt ag fiafraigh céard is fiú Stormont a bheith ann ar chor ar bith mura mbeidh cothrom na féinne le fáil’. Sin í an cheist agus tá an freagra céanna againn arís is arís eile. Ní mar a chéile iad ‘athmhuintearas’ agus comhionannas sna Sé Chontae
KH
‘The Irish language in our time tends to be associated exclusively with a single religious and political tradition. However, at different stages, the language has been spoken by members of every possible form of Christianity in Ireland and Scotland, a pagan warrior society, subsistance farmers, royalists and republicans.’
-Aodán Mac Póilín – Our Tangled Speech