Lies, damned lies agus an Duinníneach
Ní foláir go bhfuil an ráiteas a dhein Micheál Martin faoin gconspóid a bhain lena áiteamh sa Dáil go raibh Mary Lou McDonald “ag insint bréaga” ar cheann de na ráitis is áiféisí agus is aite a dhein aon Taoiseach riamh. Chuala Sinn Féin ag rá go raibh ceap magaidh déanta aige den Dáil, ach níos measa fós dhein sé ceap magaidh den Duinníneach.
Chomh maith leis sin, is ar éigean go raibh aon chuid de ráiteas Martin cruinn.
Seo an méid a dúirt sé ina litir chuig an gCeann Comhairle agus é aistrithe go Gaeilge:
“Chomh maith leis sin, ba mhaith liom soiléiriú a dhéanamh ar an mbrí a bhaintear as an bhfrása ‘ag insint bréag’. “A falsehood” nó “untruth” an sainmhíniú ar bhréag atá ag Foclóir.ie – an leagan leictreonach d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) is mó a mbaintear úsáid as.
“Dá réir sin, is é an t-aistriúchán atá ar ag insint bréag ná “telling a falsehood” nó “telling an untruth”. Ar an taobh eile den scéal, más mian leat bréagadóir a thabhairt amach díreach ar dhuine, caithfidh tú téarmaí mar bréagadóir, éitheoir nó scuitseálaí a úsáid.
“Is amhlaidh an cás i bhfoclóir údarásach an Duinnínigh, a foilsíodh i 1934, ina léirítear gurb ionann ‘bréag’ agus ‘false’ agus ina dtugtar ‘éige’ mar an focal [Gaeilge] ar ‘lie’. Ag foclóir an Duinnínigh atá an caighdeán is airde agus tá ardmheas fós air mar fhoinse údarásach Gaeilge.”
Cá dtosnóm? I dtús báire, ní leagan leictreonach d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill é Foclóir.ie. Ná ní dhéanann Foclóir.ie aon idirdhealú idir ‘lie’ agus ‘untruth’ ná idir ‘telling a lie’ ná ‘telling an untruth’. Ag ‘insint bréaga’ atá i gceist sa dá chás.
Maidir le foclóir an Duinnínigh, ní i 1934 a foilsíodh é ná ní thugann sé ‘éige’ mar an focal Gaeilge ar ‘lie’. Seo atá ag an nDuinníneach: ‘bréag, -éige, -éaga, f., a lie, falsehood, deceit, deception…’.
Míléamh ar stíl na foclóireachta is cosúil a chuir an Taoiseach amú. Ní focal atá in ‘éige’ in aon chor, ach an dara cuid de ghinideach an fhocail ‘bréag’ – ‘bréige’.
Tá seanrá ann sa pholaitíocht ‘más gá duit do chás a mhíniú, tá ag teip cheana ort’, ach is cinnte go bhfuil tú suncáilte ar fad más ag brath ar mhí-aithris a dhéanamh ar fhoclóir an Duinnínigh atá tú chun tú féin a chosaint.
Alt neamhghnách faoi ‘moment’ na Gaeilge
‘More support and less plámás for the Irish language will help it to flourish’ an teideal a bhí ar alt le Naoise Dolan a foilsíodh ar an Sunday Independent an Domhnach seo caite
Alt suimiúil agus neamhghnách a bhí ann sa mhéid is nár shlog an t-údar gan chogaint an bhaothchaint go léir a chloistear ar na saolta seo faoin nGaeilge a bheith á hathbheochan ar fud na tíre.
Ní hí an ghnáthraiméis uasal le híseal a bhí ag an úrscéalaí Béarla.
“Supposedly the Irish language is having what journalists call “a moment”,” arsa Naoise. “But when it comes to materially supporting the language, the moment seems to be stuck in traffic.”
Bhí amhras ar Dolan, agus an ceart aici, faoi ‘moment’ seo na Gaeilge.
“There’s an unavoidable condescension to declaring a living language some sort of trend. Trends pass,” a deir sí.
Ach bíodh an ‘moment’ seo olc, maith nó measartha, seans gurb é an cruthúnas is fearr atá againn gurb ann dó ná go bhfuil altanna á bhfoilsiú ag an Sindo ag moladh go gcaithfí níos mó airgid ar an nGaeilge.
Aon duine gur cuimhin leo an meon a bhíodh ag an nuachtán sin i leith na Gaeilge, ní rachaidh an íoróin amú orthu. Cá bhfios ach go ndein an tUachtarán féin gáire beag dóite.
Nuair a bhí an cogadh in aghaidh na Gaeilge in airde déine roimh bhunú Theilifís na Gaeilge, bhíodh Micheál D Ó hUigínn scólta ag an Sindo agus na scéalta go léir a bhíodh acu faoin gcur amú airgid a bhain lena phlean stáisiún Gaeilge a bhunú.
Daoine ag fáil bháis i scuainí ospidéil fad is a bhí na milliúnta á gcaitheamh go fánach ag Michael D ar a aisling bhuile. An sórt sin ruda.
Dar le Michael D gur iriseoireacht gan mhaith a bhí ann agus í “claonta”, “soiniciúil” agus “leisciúil”.
Thug sé “Cruisers beaga” ar na daoine a bhí i mbun na n-ionsaithe agus dúirt gurbh ionann iad agus an “culturally collapsed”. Bhí an rud ar fad “horrific”, a dúirt sé. Agus bhí.
Ach mar a mheabhraigh Naoise Dolan dúinn, ‘trends pass’, ní bhíonn in aon ní ach seal.
Moladh na seachtaine
Perspectives, úrscéal nua Lauren Binet, an moladh atá ag Dialann Tuairisc daoibh an tseachtain seo. Úrscéal eipistileach é seo ó údar ón bhFrainc go dtaithníonn cleasaíocht an iar-nua-aoiseachais go mór leis, ach ná cuireadh sé sin ó dhoras sibh. Scéal bleachtaireachta faoi dhúnmharú aimsir an Renaissance san Iodáil atá ann leis agus scéalaí den scoth é Binet.
An tEisreachtach
Alt maith.
‘Taoiseach’ an stáit ag cur a leithéid de raiméis i láthair!
Gamail ata i gceannas orainn, gan aon agó!
Dia idir sinn agus iad!
An ‘Sunday Independent’ lofa, frith-Éireannach agus deargfhrith-Ghaelach ag foilsiú altanna fabhracha faoin nGaeilge?
Ní hamháin go bhfuil an saol bunoscionn ar fad, ach níl bun ná barr air.
Meas tú céard is cúis leis an athrú poirt ag an ‘nuachtán’ sin? Ní gan chúis a athraíonn sé a phort.