Dhá fhéile mhóra taobh thiar den Choirib – Féile Joe Éinniú agus an Tóstal

Beidh fonnadóireacht is seoltóireacht go leor sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo

Dhá fhéile mhóra taobh thiar den Choirib – Féile Joe Éinniú agus an Tóstal

Féile Joe Éinniú 5-7 Bealtaine

Más cuid de dhlúth agus d’inneach Chonamara na báid seoil, tá fuil agus meanma Chonamara sna hamhráin agus níl tobar níos doimhne ná níos glaine a dháil agus a dháileann an seod sin orainn ná Iorras Aithneach in iarthar Chonamara.

Níl féile sa domhan is mó a thaispeáin ómós don amhrán agus d’fhonnadóirí agus a thug ardán dúchais dóibh ná an fhéile seo atá tíolactha don mháistir, Joe Éinniú.

Má tá cead bóthair agat agus gean agat don fhonnadóireacht, don dea-chaint agus don dúchas, bí i gCarna an deireadh seachtaine seo ag an bhféile.

In Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna a chuirfear tús leis an bhféasta le caint ómóis don fhear groí ar mhór a thóir ar an amhrán agus an dea-chomhluadar, Liam Mac Con Iomaire. Ba é Liam a scríobh beathaisnéis iontach Joe Éinniú, Nár fhágha mé bás choíche ach faraor géar ní bhfuair ceachtar acu toradh na guí sin.

Maidin Dé Sathairn beidh dhá cheardlann amhránaíochta ar siúl, ceann Béarla le Rosie Stewart agus an ceann Gaeilge leis an sár-amhránaí paiteanta Micheál Ó Cuaig agus beidh ceolchoirm mhór na féile ar siúl an oíche sin..

Beidh neart ócáidí ceoil is fonnadóireachta ar siúl in ionaid éagsúla san áit. Beidh comórtas amhránaíochta do dhaoine óga sna haoisghrúpaí éagsúla ar siúl ar an Domhnach ag a 2.00pm.

San iarnóin ar an Domhnach beidh albam nua ‘Tigh Choilm: Ceol na gCualáin’ á sheoladh in Ionad na nImirceach ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta. An ceoltóir breá agus an sárchraoltóir Neansaí Ní Choisdealbha a léirigh an bailiúchán iontach seo. Má tá ardú croí uait, buail siar.

Tá gach eolas faoin bhféile le fáil anseo.

An Tóstal ar ais i mBóthar na Trá tar éis 70 bliain 

Más iomaí amhrán a chasfar in Iorras Aithneach a bhaineas le báid is farraige an deireadh seachtaine seo, ar bhruach thiar chathair na Gaillimhe i mBóthar na Trá a bheidh na geallta bád ar siúl.

Seachtó bliain ó eagraíodh An Tóstal ansin ar dtús ar mhaithe leis an turasóireacht a spreagadh, tá sé i gceist an fhéile a eagrú arís an deireadh seachtaine seo chun traidisiún mara agus bádóireachta na Gaillimhe a cheiliúradh.

Beidh geallta bád i mBóthar na Trá d’óg is aosta, fireann is baineann, chomh maith le deis a bheith ar fáil do dhaoine gan aon taithí ar na báid an t-iomramh agus an tseoltóireacht a thriail.

Ba mhór i gceist rásaí curachaí an Tóstail i mBóthar na Trá sna 1950idí. Mheall siad na sluaite ó chian is ó chóngar, ghin seanchas is amhráin go leor agus chuir ainm na mbádóirí, clann Jimí an Oileáin [Inis Bearachain] agus na Deáirbe, i mbéal an phobail.

Tá Cumann Húicéirí na Gaillimhe, buíon de lucht gnó Bhóthar na Trá a thugann The Salthill Village orthu féin, an bhialann nua Blackrock Cottage, Cumann Rámhaíochta Ghráinne Mhaol agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe i bpáirt faoin Tóstal seo.

Ar ndóigh ní dhéanfar aon dearmad ar na teaghlaigh a bheidh ar an talamh tirim mar beidh imeachtaí go leor eagraithe dóibhsean chomh maith. Beidh neart spraoi ann do na gasúir ó cheardaíocht go caisleáin ghainimh. Beidh rogha gach bia agus togha gach dí ar fáil ag na seastáin cois cladaigh ó tháirgeoirí an cheantair.

Níl aon chostas ar na himeachtaí féin agus tá gach eolas le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Dhá fhéile mhóra taobh thiar den Choirib – Féile Joe Éinniú agus an Tóstal'