Níl an fíorchostas a bhaineann le tús dhara ré Trump feicthe fós

Is iomaí maíomh a rinne Donald Trump sa gcéad 100 lá aige ach níl toradh a chinntí againn go fóill

Níl an fíorchostas a bhaineann le tús dhara ré Trump feicthe fós

Is é Franklin Delano Roosevelt nuair a toghadh é den chéad uair i lár an chéid seo caite a thosaigh an nós go dtabharfaí breithiúnas ar Uachtaráin na Stát Aontaithe bunaithe ar an gcéad 100 lá acu in oifig.

Theastaigh ó Roosevelt go dtabharfaí breithiúnas ar a chuid iarrachtaí dul i ngleic leis an Spealadh Mór. De bharr é a bheith as a shláinte freisin agus fadhbanna siúil aige bhí seifteanna bolscaireachta go leor a chum sé le haird an phobail a choinneáil ar a chuid oibre seachas ar a chuid cos.

Ó shin i leith déantar scéal mór den bhreithiúnas chéanna – an chéad 100 lá in oifig – agus an bhfuil an tUachtarán ag comhlíonadh na ngeallúintí a thug sé le linn an fheachtais toghcháin. Bhain Donald Trump a chéad 100 lá dá dhara téarma amach an tseachtain seo.

Ní raibh aon Uachtarán riamh mar atá Donald Trump agus go deimhin ní raibh aon uachtaránacht riamh mar seo. Tá na scórtha ordú feidhmiúcháin sínithe aige lena chuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus cuid mhaith acu sin a bhfuil dúshlán dlí tugtha ina n-aghaidh. Tá sé ag iarraidh deireadh a chur le cearta atá lárnach i bhfealsúnacht na Stát Aontaithe agus deireadh a chur le maoiniú stáit do scoileanna agus coláistí tríú leibhéal. Tá sin ar fad ar bun aige fad agus atá sé ag fearadh cogadh trádála ar an domhan mór agus go háirithe ar an tSín. Ach céard ar éirigh leis a dhéanamh le 100 lá anuas – corraíl agus éiginnteacht a chothú thar aon ní eile a déarfadh go leor.

Taraifí, dleachtanna, táillí custaim – is cuma céard a thugann tú orthu tá sraith cánacha nua le teacht i bhfeidhm ar earraí a bheidh ag teacht isteach sna Stáit Aontaithe sna míonna seo romhainn. Níl praghsanna ardaithe rómhór go fóill ach sna seachtainí agus na míonna seo romhainn feicfear tionchar na dtaraifí ar an méid a cheannaíonn gnáthphobal na Stát Aontaithe.

Is as an tSín a thagann go leor de na hearraí a dhíoltar i leithéidí Walmart, Costco agus Target agus nuair a ardóidh praghsanna sna siopaí sin is iad croílucht leanúna Trump is measa a bheidh buailte. Tá an rud céanna fíor faoi na daoine a bheidh buailte go dona ag ciorruithe Elon Musk agus DOGE. An cheist, cén fhad a fhanfaidh na daoine sin dílis do shoiscéal Trump.

Gheall sé go gcuirfeadh sé deireadh le cogadh na hÚcráine ar an gcéad lá in oifig dó agus d’fhógair sé ina óráid insealbhaithe go raibh tús curtha aige le ré órga na Stát Aontaithe. Cé go bhfuil sé ag obair ar chúrsaí na hÚcráine is beag tairbhe atá ansin dó i measc a lucht tacaíochta sa mbaile. Níl d’imní orthu faoin gcogaíocht san Úcráin ach an méid airgid a chosnaíonn sé. Thairis sin is ríchuma leo faoin gcogadh.

Tá an 100 lá caite mar sin agus é ag tabhairt faoin dara ráithe. As seo go ceann roinnt míonna a fheicfear an fíorchostas a bhaineann dáiríre leis an gcogadh trádála. Nuair a bheidh earraí níos costasaí agus pingineacha níos gainne ná riamh sna pócaí ag pobal Mheiriceá is ea a gheobhaidh muid léargas iomlán ar a ndílseacht dó agus ar an rath a bheidh ar MAGA sa bhfadtéarma.

Fág freagra ar 'Níl an fíorchostas a bhaineann le tús dhara ré Trump feicthe fós'