DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil

Gach seachtain sa mhír nua seo, cuirfidh scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil

Réalta Hollywood agus na cheerleaders

Is beag a cheap mé is mé do mo phréachadh féin ar thaobh an bhóthair is mé ag breathnú ar an bparáid i nGaillimh Dé Luain go raibh réalta mór anall as Hollywood thuas in airde ar bhus mór Lally Tours agus iad ag dul tharainn. Eugene Levy a bhí mar aoi speisialta ag an bparáid i mbliana, nó mar a rinne mo chomharsan cuir síos air, ‘Mo dhuine as Schitt’s Creek

Bhí sé i nGaillimh do Lá Fhéile Pádraig agus é in Éirinn ag taifeadadh eagrán dá chlár taistil The Reluctant Traveller, an teideal céanna a thabharfainnse ar mo chlár taistil dá mbeadh ceann agam.

Caoga míle duine a deirtear a bhí ag an bparáid agus meastar gurb é an slua is mó riamh a d’fhreastail ar pharáid i nGaillimh. Déarfainn go raibh a oiread céanna arís ag siúl ann. Bhí dhá Naomh Pádraig ann mar thús, bhí na peileadóirí óga ann is na hiománaithe, na dornálaithe is na cheerleaders, agus chuile dhuine idir eatarthu.

Shílfeá go mbeifeá beagáinín teolaí istigh i lár an tslua sin, más fíor gurb ionann an teas ó dhuine amháin agus an teas a ghineann téitheoir 1kw. Níl aon mhaith ansin ach amháin má tá tú taobh istigh. Is cosúil nach maith le daoine ach an oiread é nuair a théann tú isteach ar an bhfoscadh taobh thiar díobh le go bhfaighidís an chuid is measa den ghaoth fhuar fheannta a bhí ag teacht aníos ón abhainn.

Cuireann sé iontas orm i gcónaí an méid pobail éagsúla atá ina gcónaí sa gcathair agus bíonn sé go deas iad a uilig a fheiceáil ag ceiliúradh ar Lá’l Pádraig. Ní raibh a fhios agam go dtí i mbliana go bhfuil pobal mór go maith as Meicsiceo i nGaillimh. Bhí siad ag siúl sa bparáid agus áirse mhór ildaite á hiompar acu.

Dá mbeinn ag bronnadh duaiseanna bhronnfainn an chéad duais ar mhuintir Mheics-Ghaillimh, thabharfainn an dara háit do na Sín-Ghaillimhigh (thug siad dragan leo) agus an tríú háit do na Seoirsia-Ghaillimhigh. Tá siad ann is tá a fhios acu céard is paráid mhaith ann.

Ba é an scéal ba mhó a tháinig ó Lá Fhéile Pádraig ar shráidín s’againne, ná gur chas mo chomharsan le Eugene Levy thuas sa mbaile mór is go bhfuil seans maith ann go mbeidh sé le feiceáil sa gclár. Nó, tá seans maith ann go mbeidh a ghadhar, Sonny, le feiceáil ann, gadhar beag Bichon Frisé. Cuimhnigh ar theidí beag clúmhach agus beidh Sonny agat.

Cé a chasfaí orthu agus iad amuigh ar siúl an mhaidin sin ach Levy agus a chriú agus iad ar Shráid na Siopaí. ‘Ar chuma leat dá ndéanfadh muid taifead ar do ghadhar don chlár? a d’fhiafraigh siad de na comharsana. Ba chuma go deimhin agus anois beidh muid uilig ag faire amach do Sonny nuair a thiocfaidh an clár amach. ‘Súil le Dia, go mbeidh sé ann mura ngearrfar amach é’ a dúradh liom faoi aisling Hollywood Sonny.

Coinnigh súil amach do ghadhairín beag bán agus ribín glas air.

Cónocht an earraigh 

Inniu Cónacht an earraigh. Bíonn an lá agus an oíche ar chomhfhad agus ceann de na laethanta is deise sa mbliain é má bhíonn an aimsir go breá. Tá muid leath bealaigh idir an lá is giorra sa mbliain agus an lá is faide sa mbliain.

Chonaic mé bláthanna le seachtain anuas ar na crainnte magnóilia is tá bachlóga beaga le feiceáil ar na crainnte silíní freisin. Níl a fhios agam an beach nó creabhar a chur ga sa mhuineál ar bhuachaillín an tí an lá cheana, ach tá an chuma air go bhfuil na feithidí iad féin ag dúiseacht arís i ndiaidh an gheimhridh.

De réir an bhéaloidis má bhíonn aimsir bhreá ann inniu, is mó seans ná a mhalairt go mbeidh an samhradh go breá. Bhuel, séard atá ann ná mura mbíonn aon stoirm ar an lá féin, ná na laethanta roimhe ná ina dhiaidh, is maith an seans go mbeidh an samhradh go breá.

Píosa eolais é sin a cruinníodh i mBaile Ard i gcontae an Chláir i mBailiúchán na Scol. Má bhíonn stoirm inniu ann, nó amárach féin, samhradh fliuch atá romhainn. Chuala mé fear ar an mbaile an lá cheana ag rá gur aimsir bhreá a bheidh ann an samhradh seo, cinnte. B’fhéidir le Dia go bhfuil bua na tairngreachta aige.

 

Fearúlacht nimhiúil 

Thit mo chroí nuair a chonaic mé gur tugadh cuireadh speisialta do Conor McGregor a theacht go dtí an Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig.  Ba mheasa an méid a bhí le rá aige agus é ag maíomh go raibh sé ag caint ar son mhuintir na hÉireann.

‘Toxic masculinity’ an téarma a d’úsáid an Tánaiste an tseachtain seo agus é ag déanamh cur síos air agus na tuairimí a nocht sé sa Teach Bán.

Tá go leor cainte á déanamh le blianta beaga anuas ar an bhfearúlacht ghangaideach, nó nimhiúil, agus lucht leanta mór ag fir ghangaideacha amhail Andrew Tate agus Conor McGregor.

Cé go dtuigim an chúis atá leis, nó an chiall atá mar bhunús aige, níl a fhios agam an aontaím leis mar théarma. Nuair a chloisim an téarma, ‘fearúlacht nimhiúil’ tugann sé le tuiscint dom go bhfuil baint ag an bhfearúlacht féin leis an ugach foréigneach atá ar bun ag na fir atá ag cur smaointe dorcha dá leithéid seo chun cinn.

Tugann sé údarás ar bhealach éigin do smaointe a bhaineann le brúidiúlacht, fuath na mban agus an foréigean. Sin iad na fir agat, mar a déarfá.

Ach ní hin iad na fir ar chor ar bith. Tabhair maistíní orthu, cneámhairí, caimiléirí, ach ná ceangail an fhearúlacht leis an scéal, nuair nach bhfuil aon bhaint aige leis.

 

Ag breathnú air… 

Cuid den scéal céanna atá mar bhunús ag an tsraith nua Adolescence a thosaigh ar Netflix an tseachtain seo. Sraith ceithre chlár atá ann a leanann scéal leaid óg a bhfuil dúnmharú curtha ina leith. An casadh sa scéal ná gur buachaill trí bliana déag d’aois atá i gceist, agus éadainín aingil air.

Déantar gach eagrán a thaifeadadh in aon seat amháin, cur chuige a thumann an lucht féachana i ndomhan an scéil. Tá sé ar nós Blair Witch Project measctha le Line of Duty. Suite i dtuaisceart Shasana pléann an scéal le hábhar atá ag dó na geirbe ag go leor daoine óga agus a muintir na laethanta seo, an radacú atá á dhéanamh ar fhir óga ar líne.

Téann Adolescence thar fóir in áiteanna, ach is clár an-chumhachtach é ina bhfuil cíoradh déanta ar an gcontúirt a bhaineann leis an bhfón cliste maidir le radacú buachaillí óga. Aisteoireacht iontach le Stephen Graham i bpáirt an athar, Owen Cooper i bpáirt an leaid óg agus Ashley Waters mar bhleachtaire.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil'

  • Deirdre Donnelly

    Point iontach déanta agat maidir le “fearúlacht nimhniúil” a Bhridget. An fáth dár ndóigh go raibh Conor McGregor in ann dul go dtí an Teach Bán ná gur theip an córas dlí agus an DPP Nikita Hand sa chéad áit. Ní éiríonn ach le 14% de ghearáin a dheintear dos na Gardaí dul ós comhair na cúirte.