Díoltas ar intinn ag Cora Finne agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh

Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint a i gcluiche ceannais peile na gclubanna tráthnóna nuair a thabharfaidh seaimpíní 2018 agus seaimpíní 2017 aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh

Díoltas ar intinn ag Cora Finne agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh

Daithí Casey agus Cathal Silke. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cora Finne v Na Crócaigh – Páirc an Chrócaigh, 3.45pm (Beo ar TG4)

Casfaidh an dá fhoireann peile is fearr sa tír ar a chéile nuair a thabharfaidh Cora Finne agus na Crócaigh faoina chéile i gcluiche ceannais na hÉireann tráthnóna. Ní hiontas go bhfuiltear ag súil le sárchluiche.

Tá Craobh na hÉireann buaite ag an dá fhoireann le cúpla bliain anuas. Thug seaimpíní na Gaillimhe Corn Uí Mhuireagáin leo anuraidh agus fir Cill Airne a bhí á líonadh an bhliain roimhe sin.

Tá cuid mhór de na himreoirí club is fearr sa tír ag na foirne seo ach d’fhéadfadh go mbeidh gearradh san imirt freisin agus díoltas ar intinn ag imreoirí Chora Finne.

Idir chraobhacha na Gaillimhe, Chonnacht agus na hÉireann, níl ach aon chluiche amháin caillte ag seaimpíní na Gaillimhe ó thús 2016 ach féach gurbh iad na Crócaigh a rinne an t-aicsean sin i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2017.

Bhí bua maith ag fir Chill Airne an lá sin ach tá Cora Finne feabhsaithe ó shin agus an chuma ar an scéal gur chliseadh aon uaire a bhí sa taispeántas sin i bPáirc na nGael.

Tá Cora Finne ina máistrí cearta i nGaillimh agus sé chraobh as a chéile buaite acu ach bhí an bua i gcraobh na hÉireann anuraidh thar a bheith milis i ndiaidh theip 2017. Beidh siad ag súil go mór anois leis an deis buille a bhualadh ar an bhfoireann a bhuail iad an bhliain sin.

Tá peileadóirí den scoth acu fud fad na páirce, imreoirí amhail Kieran Fitzgerald, Liam Silke, Gary Sice agus Ian Burke, agus tá taithí iontach acu chomh maith. Léirigh siad é sin go paiteanta sa chluiche leathcheannais in aghaidh Ghaoth Dobhair. Rinne na Conallaigh teacht aniar sa dara leath i gCora Droma Rúisc ach níor tháinig scaoll ná scáth ar imreoirí Chora Finne agus ghlac siad ceannas ar an imirt arís sa tréimhse a bhí fágtha.

Níl easpa taithí ná easpa cumais ag cur as d’imreoirí na gCrócach ach oiread, ná baol air. Is iad ríthe na Ríochta agus Craobh Shinsir Chiarraí buaite acu le trí bliana anuas agus seacht n-uaire ar fad ó 2010.

Seans gurbh iad na foirne seo a bheadh i gcluiche ceannais na bliana seo caite chomh maith murach gur tháinig Raonaithe Nemo aniar aduaidh ar na Crócaigh i gCraobh na Mumhan. Is cinnte gur spreagadh breise dóibh a gcuid féin a fháil ar ais i mbliana.

Léiriú ar chumas na gCrócach é gur i measc na bhfear ionad a bhíonn Colm ‘Gooch’ Cooper anois d’fhormhór a gcluichí.

Ba é an seanfhondúir Daithí Casey a rinne scrios ar Chora Finne sa chluiche leathcheannais in 2017 agus is imreoir tábhachtach é fós. Chomh maith leis sin bhí leithéidí Fhionn Fitzgerald, Gavin White, Mhicheál Burns agus go háirithe Tony Brosnan ag imirt ar fheabhas i mbliana chomh maith.

Le roinnt blianta anuas, b’annamh sárchoimhlint againn i gcluiche ceannais peile na gclubanna ach ba cheart go mbeadh ceann ann tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Cora Finne

Fág freagra ar 'Díoltas ar intinn ag Cora Finne agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh'