Dhá leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann

Tá saothar le Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata, agus Gabriel Rosenstock ar an ngearrliosta do ghradam mór

Dhá leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann

Tadhg Mac Dhonnagáin agus Gabriel Rosenstock

Tá dhá leabhar Gaeilge i measc na leabhar atá ainmnithe i mbliana do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann. Is iad sin an leabhar amhrán Bliain na nAmhrán a seoladh i gCois Fharraige ag deireadh na míosa seo caite agus Óró na Circíní, le Gabriel Rosenstock, a foilsíodh an samhradh seo caite.

Fógraíodh an deich leabhar atá ar ghearrliosta na bliana seo ag an Crescent Arts Centre i mBéal Feirste ar maidin. Bronnfar an gradam ‘Leabhar na Bliana’ ag searmanas speisialta in amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath i mí Bhealtaine.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, údar Bliain na nAmhrán le Tuairisc.ie go bhfuil sé an-sásta go bhfuil a leabhar-sa ar liosta na bliana seo agus gur mór an mhaith é go bhfuil dhá leabhar Gaeilge ann.

“Tá fíorchaighdeán ag baint leis an liosta seo, agus bíonn leabhair mhóra ó fhoilsitheoirí i Sasana agus áiteanna eile ar fud an domhain san iomaíocht gach uile bhliain, leithéidí Walker Books agus dreamanna móra eile a bhíonn ag foilsiú ábhar do ghasúir.

“Bíonn blianta ann nach mbíonn leabhar Gaeilge ar bith i measc na leabhar ar ghearrliosta Leabhair Pháistí Éireann, ach tá péire ann i mbliana. Is maith an rud é sin,” a dúirt sé.

Ba é Mac Dhonnagáin a chum na hamhráin atá sa leabhar nua, a cuireadh ar sheilfeanna na siopaí leabhar ag tús na bliana seo, agus ba é a chuir eagar ar an leabhar freisin. Dúirt sé go bhfuil cúpla bliain ó d’fhoilsigh a chomhlacht Futa Fata a leithéid de leabhar ach go bhfuil “a chroí istigh” in obair mar seo.

“Tá ceathrar ealaíontóirí éagsúla ann, agus rinne siad an ealaín do na ceithre shéasúr. Tá an stíl go maith, agus tá mo chroí istigh san obair seo. Is é an CD [a thagann leis an leabhar] is tábhachtaí, dar liom, bhí muid ag obair ar feadh an tsamhraidh air.

“Tá cúpla bliain ann ó rinne muid rud mar seo, agus bhí sé go hálainn dul amach chuig an bpobal agus daoine a fháil le hamhráin a rá, daoine nua. Bíonn sé deacair i gcónaí duine a fháil a déarfaidh amhráin, níos deacra ná mar a bheadh sé duine a fháil le rann a rá, ach bhí siad ann agus tá mé an-sásta leis an leabhar,” a dúirt sé.

Ghabh Mac Dhonnagáin buíochas le Scoil Sailearna in Indreabhán as an bhfáilte chroíúil a chuirtear roimhe “i gcónaí” agus é ar thóir amhránaithe óga dá shaothar.

Is éard atá in Oró na Circíní le Gabriel Rosenstock ná bailiúchán scéalta traidisiúnta agus béaloidis ó ilchríoch na hAfraice á n-athinsint i nGaeilge agus iad curtha in oiriúint don aos óg. Ní hí seo an chéad uair ag Rosenstock scéalta ó chultúir éagsúla timpeall na cruinne a aistriú go Gaeilge. I measc na saothar sin Scéalta ó Oileán an Turtair ((Cló Mhaigh Eo), bailiúchán scéalta ó thraidisiún na Meiriceánach Dúchasach, Birbal (Cló Iar-Chonnacht), scéalta béaloidis ón India, Nasrúidín (Coiscéim), scéalta greannmhara a chloisfeá fós san Afganastáin san India agus sa Tuirc, Greann na nGiúdach (Coiscéim], scéiliní grinn de chuid nGiúdach, agus Óró na Circíní (An Gúm), scéalta tradisiúnta ón Afraic.

“Is fada mé den tuairim láidir nach mbeidh aon rath ar léamh is ar scríobh na Gaeilge gan scéalta an domhain a bheith againn inár dteanga féin. Tá tugtha agam féin faoi chuid de na bearnaí ollmhóra a líonadh,” a dúirt Gabriel Rosenstock.

Mhol sé an cúram a rinne An Gúm de Óró na Circíní.

“Tá jab an-mhaith déanta ag An Gúm maidir le dearadh agus leagan amach. Ar ndóigh, is ansin a d’fhoghlaimíos féin an cheird mar Eagarthóir Cúnta.

“Bainim féin an-taitneamh as scéalta den saghas sin a athinsint agus tá leabhar eile fós de scéiliní ón India tiomsaithe agam. Déanfaidh an iris An Timire iad a fhoilsiú mar shraith agus le cúnamh Dé beidh leabhar eile fós ann i gceann na haimsire,” a dúirt Gabriel Rosenstock.

Fág freagra ar 'Dhá leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann'