Diúltaithe ag an Aire Givan casadh leis ‘An Dream Dearg’

Scríobh an grúpa feachtais chuig an Aire Pobal le cruinniú a lorg faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh. Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil sé i gceist ag an Aire casadh leo ar chor ar bith

Diúltaithe ag an Aire Givan casadh leis ‘An Dream Dearg’

Tá diúltaithe ag an Aire Paul Givan casadh le hionadaithe ón ngrúpa ‘An Dream Dearg’ atá i mbun feachtais faoi láthair le hAcht Gaeilge a bhaint amach ó thuaidh.

Scríobh an grúpa feachtais chuig an Aire Pobal an mhí seo caite, á cháineadh  as deireadh a chur leis an maoiniú do sparánachtaí Gaeilge faoin scéim ‘Líofa’ , agus iad ag lorg cruinniú leis le ceist na Gaeilge a phlé.

Bhí baill ‘An Dream Dearg’ i mbun léirsithe taobh amuigh d’oifig na Roinne Pobal i mBéal Feiste inné lena míshásamh faoi “theip na nÚdarás chun cearta phobal na Gaeilge a chosaint” ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Chuir ‘An Dream Dearg’ trí éileamh faoi bhráid an Aire ina litir: go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach, go bhforbrófaí córas “cuimsitheach” Gaelscolaíochta, agus go gcuirfí tuilleadh acmhainní ar fáil d’fhorbairt phobal na Gaeilge ó thuaidh. D’iarr an grúpa cruinniú ar an Aire “ar a luathchaoithiúlacht” leis na héilimh sin agus nithe eile a phlé.

D’fhreagair rúnaí an Aire Givan litir ‘An Dream Dearg’ dhá lá dhéag i ndiaidh a seolta agus thug le fios nach bhféadfadh an tAire casadh le hionadaithe ón ngrúpa mar gheall ar choinní eile atá ina dhialann faoi láthair aige.

Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa le Tuairisc.ie go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil sé i gceist ag an Aire Givan casadh leis ‘An Dream Dearg’ “inniu, amárach nó lá ar bith”.

D’eagraigh an Dream Dearg agóid taobh amuigh d’oifigí na Roinne coicís ó shin chun Acht Gaeilge a éileamh ón Rialtas. Tháinig ann don ghrúpa  ar na meáin shóisialta go luath i mbliana, nuair a tháinig sé chun solais nach raibh sé i gceist ag an Roinn Pobal na sparánachtaí Líofa a chur ar fáil in 2017.

Is as na hagóidí ‘Dearg le Fearg’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Conamara ag tús na bliana 2014 a ainmníodh an grúpa.

Tá a gcuid tacaíochta don fheachtas léirithe ag ceannairí fhormhór na bpáirtithe ó thuaidh. Tá teachtaireachtaí tacaíochta agus an íomhá an ghrúpa – ciorcal bán ar chúlra dearg – mar phictiúr próifíle ag leithéidí Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, Gerry Carroll, ionadaí de chuid PBP ó thuaidh, agus Naomi Long ón Alliance Party. Tá na dornálaithe Michael Conlan agus Paddy Barnes ina measc siúd atá ag tacú leis an bhfeachtas nua freisin.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Aire Givan casadh leis ‘An Dream Dearg’'