Díospóireacht oscailte faoi cheist na bhfuinneog i Seanscoil Sailearna

Chaill Comharchumann Sailearna airgead in 2022 ach faoi fhuinneoga na scoile is mó a bhí an chaint ag cruinniú bliantúil na scairshealbhóirí

Díospóireacht oscailte faoi cheist na bhfuinneog i Seanscoil Sailearna

Chaill Comharchumann Sailearna beagnach €250,000 sa mbliain 2022, ach níor dúradh aon cheo faoi sin ag an gCruinniú Bliantúil do na scairshealbhóirí an tseachtain seo i Seanscoil Sailearna, mar faoi fhuinneoga na seanscoile is mó a bhí an chaint.

Níor thagair duine ar bith don chaillteanas ach an tIniúchóír agus is faoi na fuinneoga a bhí an sárú is na ceisteanna á gcur.

Bhain an chuid is mó den chaillteanas leis an infheistíocht mhór – os cionn milliún go leith euro – a bhí ag Comharchumann Sailearna i gCiste Infheistíochta i Meiriceá. Thit luach na hinfheistíochta €137,630 le linn 2022. Sa bhreis air sin chaill an Comharchumann €82,824 ar thrádáil, rud a d’fhág easnamh iomlán de €220,454 don bhliain 2022.

Ach ní faoi sin a bhí daoine oibrithe ach faoin bplean atá ag an gComharchumann na fuinneoga agus na doirse adhmaid sa seanscoil a chaitheamh amach.

D’éirigh leis an gComharchumann maoiniú suntasach a aimsiú faoi scéim rialtais maidir le hallaí pobail a fheabhsú agus tá suim de €300,000 le caitheamh roimh lár mhí Eanáir.  Tá cuid den mhaoiniú le caitheamh ar chóras nua soilsithe agus córas nua fuaime a fheistiú san amharclann.

Tá an chuid eile, thart ar €100,000 ceaptar, le húsáid chun doirse is fuinneogaí PVC a chur in áit na gcinn atá ann, fuinneoga céadair (cedar), adhmad nach lobhann.

I láthair ag an gcruinniú bhí an té a rinne na fuinneoga, Breandán Ó Tuairisg, a bhí ina shaoiste ar scéim fostaíochta. Faoina stiúir rinneadh an tSeanscoil a athchóiriú le cúram. Níor ceannaíodh isteach na fuinneoga agus ba é Breandán Ó Tuairisg agus a chriú a rinne iad ar an múnla céanna is a bhíodh sa tSeanscoil an chéad lá, ach amháin gur úsáid siad cedar, le nach lobhfaidís thar am.

Ní mó ná sásta a bhí Breandán Ó Tuairisg leis an scéal go raibh maoiniú faighte leis na fuinneoga adhmaid a bhaint amach le fuinneoga PVC a chur isteach.

Dúirt an Cathaoirleach, Seán Ó Tuairisg, nach raibh sé socraithe fós go mbainfí na fuinneogaí adhmaid amach ach dúirt an Bainisteoir, Peigí Ní Chéidigh, go raibh. Sa deireadh th’éis roinnt mhaith cur is cúiteamh faoin gceist d’admhaigh an Rúnaí, Róisín Ní Chonfhaola nach raibh fhios aici faoin stair a bhain le déanamh na bhfuinneog agus gur chuid iad d’oidhreacht an cheantair. Gheall sí go ndéanfadh an Bord Stiúrtha athbhreithniú ar an gceist.

Maidir leis an infheistíocht i Meiriceá, a chaill go leor airgid i gcaitheamh na bliana 2022, deirtear sna nótaí leis na ráitis airgeadais, a cuireadh os comhair an chruinnithe: ‘D’infheistigh an Comharchumann €2,000,000 i gciste ilsócmhainní i gcomhar le Pershing Securities International Limited in Aibreán 2018. Tar éis luach iomlán na n-aistarraingtí go dtí seo, mar atá €660,000, a chur san áireamh, b’ionann luach margaidh na hinfheistíochta sin agus €1,393,562 amhail an 31 Nollaig 2022.’

Is ceart a rá go raibh bliain an-mhaith ag an infheistíocht sa mbliain 2021, nuair a tháinig méadú €184,442 ar a luach. In 2022 chaill an infheistíocht €137,630 dá luach.

Fág freagra ar 'Díospóireacht oscailte faoi cheist na bhfuinneog i Seanscoil Sailearna'

  • jpmorley0@gmail.com

    Seanscoil Sailearna nó Dáil Éireann atá i gceist anseo? Botún?
    Bhfuil sibh chun printer ollmhór a cheannach freisin & ballaí a leagan lena ainliú isteach?
    Nóta: cuir scéala chugam má “chaitear amach” na fuinneoga/doirse sin & rachaidh mé ag triall orthu. Ní ghearrfaidh mé aon ruainne oraibh.