Tá dlíodóir a throid cás stairiúil ar son cearta teanga na nGael ceaptha ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
Tá Caoilfhionn Gallagher, an t-abhcóide a throid cás mhuintir Margaret Keane inar éilíodh cead mana i nGaeilge a chur ar a leac uaighe i Sasana, ar dhuine den seisear ball nua a ceapadh chuig an Choimisiún an tseachtain seo.
Saineolaí ar chearta an duine go hidirnáisiúnta í Gallagher, arb as Baile Átha Cliath di, agus tá sí ina Rapporteur Speisialta maidir le cosaint leanaí ó thús na bliana.
Ag labhairt di ag an am faoi chás Margaret Keane, dúirt Gallagher gur sárú ar chearta an duine ab ea an cinneadh gan teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a cheadú ar leac chuimhneacháin.
I mí Feabhra 2021, cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana an cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Coventry.
Bua mór a bhí ann do mhuintir Margaret Keane, a bhásaigh in 2018, a bhí ag iarraidh ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar leac uaighe a máthar gan aon aistriúchán Béarla a bheith ag dul leis.
Níorbh aon iontas é, a dúirt sí, dá gceapfadh muintir Keane gurbh ionann an t-áitiú nach dtuigfí an Ghaeilge agus a rá ‘You’re in England, speak English’.
Bhí baint ag Caoilfhionn Gallagher le go leor cásanna móra a tháinig faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, na Náisiún Aontaithe agus binsí fiosrúcháin idirnáisiúnta eile.
An Teanga Bheo
Thar ama an dul chun cinn seo a leitheide de sheafóid ó udaráis na Breataine !