DIALANN TOGHCHÁIN: Díospóireacht leamh, ceist neamhthábhachtach na Gaeilge agus bileoga Béarla

Caitear súil i ndialann toghcháin Tuairisc ar chuid d’iontais agus neamhiontais Olltoghchán 2024

DIALANN TOGHCHÁIN: Díospóireacht leamh, ceist neamhthábhachtach na Gaeilge agus bileoga Béarla

Ceisteanna neamhthábhachtacha

“We wouldn’t ever comment on a question in advance of a live debate or broadcast,” a dúirt urlabhraí ó RTÉ linn go huaibhreach nuair a chuireamar ceist orthu roimh dhíospóireacht na hoíche aréir an raibh aon seans go gcuirfí na ceannairí ag plé cás na Gaeilge.

Bhí iontas orainn mar sin nuair a léamar an preasráiteas a chuir RTÉ amach roimh an díospóireacht bheo.

Seo a bhí le rá ag Sarah McInerney, duine de bheirt láithreoirí dhíospóireacht na gceannairí ar Prime Time.

“Tá daoine ag iarraidh a fháil amach cé atá chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach, cé atá ábalta dul i ngleic leis an gcostas maireachtála in Éirinn agus cé a rachaidh i ngleic le liostaí feithimh na n-ospidéal. Beidh mise agus Miriam [O’Callaghan] ag obair le chéile chun freagraí a fháil do na daoine ar na ceisteanna tábhachtacha seo agus go leor eile.”

Ní foláir gurb iad na ceisteanna neamhthábhachtacha amháin nach bhfuil cead ag lucht RTÉ trácht orthu roimh ré.

Smaointe fánacha faoi dhíospóireacht phatuar

Bhí údar díomá ag aon duine a bhí ag féachaint ar dhíospóireacht teilifíse na hoíche aréír agus iad ag súil go nach stopfadh triúr ceannairí na mórpháirtithe go dtí go mbeadh an piléar deireanach scaoilte acu. Díospóireacht gan gus gan anam a bhí inti den chuid is mó. D’fhan an triúr glan ar aon mhóraighneas agus déarfá gurb í an phríomhsprioc a chuireadar rompu ná gan aon drochbhotún a dhéanamh, nó, i gcás Simon Harris, gan aon drochbhotún eile a dhéanamh.

Bua do chách mar sin seachas má bhí éinne acu ag súil cor a chur i gcinniúint an fheachtais,

D’éirigh cúrsaí níos bríomhaire nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta á bplé agus é ríshoiléir go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael ag iarraidh amhras a chothú faoi dhintiúir Shinn Féin sa réimse sin sna laethanta atá fágtha sa bhfeachtas.

Seo cúpla smaoineamh fánach eile a rith linn i ndiaidh na díospóireachta.

1. Ba chóir do dhuine éigin a insint do Simon Harris gan a bheith ag cnáimhseáil os íseal gan stad agus daoine eile ag caint. Agus ba chóir a rá leis chomh maith nach gcuireann sé cuma níos tuisceanaí ná níos iontaofa air gach freagra a thosnú le ‘That’s a very fair question…’ nó ‘That’s a really important question…’ nó ‘I understand why you’re asking that question…’ Agus sin gan trácht ar a bheith ag insint dúinn faoi bhéas daoine óga ar fud na tíre a bheith ag rá leis…’Simon, caithfidh tú cabhrú linn…’

2. Ba chóir do dhuine éigin a insint do Mhary Lou McDonald gur gá máistreacht a bheith agat ar na mionsonraí chomh maith leis an mórphictiúr. Bíonn ceannaire Shinn Féin go maith i mbun díospóireachta agus í údarásach eolach de ghnáth. Ach uaireanta bíonn sí stadach lag agus í ag freagairt ceisteanna seanphléite nach bhfuil aon leithscéal ann gan a bheith ullmhaithe níos fearr dóibh. An cheist aréir faoi na bainc agus a ndearcadh faoi pholasaí tithíochta Shinn Féin, mar shampla.

3. Ba chóir do dhuine éigin a insint do Mhicheál Martin má tá sé chun a fhógairt go sollúnta nach é tráth na ‘soundbites’ é gur chóir dó a bheith ana-chúramach gan an fógra sin a dhéanamh in aon ghaobhar d’aon soundbite. ‘Tugann Micheál Martin tús áite i gcónaí don tír seachas don pholaitíocht,” arsa Michéal Martin. Agus an chéad rud eile a dúirt Micheál Mertin, ‘Ní hé seo an t-am do sounbites’.

4. Ba chóir do dhuine éigin Gaeilge a chur ar an bhfocal ‘coalitioning’. Bhí cúrsaí chomh leamh gurb air sin a bhíomar ag cuimhneamh faoi dheireadh.  Micheál  Martin a luaigh an focal a dhéanann cur síos ar an nós an iomarca ama a chaitheamh ag plé cé a rachadh nó ná rachadh i gcomhrialtas lena chéile. Tá ‘comhrialtaseolaíocht’ neamhfhileata rófhada agus ní thugann sé leis brí an téarma. Aon mholadh ag éinne?

Bileoga Béarla

Tá na páirtithe go léir ar son chearta teanga phobal na Gaeltachta agus go leor acu ar son ceart gan cheist a bheith ag muintir na Gaeltachta ar sheirbhísí i nGaeilge agus ar a ngnó a dhéanamh leis an stát i nGaeilge.

Ach seolann na páirtithe go léir bileoga Béarla isteach i dtithe mhuintir na Gaeltachta. Tá scata bileog caite ina gcnap ar an mbord anseo.

Go leor acu nach bhfuil aon fhocal Gaeilge orthu. Cuid acu a bhfuil cúpla focal i nGaeilge orthu. Cuid acu a bhfuil cúpla focal i nGaeilge orthu agus cúpla botún Gaeilge sa chúpla focal sin. Cuid eile acu insíonn siad duit dul ar líne má tá tú ag iarraidh féachaint ar an leagan Gaeilge.

Bhí uair ann nuair a bheadh sé seo ina ábhar conspóide agus nuair a bheadh iarrthóirí ag gabháil leithscéalta ar na meáin Ghaeilge faoi bhileoga Béarla a bhrú ar mhuintir na Gaeltachta.

Faoin reachtaíocht toghcháin is féidir le hiarrthóirí Litir um Thoghcháin amháin a sheoladh saor in aisce chuig teaghlaigh an toghcheantair.

Le linn thoghchán na hEorpa sa samhradh mhaígh Fine Gael, mar shampla, nach raibh aon rogha acu ach a ‘Litreacha um Thoghcháin’ a chur amach i mBéarla. Dúirt Fine Gael gur thug An Post le fios dóibh nach scaiptear do gach páirtí ach leagan amháin den litir.

Dúirt An Post le Tuairisc, áfach, nach dtagann litreacha breise faoi scáth na reachtaíochta toghcháin, ach go bhféadfadh aon pháirtí nó iarrthóir íoc as ábhar breise a scaipeadh trí ghnáthsheirbhís An Post dá mba mhian leo.

Sea, dá mba mhian leo.

Buntáiste an dátheangachais

An buntáiste an dátheangachas agus tú ag seasamh don Dáil, an mó seans go dtoghfar an té a bhfuil dóthain Gaeilge aige nó aici agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Gaeilge? Ceist neafaiseach, déarfá, ach fan inti. Léiríonn taighde atá foilsithe ar Tuairisc inniu go bhfuil Gaeilge ag 11% de na hiarrthóirí páirtí atá ag seasamh sa toghchán. 11% a bhí i gceist in 2020 chomh maith, ach Gaeilgeoirí a bhí in 20% den 160 Teachta Dála a toghadh go dtí an 33ú Dáil.

Fág freagra ar 'DIALANN TOGHCHÁIN: Díospóireacht leamh, ceist neamhthábhachtach na Gaeilge agus bileoga Béarla'

  • Proinsias

    Bileogaí Catherine Connolly i nGaeilge.

  • Maradona

    a bheith ag comhpháirtíocht (amach)?

  • Pat Butler

    Má bhí cruthúnas riamh ann go bhfuil pocléim an Duracell Bunny Taoiseach caite – ní gá ach féachaint arís ar an ‘díospóireacht’ sin arís chun seó Simon Harris a scagadh fá sholas an méid atá ráite thuas ag Ár nEagarthóir Atá Ar Neamh faoi, bail ó Dhia ar an saoi céanna, agus seans cuidín beag den méid a deirim anseo a chur san áireamh freisin nuair is léamh eolach ar Machine-Gun Harris, nó Rat-Tat-Tat-Tat, mar is fearr aithne air, atá de dhíth ort, mar phearsannacht sa pholaitíocht, nó mar dhuine ar mhaith leat ceithre uaire déag a chaitheamh i do shuí in aice leis ar eitilt chun na hAstráile – abair.

    Bheinn féin an doras cúil amach gan paraisiút éigeandála chun éaló ón gceannchaint is ón gcnámhseáil, ón mustar, ón uaibhreas, ón easpa chroi – agus ón easpa tuisceana ar na bun ghrástaí daonna – gan trácht ar easpa na haeróga sin a thugann treoir do dhuine conas an seomra ‘a léamh’. Agus ní an seomra finnscéalach sin amháin nach bhfuil léamh ag an mBunny Duracel air, no uirthi, ach leithéid na mná cróga as Ceann Tuirc nár chuir fiacail ann agus í ag insint na fírinne lom dó. Bheadh Taoiseach ceart in ann éisteacht léi gan casadh go maslach ar a shála uirthi nuair nár thaitin an fhírinne lom céanna sin leis, ná bheadh?

    Má’s ceannchaint, seachas croíchaint atá uait, sé Simon-Never-Stops-Talking, Rat-a-tat-tat Harris – Coinín Duracel na hÉireann – an buachaill ceart duitse. Ceannchaint leanúnach gan dealramh. Dia idir sin agus an tuafás.

    N’fheadar cad iad na buanna a iarrfása ins an an té a bhfuil lámh aige ar bhata stiúir Bharc Stáit Phoblacht na Sé Chontae Fichead. Má chuireann tú ‘croi’ agus ‘comhthuiscint’ san áireamh, i measc gach rud eile, seans nach duitse ‘I’m glad you asked me that’ Harris.