Dlús le cur le hagóid faoi aersheirbhís Árann

Iarrfaidh ionadaithe ó Oileáin Árann ar Aire Stáit na Gaeltachta amárach gan dul chun cinn leis an tseirbhís héileacaptair

helicopter-3-1310424-1279x886

Meastar go mbeidh na céadta duine ag léirsiú lasmuigh d’oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha tráthnóna amárach fad is atá ionadaithe ó Oileáin Árann i mbun cruinniú le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh agus oifigigh shinsearacha de chuid na Roinne faoin gconradh aerthaistil go hÁrainn.

Tá cuireadh tugtha do phobal Árann agus dá lucht tacaíochta bailiú le chéile ag ‘preasagallamh’ in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha ag a trí a chlog agus tá i gceist go rachaidh an slua trasna an bhóthair chuig ceannáras Roinn na Gaeltachta lena dtacaíocht a léiriú dá n-urlabhraithe agus iad ag casadh leis an Aire.

D’fhreastail céatadán suntasach de phobal trí oileán Árann ar chruinnithe poiblí aréir le plé a dhéanamh ar an gcinneadh an conradh aerthaistil a bhíodh roimhe seo ag Aer Arann a thairiscint do Executive Helicopters Ltd.

Tá na hoileánaigh míshásta gur héileacaptar seachas eitleán atá beartaithe le haghaidh na seirbhíse agus gur as Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh seachas Aerfort na Minne in Indreabhán a rithfear an tseirbhís. Iarrfaidh urlabhraithe na n-oileánach ar an Aire Stáit Gaeltachta amárach gan dul chun cinn le síneadh an chonartha agus tús a chur le próiseas úrnua tairisceana.

Dhiúltaigh urlabhraí ó Executive Helicopters Ltd aon eolas a chur ar fáil do Tuairisc.ie inniu agus dúradh go raibh cosc orthu aon phlé poiblí a dhéanamh ar an gcás go dtí go mbeadh an conradh sínithe. Níl aon fhógra déanta fós faoi cén costas a bheidh ar na ticéid don tseirbhís nua ná cé chomh minic agus a bheidh eitiltí ar fáil.

Cé gurb é an tAire Stáit Joe McHugh a d’fhógair an cinneadh faoin gconradh, dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie gurbh iad an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) a d’eagraigh an próiseas faoinar roghnaíodh an Comhlacht Executive Helicopters Ltd. an tseirbhís a chur ar fáil agus gur cheart ‘aon cheist maidir leis an bpróiseas sin a chur ar an Oifig um Sholáthar Rialtais’.

Ach níl an oifig sin sásta an cás a phlé ach an oiread. Dúradh i ráiteas a seoladh chuig Tuairisc.ie nach raibh ‘conradh ar bith curtha i gcrích ag an bpointe seo leis an tairgeoir ar éirigh leis’. Ó tharla nach bhfuil an próiseas curtha i gcrích go hiomlán, dúradh nach mbeadh sé ‘cuí go ndéanfadh an Oifig um Sholáthar Rialtais ráiteas ar bith’.

Meastar go bhfuil sé beartaithe an conradh a chur i gcrích an tseachtain seo chugainn ach nach gcuirfear tús leis an tseirbhís féin go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Dlús le cur le hagóid faoi aersheirbhís Árann'