Tá spéis níos mó ná riamh léirithe i Kneecap ó thosaigh an chonspóid is déanaí faoin ngrúpa ceoil.
Tá cáineadh déanta ar an ngrúpa i Meiriceá agus sa mBreatain le cúpla seachtain anuas mar gheall ar an méid a deirtear atá ráite acu ag a gcuid ceolchoirmeacha ach tá na heachtraí sin agus an cáineadh tar éis cur le clú, nó míchlú, na rapálaithe Gaeilge.
Cé go bhfuil tacaíocht do mhuintir na Palaistíne léirithe go minic ag Kneecap le roinnt blianta anuas, tarraingíodh raic an mhí seo caite nuair a sheinn an grúpa ag an bhféile cheoil aitheanta Coachella thall i California.
Le linn na ceolchoirme ar an 18 Aibreán, teilgeadh íomhá ar stáitse inar dúradh: ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’. Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.
“F*** Israel; free Palestine,’ a dúradh ar íomhá eile.
Bhí Kneecap i mbéal an phobail roimhe seo agus a scannán san iomaíocht d’ainmniúchán do ghradam Oscar ach léiríonn anailís ar an uirlis Google Trends, a thugann eolas ar cé chomh coitianta a ndéantar cuardach ar leith ar Google, go raibh cuardaigh ar Kneecap níos coitianta ar fud an domhain an tseachtain seo nár mar a bhí ag aon am eile.
Rinneadh cáineadh láidir ar theachtaireacht Kneecap ag Coachella i gcuid de na meáin i Meiriceá agus an impresario siamsaíochta cáiliúil Sharon Osbourne ina measc siúd a dúirt gur cheart víosaí oibre Meiriceánach Kneecap a chur ar ceal agus í ag áitiú go raibh siad ag spreagadh fuatha i dteachtaireachtaí “frith-Iosrael”.
Cé gur tháinig méadú ar líon na gcuardach a rinneadh ar an ngrúpa tar éis dóibh seinm ag Coachella den chéad uair ar an 11 Aibreán, tháinig ardú as cuimse ar líon na gcuardach an tseachtain i ndiaidh an dara ceolchoirm ar an 18 Aibreán.
Cé nach dtaispeánann Google Trends go díreach líon na gcuardach a rinneadh ar fhocal nó frása, tugtar léargas ar cé chomh coitianta is a bhíonncuardach ar leith thar thréimhse ama.
Ar an 21 Aibreán a rinneadh an líon is mó cuardach ar Kneecap i Meiriceá le 30 lá anuas, an lá ar pléadh ceolchoirm an ghrúpa ar an stáisiún teilifíse Fox News.
Suimiúil go leor, is mó spéis a léiríodh i Kneecap in Washington DC le mí anuas ná in aon áit eile i Meiriceá, de réir Google Trends. Ba sa District of Colombia, mar a bhfuil Washington DC, ba choitianta ag daoine cuardach a dhéanamh ar Kneecap de réir liosta atá leagtha amach de réir réigiúin. Nua-Eabhrac a bhí sa dara háit agus Massachusetts a bhí sa tríú háit.
Bhí cuardaigh ar Kneecap níos coitianta in Éirinn le cúpla seachtain anuas ná mar a bhí ag aon phointe roimhe seo chomh maith agus tháinig ardú as cuimse ar choitiantacht na gcuardach in Iosrael an tseachtain seo caite.
I Sasana, bhí cuardaigh ar Kneecap trí oiread níos coitianta ná mar a bhí an tseachtain roimhe sin fiú.
D’fhógair póilíní frithsceimhlitheoireachta sa mBreatain inné go raibh siad chun fiosrúchán a dhéanamh faoi ráitis de chuid an ghrúpa ag ceolchoirmeacha le cúpla bliain anuas. I bhfíseán amháin, dealraíonn sé gur léiríodh tacaíocht do Hamas agus Hezbollah – gníomh atá in aghaidh an dlí sa Ríocht Aontaithe – ach tá sé séanta ag Kneecap go dtacaíonn siad leis na grúpaí sin.
Rinneadh plé faoi chonspóid Kneecap in Westminster i rith na seachtaine chomh maith agus cáineadh déanta arís ar an ngrúpa as mír ó fhíseán eile ina ndealraíonn sé gur dúradh ar stáitse “Maraigh do MP áitiúil”. Ghabh an grúpa leithscéal le cúpla lá anuas le muintir bheirt fheisirí parlaiminte a maraíodh i Sasana le roinnt blianta anuas agus dúradar nach ndéanfadh siad iarracht foréigean a spreagadh go deo.
Deir Kneecap go bhfuil feachtas eagraithe ar bun ar mhaithe le míchlú a tharraingt orthu agus in iarracht aird a tharraingt óna seasamh ar son mhuintir na Palaistíne agus in aghaidh an chinedhíothaithe in Gaza.
Gabriel Rosenstock
“D’fhógair póilíní frithsceimhlitheoireachta sa mBreatain inné go raibh siad chun fiosrúchán a dhéanamh faoi ráitis de chuid an ghrúpa ag ceolchoirmeacha le cúpla bliain anuas.”
Ba chóir do na póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain fiosrúchán a dhéanamh faoin sceimhlitheoireacht atá déanta ag an mBreatain féin in áiteanna ar nós Gaza, nó/agus an cúnamh
a thugann siad don chinedhíothú atá ag tarlú ann.