Diúltaithe ag an aisteoir John Connors agallamh a dhéanamh le clár de chuid an BBC mar gheall ar ‘disgusting mockery of the Irish language’

Deir an t-aisteoir, a bhain cáil amach ar leithéidí Love Hate agus Cardboard Gangsters, nach rachaidh sé go deo ar Nolan Live ar an BBC

Diúltaithe ag an aisteoir John Connors agallamh a dhéanamh le clár de chuid an BBC mar gheall ar ‘disgusting mockery of the Irish language’

Tá diúltaithe ag an aisteoir aitheanta John Connors agallamh a dhéanamh leis an gclár teilifíse Nolan Live mar gheall ar an dearcadh “déistineach” a deir sé atá ag láithreoir an chláir i leith na Gaeilge.

Ar Twitter a dhiúltaigh an t-aisteoir agus gníomhaí pobail, a bhain cáil amach ar leithéidí Love Hate agus Cardboard Gangsters, don chuireadh teacht ar an gclár Nolan Live ar an BBC chun labhairt faoina óráid ag na Gradaim IFTA a thuill go leor moladh dó mar gheall ar a mhacánta is a bhí sé faoina thaithí mar aisteoir agus duine den lucht siúil.

Thuill seasamh Connors go leor moladh agus tá an tvuít á scaipeadh go mear.

Ghuigh an ball foirne de chuid Nolan Live a thug an cuireadh do Connors teacht ar an gclár gach rath ar an aisteoir a bhuaigh an gradam IFTA don aisteoir is fearr an tseachtain seo caite.

a síniú curtha ag nach mór 7,500 duine le hachainí ar líne go ngabhfadh an láithreoir teilifíse aitheanta Stephen Nolan leithscéal poiblí as agallamh a rinne sé ar a chlár faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh.

Maíonn lucht na hachainí ar an suíomh change.org gur cheart do Nolan leithscéal a ghabháil as fiafraí arís agus arís eile ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell roinnt blianta ó shin agus é ag scigmhagadh faoin nGaeilge.