DNA Gaelach a bhí ag leath de mhuintir na hÍoslainne míle bliain ó shin

NOD DON EOLAÍ: Tá lorg Gaelach fós in DNA mhuintir na hÍoslainne, ach tá níos lú den ghéin Ghaelach i measc bhunadh na tíre sin ná mar a bhí míle bliain ó shin

DNA Gaelach a bhí ag leath de mhuintir na hÍoslainne míle bliain ó shin

Chuir daoine ón Iorua, ón Bhreatain agus ó Éirinn fúthu san Íoslainn sna meánaoiseanna agus de réir taighde géineolaíochta nua a foilsíodh san eagrán is déanaí den iris Science, bhí oidhreacht Ghaelach ag leath díobh agus oidhreacht na Lochlannach a bhí ag na coilínigh eile.

De réir foinsí stairiúla chuir na Lochlannaigh fúthu san Íoslainn idir an bhliain 870 agus an bhliain 930. Tuigtear gur tháinig na Lochlannaigh sin ón Iorua, ó Albain agus as Éirinn.

Síltear go raibh idir 8,000 agus 15,000 coilíneach san iomlán ansin. Ní dheachaigh daonra na hÍoslainne i méid go dtí 1850. Ina dhiaidh sin tháinig borradh tobann faoin daonra agus anois tá 330,000 ag cur fúthu ar an oileán.

Chun oidhreacht na gcoilíneach a fháil amach rinne foireann, atá bunaithe in Ollscoil na hÍoslainne faoi stiúir Sunna Ebeneserdóttir, anailís ar DNA ó 35 cnámharlach a fuarthas in uaigheanna ar fud na hÍoslainne. Fuair na daoine seo bás thart ar an bhliain 900 agus síltear go raibh siad ar chuid den chéad glúin a chuir fúthu san Íoslainn. D’éirigh leis na taighdeoirí DNA ársa a fháil as gach cnámharlach agus an seicheamh DNA a aimsiú as 27 acu.

Nuair a rinneadh comparáid idir seicheamh DNA ársa na 27 coilíneach agus DNA daoine an lae inniu i dtíortha ar fud na hEorpa bhí sé soiléir go raibh dhá oidhreacht i gceist. Bhí DNA ‘Gaelach’ ag leath díobh – leaganacha DNA atá le fáil in Éirinn agus in Alban sa lá atá inniu ann. Bhí DNA ‘Lochlannach’ – leaganacha DNA atá le fáil san Iorua sa lá atá inniu ann – ag an leath eile.

Ciallaíonn sé seo go raibh oidhreacht Ghaelach ag leath de na daoine a chuir fúthu san Íoslainn níos mó ná míle bliain ó shin, nuair a leaindeáil na Lochlannaigh agus a gcomhghleacaithe ansin den chéad uair. 

Chun fáil amach an bhfuil an ghéinoidhreacht sin le feiceáil in DNA bhunadh na hÍoslainne sa lá atá inniu ann, rinneadh comparáid idir an seicheamh DNA ársa agus seicheamh DNA daoine atá ina mbeatha.

Tá an lorg Gaelach le feiceáil go fóill ach tá athrú i ndiaidh a theacht ar an scéal. Tá níos lú leaganacha Gaelacha i measc bhunadh na hÍoslainne sa lá atá inniu ann ná mar a bhí i measc na gcéad choilíneach. Tá 25% den DNA ‘Gaelach’ agus tá lorg na Lochlannach ar bheagnach 75% den DNA i measc na ndaoine atá ann inniu.

Ní fios cad é ba chúis leis an athrú seo. Go minic bíonn laghdú i ngéinéagsúlacht an daonra i gcríocha iargúlta. Fánaíocht ghéiniteach a thugtar ar an laghdú seo sa ghéinéagsúlacht. Ní hamháin go raibh an Íoslainn féin iargúlta ach bhí pobail éagsúla an oileáin scaipthe amach óna chéile fosta. Dá bharr sin tá seans maith ann gur de thaisme a d’athraigh an líon DNA Gaelach i ndaonra na Íoslainne.

Cén sórt daoine ab ea na Gaeil seo a chuaigh ó thuaidh nó a tugadh ann? Síltear gur sclábhaithe a bhí i gcuid acu, ach níl freagra na ceiste sin le fáil ón DNA.

Fág freagra ar 'DNA Gaelach a bhí ag leath de mhuintir na hÍoslainne míle bliain ó shin'

  • Tash

    Alt an-shuimiúil, ach cén fáth ná fuil naisc ann don alt insan iris Science?

  • Rossa

    Nach bhfuil sé aithinnte go stairiúil gur tháinig Lochlannaigh na h-íoslainne go h-oileáin na h-Éireann chun mná a ghoid le bheith ina mhná céile/sclábhaithe ag na lochlannaigh úd. Tá sé scríofa go dtarla seo i mBeann Éadair sa bhlisin 821
    https://www.historyireland.com/medieval-history-pre-1500/the-viking-slave-trade-entrepreneurs-or-heathen-slavers/
    Cúis: ón méid atá cloiste agam Ní bhfaighfeadh ach an buachaill Lochlannach is sinne sa chlann maoin agus taillte uile na clainne agus dá bharr bheadh ar an chuid eile dul amach agus tíortha eile ar nós Éire a rannsú le go mbeidís in ann taillte a cheannach agus clann a thógáil. Nuair a dtáinig siad ar an Íoslann, is cosúil nach raibh éinne ins chónaí ann agus dá réir lonnaigh mórán ann, Agus nach bhfuil sé ráite nach raibh éinne ina gcónaí ann. An t-aon rud a bhí in eadnamh ar na fir lochlannach mar sin ná mná. Dá réir ní óir amháin a bhí yaidh na Lochlannaigh in Éireann ach mná leis.
    Scéal mór le rá é seo i mBéaloideas na n-íoslannach ná scéal Melkorka an bhanfhlaith Gaelach sr sciobdfh dtín Íoslann.
    https://en.m.wikipedia.org/wiki/Melkorka