Cé nach bhfeicfear teachtaí ag filleadh chun na Dála go dtí beagnach deireadh na míosa seo chugainn, tá siad ar fad ag faire ar rud amháin a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach ina ngairm bheatha sna míonna seo romhainn. Tá súil le foilsiú tuarascála an Choimisiúin Toghcháin an tseachtain seo chugainn agus athruithe suntasacha, meastar, molta ar chomhdhéanamh na ndáilcheantar agus na Dála féin dá réir.
Bunaítear machnamh an Choimisiúin ar na toghcheantair ar thorthaí daonáirimh agus mar thoradh ar an ardú suntasach a léirigh daonáireamh na bliana seo caite ar dhaonra na tíre beidh ardú suntasach ar líon na dTeachtaí Dála a bheidh againn tar éis an chéad olltoghcháin eile. D’fhéadfadh suas le scór teachta breise a bheith i gceist má chuirtear san áireamh go bhfuil an t-ardú sa daonra ag leanacht ar aghaidh ó shin. Faoi láthair, tá beagnach gach dáilcheantar sa tír ag sárú na treorach atá leagtha amach sa mBunreacht don líon daoine in aghaidh an Teachta Dála – 30,000. D’fhéadfadh tuarascáil an choimisiúin a mholadh go mbeadh suas le 181 Teachta Dála againn.
D’fhéadfadh athrú chomh suntasach sin deiseanna a chruthú do pholaiteoirí go leor ach cothóidh sé deacrachtaí nach beag do pholaiteoirí eile, bunaithe ar na roghanna a dhéanann an Coimisiún Toghcheantair. An gcuirfear leis an líon dáilcheantar le háit a dhéanamh do na Teachtaí nua?
Nó an amhlaidh go mbeidh tuilleadh dáilcheantar ina mbeidh suíocháin bhreise?
Ag brath ar na moltaí a dhéantar, d’fhéadfadh sé dul chun tairbhe do pháirtithe éagsúla. Cuidíonn na dáilcheantair mhóra le teachtaí neamhspleácha nó páirtithe beaga a thabhairt isteach sa gceathrú nó cúigiú háit. Chinnteodh tuilleadh toghcheantar nach mbeadh iontu ach trí shuíochán gur ag na páirtithe is mó a fhaigheann vótaí céad rogha a bheadh an tairbhe as na hathruithe.
Fadhb mhór eile atá le sárú ag moltaí an choimisiúin an deighilt idir tuath agus cathair agus idir thoir agus thiar. Ó tharla daoine a bheith níos teirce i gcontaetha tuaithe in iarthar na tíre is féidir a bheith ag súil le dáilcheantair níos fairsinge ina mbeidh níos lú Teachtaí Dála ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht níos cóire ag contaetha san oirthear agus i mBaile Átha Cliath. Bhí brú suntasach ar an gcoimisiún le linn a gcomhairliúcháin phoiblí cloí le teorainneacha contae agus gan línte mínádúrtha a tharraingt i gceantair, go háirithe san Iarthuaisceart. Beidh le feiceáil.
Lón machnaimh agus plé don uile dhuine ar suim leo an pholaitíocht a bheidh i dtuarascáil an choimisiúin. Deir an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go bhfuil suim ag an uile pholaiteoir sna moltaí atá le déanamh. Tá siad ag dul idir cuid acu agus codladh na hoíche agus is iomaí braon allais a chuirfear i measc cuid de pholaiteoirí na tíre go mbeidh breithiúnas an choimisiúin ar eolas againn.
Fág freagra ar 'Díol spéise don pholaiteoir agus don vótóir moltaí faoi theorainneacha dáilcheantar'