Dúirt an Taoiseach Micheál Martin maidin inniu gur údar díomá dó an seasamh atá glactha ag an DUP maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann, agus gur cheart an pholaitíocht a chur ar leataobh agus teacht ar réiteach praiticiúil ar na deacrachtaí taobh istigh de struchtúr an chonartha.
Agus é faoi agallamh inniu ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, dúirt an Taoiseach gur díol imní é an méadú ar an teannas idir dílseoirí agus aontachtaithe maidir leis an bPrótacal agus an baghcat atá á dhéanamh ar chainteanna thuaidh/theas.
“Tá brón orm go bhfuil sé sin ráite ag an DUP, ní dóigh liom gur sin an tslí cheart chun déileáil leis an gceist seo. Bhí an DUP sásta i ndiaidh na Nollag, cé nach rabhadar sásta leis an bPrótacal, bhí siad sásta comhoibriú leis go praiticiúil.”
“Tá muid sásta comhoibriú le gach éinne chun nithe áirithe a bhfuil daoine buartha fúthu a phlé … Tá coiste ann chun rudaí a phlé agus fadhbanna a réiteach laistigh den Phrótacal agus ba chóir dúinn an coiste sin agus na bealaí sin a úsáid … Bhí an- chuid oibre déanta ag gach éinne ag díriú ar an gceist seo le cúpla bliain, níl fiú dhá mhí ann ó mhí Eanáir – ba chóir na bealaí atá ann laistigh den chonradh a úsáid, sin an rud is éifeachtaí i mo thuairimse.”
“Mar a dúirt mé cheana, caithfidh muid an teannas sin a ísliú…. Níl aon mhaitheas i bpolaitíocht den saghas sin i mo thuairimse. Tá dualgas orainn go léir an teannas a ísliú, teacht le chéile, na ceisteanna a phlé le chéile … caithfidh muid an pholaitíocht a chur ar leataobh agus déileáil leo i gcomhthéacs eacnamaíochta, sóisialta agus go praiticiúil.”
Dúirt an Taoiseach san agallamh céanna gur dóigh leis nach mbeidh cead oscailte ag tithe tábhairne nó bialanna go dtí lár an tsamhraidh. Na cineálacha nua den víreas is mó atá ag déanamh imní don Rialtas agus do lucht leighis faoi láthair agus ag athoscailt “an-mhall” a bheidh an stát dá bharr.
“Níl sé sin [athoscailt na dtithe tábhairne srl] i gceist againn roimh lár an tsamhraidh i mo thuairimse… an rud atá á rá ag na húdaráis sláinte poiblí go gcaithfidh muid an babhta [srianta] seo a thógáil go deireadh Aibreáin, machnamh a dhéanamh ar an scéal ansin, cinneadh a dhéanamh ansin faoi na míonna ina dhiaidh sin.”
Dúirt sé nach mbeadh mórán d’athrú ar chúrsaí má bhíonn líon na gcásanna fós ard.
“An imní is mó atá orainn [na] variants nua ag teacht ar an bhfód, mar b’fhéidir go gcuirfeadh siad isteach ar vacsaíní. Tá sé ciallmhar, mar sin, dul go mall [de réir] mar atá na vacsaíní ag teacht.”
Fág freagra ar 'Díomá ar an Taoiseach faoi sheasamh an DUP i leith Phrótacal an Tuaiscirt'