Díbir as d’aigne an impostor a deir i gcogar leat nach bhfuil aon ghramadach agat

Uaireanta iarrtar ar mhic léinn Ghaeltachta agus ar chainteoirí dúchais cloí leis an gcaighdeán ina gcuid aistí téarma. Cé na gnéithe dá gcanúintí atá taobh amuigh den CO agus conas is ceart déileáil leo?

Díbir as d’aigne an impostor a deir i gcogar leat nach bhfuil aon ghramadach agat

Bhí ‘sa gcoláiste’ chomh ceart céanna le ‘sa choláiste’ riamh anall ach in 2017 tugadh aitheantas oifigiúil don leagan uraithe san eagrán is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil.

Ó tugadh an CO isteach sna caogaidí, aithníodh an tábhacht a leag an tUltach ar leaganacha mar ‘ar an bhord’, agus tugadh bheith istigh dá leithéid dá réir. 

Tuigeadh sna blianta roimh 2017, áfach, go raibh easpa leanúnachais le sonrú ar an tsolúbthacht a bhain le cúrsaí séimhithe agus uraithe, agus gur chóir a cheart a thabhairt don Chonnachtach chomh maith céanna. 

Ní dhearnadh dearmad ar an Muimhneach ach oiread; tá de shaoirse ag duine anois leithéid ‘den gcuid is mó’ agus ‘don mbainisteoir’ a scríobh, fiú agus é ag cloí leis an gcaighdeán (CO 1.4.4). Léiríonn sracfhéachaint ar shaothar an Athar Peadar gur athrú ar chanúint na Mumhan is ea a leithéid, ach is athrú é atá sioctha ó dheas le blianta móra fada anois, agus is maith ann an t-aitheantas atá tugtha dó.  

Ní rud is fearr duit a dhéanamh ná súil a chaitheamh ar an réamhrá a cuireadh leis an gcéad eagrán den CO, atá curtha ar fáil an athuair in eagrán na linne seo (xxi – xxiv) agus a bhaineann le hábhar i gcónaí mar bhuntreoir. 

Is ann a chíortar ceist na n-ainmfhocal, na n-aidiachtaí, na n-uimhreacha agus na mbriathra. Tagraítear freisin ann do cheist DeNTaLS, áit a moltar an córas ‘ar an teilifís’ seachas ‘ar an dteilfís’, ‘ar an dearcadh sin’ seachas ‘ar an ndearcadh sin’, agus ‘an seandream’ seachas ‘an seanadhream’. 

Ar an drochuair, tá éiginnteacht cruthaithe ag an gcaighdeán i dtaobh an tseasaimh atá ag leaganacha malartacha sa teanga, cibé acu ainmfhocail nó ainmneacha briathartha atá i gceist. Ba mhaith ann an léachtóir nach ndéanfadh idirdhealú ar ‘iachall’ seachas ‘iallach’, mar shampla, nó a scaoilfeadh le leithéid ‘f(h)eiscint’, ‘inseacht’ agus ‘inse’ – fiú agus treoir tugtha aige dá mhic léinn beann a bheith acu ar an gcaighdeán. 

Ó thaobh na siúráile cultúrtha agus na féinmhuiníne de, an dochar is mó atá déanta ag an gcaighdeán ná go bhfuil sé dingthe isteach in intinn daoine dá bharr gurb ionann ‘míchaighdeánach’ agus ‘mícheart’ – ainneoin a bhfuil ráite roimhe seo faoi ‘leaganacha bailí’ eile nach bhfuil ‘teir ar a n-úsáid’. 

Gan slat an chaighdeáin a leagan anuas ródhocht ar dhaoine an leigheas atá ar an ngalar sin, mar atá pléite agam cheana.

Maidir le briathra, iarrtar ar an gCorcaíoch agus ar an gCiarraíoch leithéid ‘dheineas’ agus ‘dheinis’ a fhágáil ina ndiaidh agus géilleadh do ‘rinne mé’ agus ‘rinne tú’ más ag scríobh sa CO atáid. Ní foláir don té as iarthar na Mumhan slán a fhágáil le ‘bhíobhair’ (bhí sibh), leis, ach féach gur fhág na Muimhnigh a rian ar chúrsaí go stairiúil agus an chéad phearsa uimhir iolra i gceist: ‘bhíomar’, ‘táimid’, ‘bheimis’ agus ‘bhímis’ na leaganacha ab údarásaí sa chaighdeán go dtí le gairid. 

Tá ‘bhí muid’, ‘tá muid’, ‘bheadh muid’ agus ‘bhíodh muid’ ar comhchéim leo sin ó 2017 amach, agus cead ag Ultaigh is ag Connachtaigh na leaganacha áirithe sin a úsáid más mian leo. 

Maidir leis an bhfoirm tháite, is nós le heagarthóirí ciallmhara cead a thabhairt do Mhuimhnigh agus do Laighnigh Mhuimhneacha leithéid ‘bhíomair’, ‘táimíd’, ‘bheimís(t)’ agus ‘bhímís(t)’ a scríobh sa chás go bhfuil an-luí ag duine le canúint na Mumhan. Tá an ‘i’ fada – “táimíd” – fós le cloisteáil sa chaint, buíochas le Dia – agus ní ag cainteoirí dúchais amháin. Má thagann lagú nó tanaíochan ar an ngné sin den fhuaimniú i measc foghlaimeoirí áirithe amach anseo, dírímis ár n-aird ar an gcaighdeán an athuair.  

Cé is moite den chéad phearsa uimhir iolra, tionchar (stairiúil) Ghaeilge Chonamara is mó atá le brath ar na briathra sa CO; ‘bhí siad’ a mholtar san aimsir chaite, mar shampla, ach ‘bheidís’ sa mhodh coinníollach. Ní hé nach gcloistear ‘bhíodar’ thiar – go deimhin, tá sé an-láidir i bparóistí áirithe – ach bhí ‘bhí siad’ gob ar ghob leis riamh anall, shílfeá. 

Maidir le ‘bheidís’ go sonrach, tá sé sin caite i dtraipisí ag an aos óg i gConamara anois, agus ‘bheadh siad’ curtha ina áit acu. Leagan é ‘bheadh siad’ a bhaineann go láidir le Maigh Eo agus le Dún na nGall, ach chomh fada le mo bharúil, is athrú ar Ghaeilge Chonamara é. 

Níl aon aitheantas tugtha don athrú seo sa CO: iarrtar ar dhuine cloí le ‘bheidís’ i gcónaí, rud nár mhiste don Mhaigh Eoch agus don Ultach a bheith san airdeall air más ag bacadh leis an gcaighdeán atá siad. 

Arís ar ais, bheadh de chiall ag eagarthóirí agus ag léachtóirí áirithe saoirse a thabhairt do chainteoirí dúchais as Maigh Eo agus as Dún na nGall ‘bheadh siad’ a scríobh, má tá aon mheas acu ar an dúchas. Maidir le ‘bheadh mé’ (bheinn) agus ‘bheadh tú’ (bheifeá), áfach, ní shamhlaím go dtabharfar aitheantas oifigiúil dóibh sin go ceann i bhfad, agus ní gan chúis é, b’fhéidir. Go dtí an lá inniu féin, níl sárú ar leabhar iontach úd Folens, ‘Briathra na Gaeilge’, chun scagadh soiléir, caighdeánach a fháil ar na cúrsaí seo.  

Taobh amuigh de bhriathra agus d’ainmfhocail, ní miste cúpla focal a rá faoi ‘tú’ agus ‘thú’ (13.2 ag na Bráithre Críostaí). Ó thaobh na gramadaí de, ‘cuspóir’ a thugtar ar an leagan séimhithe, ‘thú’. Go stairiúil, is é a chloistí sna canúintí ar fad i leaganacha ar nós ‘Is maith an peileadóir thú’, ach gur thit an séimhiú as an gcaint ó dheas de réir a chéile, agus gur tanaí i gCúige Mumhan anois é dá bharr. Má fhágtar go leataobh an t-athrú beag seo ar chanúint na Mumhan, is féidir a rá go ginearálta go ndeirtear leithéid ‘Is peileadóir maith thú’ sa Ghaeilge, ach ‘Tá go maith ag imirt peile’. Taibhsítear do roinnt Connachtach agus Ultach go bhfuil an séimhiú sa chéad leagan thuas taobh amuigh den Chaighdeán Oifigiúil; níl agus ní raibh riamh. 

Coinnigh ort ag scríobh ‘Is peileadóir maith thú’ más é atá agat, mar sin, ach ná bíodh sé ag déanamh tinnis duit más ‘tú’ is fearr leat, go háirithe sa seomra ranga. Címid meascán den dá chóras (i.e. ‘thú’ agus ‘tú’ mar chuspóir, ach le ‘u’ gearr sa dá chás) ag titim isteach ina chéile in amhráin aneas, ach le fírinne, is ag díriú orthu siúd a cheap go raibh ‘thú’ mícheart sa CO atáim anseo. 

Alt eile a theastódh uaim chun aghaidh a thabhairt ar cheist chigilteach an ghinidigh, agus ar láimhseáil na bhfocal ‘ceithre’, ‘cúig’ agus ‘bliain’ sna canúintí agus sa chaighdeán araon. Is leor a rá an babhta seo, áfach, go bhfuil ‘le’ chomh caighdeánach agus chomh ceart céanna is atá ‘chun’ san abairt roimhe seo, cé go gceaptar a mhalairt. 

Mar fhocal scoir, más cainteoir dúchais thú, an chéad rud a chaithfidh tú a dhíbirt as d’aigne ná an impostor a deir i gcogar leat nach bhfuil aon ghramadach agat. Gan aon agó, tá éagóir anseo is ansiúd sa chaighdeán ar ghnéithe áirithe de chanúintí áirithe. 

Beagán solúbthachta agus saoirse a bhronnadh ar dhaoine agus iad i mbun pinn an leigheas is fearr ar an deacracht sin. Más duine thú a tógadh le Gaeilge agus a chuala dea-Ghaeilge timpeall ort, áfach, níl aon easpa gramadaí ort.  

Fág freagra ar 'Díbir as d’aigne an impostor a deir i gcogar leat nach bhfuil aon ghramadach agat'

  • Fear siúil

    Alt leatheolach. Ba ghá don údar cruinneolas a chur ar na canúintí sula n-abradh sé cad é atá iontu nó nach bhfuil.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Má tá focal i bhfoclóir Niall Ó Dónaill 1977 foilsithe ag Rialtas na hÉireann, conas is féidir leis bheith “neamhchaighdeánach”?

  • Séamas Mac Coitir

    Gabhaim buíochas ó chroí le Kevin Hickey as an leagan amach iontach atá aige ina alt maidir le cúrsaí achrannacha gramadaí . Ní mór comhghéilleadh a bheith ann ar phointí canúnachais is logánachais.

    I gcúrsaí teanga nua a fhoghlaim, tá a fhios ag an saol gur slí thairbheach mórán filíochta a mheabhrú mar go dtugann sé saibhreas focal, deiseacht chainte agus tagaracht chliste ghonta don duine a dhéanann é. Cuireann sé dath an chultúir ar labhairt na teanga agus, ina theannta sin, cló dúchasach ar an intinn óg.

    Beatha teanga í a labhairt – buanú teanga í a scríobh. Má bhíonn na cluasa ar bior ag an bhfoghlaimeoir agus éisteacht go haireach le cainteoirí maithe dúchais nó neamhdhúchais, ní fada go mbeidh sé oilte ar na difríochtaí atá idir na canúintí éagsúla. Ní mór a bheith foighneach ar dtús agus dé réir a chéile a itheann an cat an scadán !

    Sín é mo chionsa go fóill.