DIALANN TUAIRISC: ‘Spelling Bee’ na Gaeilge, ‘Féach’ agus cúrsaí reatha, ar thóir Brad Pitt sa Ghaeltacht

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC: ‘Spelling Bee’ na Gaeilge, ‘Féach’ agus cúrsaí reatha, ar thóir Brad Pitt sa Ghaeltacht

Litrigh ‘géariomaíocht’… an chéad ‘Spelling Bee’ Gaeilge

Thuirling daltaí bunscoile as 16 scoil ar Ghaelscoil Mhainistir na Corann in oirthear chontae Chorcaí an tseachtain seo don chéad ‘spelling bee’ Gaeilge sa tír. Laoch an Litrithe an t-ainm a thug siad ar an gcomórtas, agus thug siad cuireadh do scoileanna in oirthear chontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo.

Ghlac 32 dalta páirt sa chraobhchomórtas. Bhí iomaíocht ghéar ann agus d’éirigh le Tomás Óg Ó Cadhla as Scoil Náisiúnta na Rinne an tríú háit a ghnóthachtáil, Conall Ó Dálaigh ó Ghaelscoil Mhainistir na Corann féin a tháinig sa dara háit, agus Nancy Ní Éallaithe ó Ghaelscoil Uí Riada i gcontae Chorcaí a thug an chraobh léi.

Tá cáil mhór ar na comórtais litrithe i Meiriceá, áit ar cuireadh tús leis na ‘Spelling Bees’. Tugadh súil isteach do lucht féachana ar fud an domhain ar an ngéariomaíocht a bhaineann leis an gcomórtas náisiúnta litrithe i Meiriceá sa scannán Spellbound (2002).

Sórt, A Year Til Sunday atá ann, do dhaoine atá go maith ag litriú. Ghnóthaigh an scannán ainmniúchán sna Oscars sa rannóg don scannán faisnéise is fearr.

Bhí TG4 ag taifeadadh ar an lá, agus craoladh an comórtas ar TG4 agus ar Cúla4.

Má éiríonn le comórtas ‘Laoch an Litrithe’ in Éirinn, cá bhfios nach mbeadh macasamhail Spellbound againn i nGaeilge fós.

***

Joe Mulholland agus cúrsaí reatha Gaeilge

Laoch eagarthóireachta agus smaointeoireachta ab ea Joe Mulholland, a cailleadh ag deireadh mhí Eanáir agus é 84 bliain d’aois. Seans gurb í an oidhreacht is mó a luafar leis sna blianta amach romhainn ná gur bhunaigh sé Scoil Samhraidh MacGill i gCo. Dhún na nGall agus gur chaith sé dhá scór bliain ina stiúrthóir uirthi.

Bhí sé lárnach freisin i ngné eile de chultúr na tíre agus é ina cheannasaí ar chúrsaí reatha in RTÉ ón mbliain 1980, agus bhí sé i rólanna sinsearacha eile ar feadh 30 bliain. Ar chlár cúrsaí reatha Gaeilge a thuill sé a cháil i dtosach agus é ag obair ar an gclár Féach ar RTÉ sna 1970idí.

Bhí Féach ar an aer ó 1967 go tús na 1980idí agus ghnóthaigh sé cáil as feabhas agus faobhar na dtuairiscí. Is iomaí iriseoir aitheanta a d’oibrigh ar an gclár i gcaitheamh na mbliana, Nollaig Ó Gadhra, Póilín Ní Chiaráin, Eoghan Harris, Proinsias Mac Aonghusa agus Breandán Ó hEithir ina measc.

Chuir sé iontas, seans, ar éinne a bhfuil eolas acu ar Féach, an tuairisc ar bheatha Mulholland a léamh san Irish Independent. Scríobhadh gur thosaigh sé ag obair ar chúrsaí reatha tar éis dó seal a chaitheamh le Féach.

“After a spell at the Irish language programme Féach, he moved to current affairs in 1980, and among his successes was the launch of Today Tonight with presenters including Brian Farrell and Pat Kenny,” a dúradh.

Níor fhág sé clár Gaeilge le dul i mbun cúrsaí reatha, is ar chlár cúrsaí reatha Gaeilge a chuir sé tús lena cheird.

***

Brad Pitt i gCorca Dhuibhne?

Bhí ráflaí go leor ann ag an deireadh seachtaine go raibh réalta mór Hollywood, Brad Pitt, i mbun scannánaíochta i gCorca Dhuibhne. Rinne Tuairisc an-iarracht na ráflaí a dheimhniú, ach má bhí an t-aistear cáiliúil ann, ní fhaca duine ar bith de theagmhálacha Tuairisc lena dhá shúil féin sa leithinis Ghaeltachta Pitt.

Tá a fhios againn go cinnte go raibh sé in Éirinn, agus tá muid cinnte gur sa Ríocht a bhí sé ach is ansin a chaill muid a lorg. An ag fanacht in Óstán na Sceilge a bhí sé? An bhfacthas ag trá Chom Dhíneoil é, nó os a cionn ag Ceann Sléibhe? Arbh in thall é i measc na dtrucailí móra a bhí timpeallaithe ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin?

B’fhéidir gurbh é an chaoi go bhfuil muintir Chorca Dhuibhne i dtaithí chomh mór sin ar réaltaí scannán ag tarraingt ar an dúiche faoin am seo nach n-aithníonn siad thar aon Mheiriceánach eile iad. Is túisce ar na saolta seo a chloisfeá ‘cut! cut!’ an stiúrthóra as Hollywood ná ‘crek! crek!’ an traonaigh bhoicht in Iarthar Dhuibhneach.

Más fíor do spiairí Tuairisc, ní raibh sna ráflaí ach sin. Deirtear linn gur comhlacht léiriúcháin as an bhFrainc a bhí ag fanacht in Óstán na Sceilge agus gurbh iad ba chúis leis an mbac bóthair ar an gConair ag tús na seachtaine. Ag obair ar shraith teilifíse a bhí siadsan, más fíor. Ba iad na Francaigh a facthas istigh i dTigh an tSaoirsigh ar an mBuailtín chomh maith, a deirtear.

Is minic, áfach, a chumtar scéal leis na sluaite a chur ó dhoras agus scannán mór á thaifeadadh. Blue Harvest an t-ainm a tugadh ar Star Wars: Return of the Jedi le hiriseoirí agus an pobal a chur amú, mar shampla, agus Group Hug an teideal a baisteadh ar Avengers Marvel le nach gcuirfeadh duine ar bith suntas ann. Rinne Brad Pitt cúram chomh maith sin den Iodáilis in Inglorious Basterds, cá bhfios nach é féin a bhí ag Frainciseoireacht i dteach tábhairne Dhiarmuid Sayers ar an mBuailtín. Une bière, saibhiúiplé, Jérémy!

Tá aisteoirí Hollywood ag tarraingt ar Chorca Dhuibhne le fada an lá, ar ndóigh. Ba ann a rinneadh an scannán rómánsúil Ryan’s Daughter sa bhliain 1969. Chaith lucht déanta an scannáin sin fanacht ar feadh bliana sular tháinig stoirm sách láidir isteach don radharc cáiliúil nuair a tháinig armlón agus gunnaí i dtír tar éis bá loinge.

Os cionn fiche bliain ina dhiaidh sin, bhí an t-aisteoir clúiteach Tom Cruise i gCorca Dhuibhne agus é ag taifeadadh don scannán Far and Away a eisíodh sa bhliain 1991. Tá an baile fearainn Fán le feiceáil i radhairc thosaigh an scannáin sin agus Tom Cruise i mbun feirmeoireachta ann. Rinneadh scannánaíocht ag Ceann Sratha freisin, mar ar tógadh baile bréige don scannán.

Ar ndóigh, le deich mbliana anuas, is é an scannán – nó an tsraith scannán – is mó a shamhlaítear le Corca Dhuibhne ná Star Wars. Rinneadh scannánaíocht ar an gcéad dá scannán sa tríológ is nua den tsraith iomráiteach i gCorca Dhuibhne. Taifeadadh cuid de Star Wars: The Force Awakens agus Star Wars: The Last Jedi timpeall ar Cheann Sibéal agus cúpla áit eile i gCorca Dhuibhne.

Maitiú Ó Coimín

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: ‘Spelling Bee’ na Gaeilge, ‘Féach’ agus cúrsaí reatha, ar thóir Brad Pitt sa Ghaeltacht'