Dlús curtha ag Roinn na Gaeltachta le bunú ‘Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin’ do na ranna stáit

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie, d’iarr an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta moltaí ar ionadaithe na Ranna eile ag deireadh na bliana seo caite

Dlús curtha ag Roinn na Gaeltachta le bunú ‘Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin’ do na ranna stáit

typing-296047_640

Tá dlús curtha ga Roinn na Gaeltachta le bunú seirbhís lárnach aistriúcháin agus plé ar siúl le roinnt míonna anuas leis na ranna rialtais eile faoi Sheirbhís Comhroinnte Aistriúcháin.

Aontaíodh ag cruinniú roimh Nollaig den Ghrúpa Idir-Rannach atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go nglacfaí le moltaí agus tuairimí na ranna rialtais ar fad i leith na seirbhíse nua.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá plé leanúnach ag dul ar aghaidh ar an gceist ón 23 Nollaig.

D’iarr an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta moltaí ar ionadaithe na Ranna eile ag deireadh na bliana seo caite. Chuir na ranna na moltaí ar ais chuig Roinn na Gaeltachta ó shin, ach bhí na moltaí ceilte sna cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht .

Dúirt Éamon Ó Cuív TD (FF) le Tuairisc.ie gur maith an rud é go bhfuil an t-ábhar á phlé ó tharla go bhfuil “teipthe glan” ar Rannóg an Aistriúcháin ina gcuid cúraimí agus go bhfuil siad “ag titim siar i gcónaí”.

“Bhí seirbhís aistriúcháin ann i Roinn na Gaeltachta a dhéanadh aistriú go príomha ar rialacháin agus ar na hionstraimí reachtúla ó Bhéarla go Gaeilge agus ón nGaeilge go Béarla de réir mar ba ghá.

“Ní hé sin le rá nár úsáideadh seirbhísí tráchtála freisin ach bhí an tseirbhís stáit ann le haghaidh gnóthaí stáit. Bheadh siad ag aistriú cáipéisí oifigiúla – ábhar a bhaineann le Comóradh 1916, mar shampla – agus d’fhágfaí aistriú na nAchtanna faoi chúram Rannóg an Aistriúcháin.”

Dúirt Ó Cuív nach raibh ag éirí le Rannóg an Aistriúcháin an obair ar fad atá anois orthu a chur i gcrích agus nár cheart aon chúram eile a chur orthu “go dtí go mbeireann siad orthu féin”.

Dearmad a bheadh ann, a deir Éamon Ó Cuív dá mbeadh baint ag an tseirbhís atá á moladh le teangacha eile seachas an Béarla agus an Ghaeilge.

“Tá an chosúlacht air go bhfuil cóimheas idir an Ghaeilge agus teangacha eile agus dearmad déanta go bhfuil dualgais ar leith ar an Stát i leith na Gaeilge. Tá dualgas soiléir reachtúil orthu agus tá go leor difríochtaí idir na riachtanais Ghaeilge agus riachtanais na dteangacha eile,” a dúirt an Teachta Ó Cuív le Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Dlús curtha ag Roinn na Gaeltachta le bunú ‘Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin’ do na ranna stáit'