Nach mór 7,500 míle síniú ag achainí ar líne go ngabhfadh láithreoir ón BBC leithscéal faoi cheist ‘curry my yoghurt’

Maíonn lucht na hachainí ar líne gur cheart do Stephen Nolan leithscéal a ghabháil as fiafraí arís agus arís eile ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell mar scigmhagadh faoin nGaeilge

Nach mór 7,500 míle síniú ag achainí ar líne go ngabhfadh láithreoir ón BBC leithscéal faoi cheist ‘curry my yoghurt’

Tá a síniú curtha ag nach mór 7,500 duine le hachainí ar líne go ngabhfadh an láithreoir aitheanta de chuid an BBC leithscéal poiblí as agallamh a rinne sé ar a chlár faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh.

Maíonn lucht na hachainí ar an suíomh change.org gur cheart do Nolan leithscéal a ghabháil as fiafraí arís agus arís eile ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell roinnt blianta ó shin agus é ag scigmhagadh faoin nGaeilge.

Deir lucht na hachainí gur chuir ráiteas ‘maslach’ an pholaiteora de chuid an DUP déistin orthu nuair a dúirt sé é agus gur léirigh Stephen Nolan dímheas arís sa tslí ar tharraing sé chuige é agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donghaile faoi agallamh aige ar Nolan Live.

Maíonn lucht na hachainí gur measa ag Nolan é sin a dhéanamh agus conspóid mhór faoi láthair ann faoi cheist an achta Ghaeilge agus cearta phobal na Gaeilge.

I mí na Samhna 2014 cuireadh cosc lae ar Greogory Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireacht sa chomhthionól.

Tharraing a ráiteas cuid mhór conspóide.

Dúirt Campbell ag comhdháil an DUP cúpla seachtain ina dhiaidh sin nach raibh san acht Gaeilge don Tuaisceart ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’.

Ag Scoil Samhraidh Kennedy anuraidh, dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Ian Paisley Jr gur dócha gur chuir ráitis dhiúltacha an DUP faoin nGaeilge samhnas ar dhaoine ar mór acu an teanga.

Cuireadh ceist ar an bpolaiteoir sinsearach de chuid an DUP conas is dóigh leis a bhraitheann lucht páirte na Gaeilge faoin scigaithris a rinne Gregory Campbell i Stormont ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“I think it probably makes you feel sick to the core,” a dúirt Paisley agus é faoi agallamh ag an iriseoir agus údar Noel Whelan.

Fág freagra ar 'Nach mór 7,500 míle síniú ag achainí ar líne go ngabhfadh láithreoir ón BBC leithscéal faoi cheist ‘curry my yoghurt’'

  • Diarmuid Mac An Rí

    Mo náire go deo thú Gregory Campbell!

  • D

    Os cionn 10,000 duine tar éis é a shíniú!