‘Díomá’ agus ‘ionadh’ ar Chearta Oideachais nár tugadh cuireadh chuig cruinniú Oireachtais dóibh

Pléifear ag an gcruinniú reachtaíocht nua oideachais a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil

‘Díomá’ agus ‘ionadh’ ar Chearta Oideachais nár tugadh cuireadh chuig cruinniú Oireachtais dóibh

Tá “díomá” agus “ionadh” ar an ngrúpa stocaireachta Cearta Oideachais nár tugadh aon chuireadh dóibh chuig cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais an Oideachais atá ar siúl Déardaoin.

Pléifear ag an gcruinniú reachtaíocht oideachais nua a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Chuir Cearta Oideachais, grúpa tuismitheoirí atá ag tógáil á gcuid páistí le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, aighneacht faoi bhráid Chathaoirleach an Choiste Oideachais, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Fiona O’Loughlin, i mí Mheán Fómhair.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Dúirt Siobhán Nic Gaoithín, urlabhraí ar son Chearta Oideachais go raibh “cosaint” á éileamh ag an ngrúpa tuismitheoirí do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge. “Faoi láthair tá áiteanna á ndiúltú i nGaelscoileanna do pháistí a bhfuil an Ghaeilge mar an teanga baile acu mar gheall ar ró-éileamh agus ní féidir glacadh leis seo,” a dúirt sí.

Thug urlabhraí Chearta Oideachais le fios gur gheall Cathaoirleach an Choiste Oireachtais don ghrúpa go dtabharfaí “cluas éisteachta” dóibh agus go mbeadh an Coiste Oideachais i dteagmháil leo.

“Níor tharla sin, áfach, agus is mór an t-ábhar díomá dúinn nach bhfuair muid cuireadh teacht os comhair an Chomhchoiste Oideachais Déardaoin nuair a bheas an Bille á phlé acu. Tá an próiseas seo in ainm is a bheith ionadaíoch agus ar oscailt do chách,” a dúirt Siobhán Nic Gaoithín. Dúirt sí go bhfuil éisteacht dhá bhomaite ón Chomhchoiste á lorg ag an Cearta Oideachais mar atá faighte ag “na grúpaí spéise eile”.

I measc na ngrúpaí a bhfuil cuireadh faighte acu cur i láthair a dhéanamh ag cruinniú na seachtaine seo faoin reachtaíocht nua tá Atheist Ireland, Educate Together, Education Equality, Gaeloideachas agus grúpaí creidimh.

Tá Cearta Oideachais fós i mbun iarrachta “cead cainte a fháil” ag an gcruinniú.

Tá aighneacht chuimsitheach ina moltar leasuithe ar an reachtaíocht nua á cur faoi bhráid ionadaithe poiblí ag an ngrúpa tuismitheoirí.

Níor luadh beag ná mór ceist an ghaeloideachais le linn díospóireacht sa Dáil faoin reachtaíocht nua an mhí seo caite.

Os cionn 20 Teachta Dála a labhair faoin mbille le linn na díospóireachta sin a mhair dhá lá sa Dáil agus cé gur thuill an reachtaíocht idir cháineadh agus mholadh, níor luaigh aon duine acu impleachtaí an bhille do scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Ní léir ach an oiread cén dearcadh atá ag mórpháirtithe an fhreasúra faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht nua.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton go n-achtófaí an bille nua, a d’fhoilsigh sé i mí Iúil, roimh Mheán Fómhair 2017 mar atá geallta i gclár an Rialtais.

Fág freagra ar '‘Díomá’ agus ‘ionadh’ ar Chearta Oideachais nár tugadh cuireadh chuig cruinniú Oireachtais dóibh'