Díol trua an té a cheapann gurb ionann plean a fhógairt agus plean a chur i bhfeidhm…

Deir an EBU go bhfuil plean RTÉ don Ghaeilge 'going in all directions, with a high cost in terms of time, people and money’ – ar chuma phlean ár gcolúnaí…

Díol trua an té a cheapann gurb ionann plean a fhógairt agus plean a chur i bhfeidhm…

Nuair a léigh mé an tseachtain seo ar Tuairisc.ie go bhfuil sé ráite i dtuarascáil de chuid an European Broadcasting Union (an EBU) go bhfuil plean RTÉ don Ghaeilge ’going in all directions, with a high cost in terms of time, people and money,’ chuir sé beagán iontais orm.

Ní hé go gceisteoinn an EBU, agus a dtuiscint ar thábhacht ná ar luach na Gaeilge do mhuintir na hÉireann. Cé a cheisteodh luachanna craoltóireachta na heagraíochta a chuireann Comórtas Amhránaíochta an Eurovision ar fáil?

Tuigim go bhfuil áit sa gcraoltóireacht phoiblí do shoilse móra lonracha, bailéid chorraitheacha agus gúnaí seacaineacha, ach ní seacainí uilig é. Shílfeá.

B’fhéidir gur mearbhall éigin a tháinig ar mhuintir an EBU agus iad ag ceapadh gur ionann plean a fhógairt agus plean a chur i bhfeidhm. Is mé an chéad duine a thuigfeadh go rímhaith nach ionann plean a fhógairt agus plean a chur i bhfeidhm.

Rinne mé athbhreithniú le cúpla lá anuas ar an bplean atá fógartha agam (go neamhfhoirmeálta agus i mo chloigeann féin) don eagraíocht atá idir lámha agam – An Teach agus a Bhfuil Ann.

Níor thóg sé i bhfad orm a thuiscint go bhfuil gnéithe áirithe den ‘phlean’ atá ag dul i ngach treo agus a bhfuil costas ard orthu i dtaobh ama, daoine agus airgid. B’fhéidir go bhfuil sé in am agam roinnt athchóirithe a dhéanamh air chun an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn.

Is gá dom a rá nach raibh sé d’acmhainn agam taighdeoirí seachtracha a fháil chun na hoibre seo, agus rinne mé iarracht a bheith chomh neamhspleách agus a d’fhéadfainn agus mé i mbun an athbhreithnithe.

An chéad rud a déarfaidh mé ná, nach bhfuil aon dabht faoi ach go mbeidh ar rud nó dhó imeacht.

An bhfuil an té atá ocht mbliana d’aois sách sean anois le bheith ina whizzkid idirlín agus airgead breise a thabhairt isteach? An gá an costas breise a bhíonn ar leabhair i nGaeilge agus i mBéarla? Ar cheart deireadh a chur le ham scéalaíochta agus seisiún laethúil códú ríomhaireachta a chur ina áit?

An bhfuil an plean atá againn do bhéilí agus don bhia i bhfad ró-uaillmhianach agus ar cheart dúinn éirí as an réiteach bia ar fad agus athrú anonn go dtí an bia réamhdhéanta? Nó tósta agus iógairt ar fad?

Ceisteanna tábhachtacha iad sin uile.

Níl a fhios agam an téarmaíocht cheart tuarascála í seo, ach níl tóin ná ceann ar an straitéis atá againn don níochán éadaí agus níl aon dabht faoi, ach gur úsáid mhí-éifeachtach d’am, d’airgead agus de dhaoine atá ann.

Tá an straitéis níocháin ag brath ar sheacht bpiléar – 1. Sórtáil – 2. Réamhníochán 3. Níochán 4. Sórtáil Eile 5. Triomú 6. Iarnáil 7. Stóráil. Ní shílim go bhfuil aon cheann acu ag feidhmiú mar is ceart.

Anois agus athbhreithniú déanta agam, feictear dom gur cur amú acmhainní agus crá croí atá sa bplean agus tá sé in am againn rud éicint i bhfad níos simplí agus níos cuíchóirithe a chur i bhfeidhm.

Nach mbeadh muid i bhfad níos fearr as ach culaith éadaigh amháin a roghnú do chuile dhuine, forléine burlap de chineáil éicint seans, agus gan bacadh le haon rud eile?

Fág freagra ar 'Díol trua an té a cheapann gurb ionann plean a fhógairt agus plean a chur i bhfeidhm…'