Diamaint a ‘fhástar’ i saotharlanna ag tabhairt dúshlán don tionscal traidisiúnta

Tá na diamaint ón saotharlann gach pioc chomh crua, chomh galánta le diamaint thraidisiúnta nach féidir le súil an duine iad a aithint óna chéile

Diamaint a ‘fhástar’ i saotharlanna ag tabhairt dúshlán don tionscal traidisiúnta

Fógra beag san Irish Times a mheall m’aird ar dtús ar fháinne diamaint luach €5,000 a bhí á thairiscint ag an nuachtán sin i gcomórtas do léitheoirí. Gheobhaidh an té a bhuafaidh an comórtas seo an féirín álainn seo ón gcomhlacht seodóireachta Weir & Sons agus ní raibh le déanamh le dul san iomaíocht ach dosaen dearbhán a bhailiú ón nuachtán le linn tréimhse an chomórtais.

An rud a bhí suntasach faoin bhfógra ná gur dúradh gur “lab grown diamond” a bhí i gceist. Mheas mise go dtí sin gur ó mhianadóireacht amháin a gheofá diamaint agus gur thóg sé na mílte bliain, b’fhéidir na milliúin bliain orthu forbairt faoi thalamh. Is cosúil go bhfuil an eolaíocht imithe chomh mór sin chun cinn anois gur féidir iad ‘a fhás’ i saotharlanna in imeacht cúpla lá.

Agus deirtear go bhfuil na diamaint ón saotharlann gach pioc chomh crua, chomh galánta leis an gceann nádúrtha agus go mbíonn sé ar an struchtúr móilíneach céanna leis an diamant traidisiúnta. Is cosúil freisin nach féidir le súil an duine iad a aithint óna chéile. Chaithfí próiseas casta tástála a úsáid le hidirdhealú idir an
dhá chineál geamchloiche.

Tagann an focal diamant féin ón nGréigis agus ciallaíonn sé doscriosta nó domhillte. Deirtear faoin diamant go bhfuil sé ar an ábhar is crua ar domhan agus nach ann d’aon substaint eile a d’fhágfadh marc nó stríoc air ach diamant eile. San Afraic, i gCeanada, sa Rúis agus san Astráil is mó a fhaightear diamaint sa lá inniu ach tá mianadóireacht á déanamh orthu le breis agus 2,000 bliain ón uair gur tugadh suntas ar dtús dóibh san India. Is é an diamant an t-aon gheamchloch nach bhfuil inti ach eilimint amháin – carbón.

Ach is féidir anois an próiseas fada a rinne diamant den charbón faoi dhromchla na talún a athchruthú i saotharlann eolaíochta. Úsáidtear slisín beag de dhiamant ar a dtugtar ‘síol’ mar thús leis an bpróiseas. Cuirtear an síol sin faoi theas agus faoi bhrú ollmhór mar aithris agus mar athchruthú ar na coinníollacha céanna faoinar gineadh diamaint thraidisiúnta. As sin tagann diamant garbh is féidir a ghearradh, a shní agus a shnasú le geamchloch luachmhar a dhéanamh as. Buntáiste mór leis an gcóras gur féidir dath a chur sa diamant le seod ar leith a chruthú.

Is cosúil go bhfuil an t-éileamh ar na diamaint nua seo ag méadú de bharr na spéise i gcúrsaí comhshaoil, eitice agus i ndíothú carbóin. Teastaíonn innill throma, córas iompair, ábhar pléasctha agus foireann mhór oibre don obair chontúirteach a bhaineann le mianadóireacht diamant. Déanann an tionscal dochar mór don timpeallacht agus is minic ceimiceáin agus ábhair chontúirteacha eile in úsáid sa tionscal.

Ní teastaíonn leis na diamaint a ‘fhás’ i saotharlann ach slisín de dhiamant mar shíol agus foinsí cumhachta agus teasa. Áirítear gur fiú beagnach $90 billiún sa bhliain an tionscal a bhaineann le seodra diamaint ach níl ach 2% den mhargadh sin ag na diamaint a fásadh i saotharlann go dtí seo ach tá an céatadán sin ag méadú.

Fág freagra ar 'Diamaint a ‘fhástar’ i saotharlanna ag tabhairt dúshlán don tionscal traidisiúnta'