Dhá chomhlacht Gaeltachta i gConamara ag cur lena gcáil agus a ngnó

Is gearr go mbeidh an Builín Blasta Teo agus Cloon Keen ag cur leis na deiseanna atá ann a dtáirgí a fháil

Dhá chomhlacht Gaeltachta i gConamara ag cur lena gcáil agus a ngnó

Cloon Keen

Tá aitheantas agus gradaim dá gcuid táirgí á mbaint amach le tamall ag an Builín Blasta Teo agus Cloon Keen, dhá chomhlacht Gaeltachta atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, agus is gearr go mbeidh siad ag cur leis na deiseanna chun na táirgí sin a sholáthar.

Le gairid d’éirigh leis An Builín Blasta Teo, a bhfuil caifé agus bácús acu i gCeardlann an Spidéil, péire de ghradaim Bhlas na hÉireann 2020 a bhuachan, an gradam Rogha na Gaeltachta don táirgeoir bia is fearr sa Ghaeltacht agus bonn airgid dá mhaonáis atá déanta le hoinniúin dheataithe. Tá sé i gceist acu síneadh a chur lena gcaifé go luath.

Tá gradaim freisin bainte amach le blianta beaga anuas ag Cloon Keen, a tháirgeann cumhráin agus coinnle cumhra in Ionad Tionsclaíochta an Spidéil, ina measc ceann de ghradaim an Fragrance Foundation i Londain dá gcumhrán Róisín Dubh. Is iad an chéad chomhlacht Éireannach a fuair gradam na fondúireachta sin. Tá siopa acu cheana féin ar an tSráid Ard i nGaillimh agus tá siad le siopa nua a oscailt sa Powerscourt Townhouse i mBaile Átha Cliath sula i bhfad.

Ón mbliain 2015 is í Heather Flaherty as Saskatoon, Saskatchewan, Ceanada atá i bhfeighil An Builín Blasta. Roimhe sin, d’oibrigh sí mar chócaire leis an Gourmet Tart Company agus le McCambridge’s i nGaillimh.

Breis is deichniúr a bhí fostaithe aici roimh an bpaindéim, a dúirt Heather Flaherty, agus d’éirigh léi a bhformhór a choinneáil ag obair le linn an tsamhraidh, a bhuíochas don líon mór cuairteoirí Éireannacha a bhí sa cheantar. Tá custaiméirí dílse áitiúla ag an mBuilín Blasta freisin agus tá Heather Flaherty buíoch de mhuintir na háite as a dtacaíocht i gcaitheamh na mblianta, go háirithe agus seirbhís beir leat á cur ar fáil acu le linn na dianghlasála.

Tá seatnaí, anlann agus maonáis dá gcuid féin á ndéanamh ag An Builín Blasta le roinnt blianta agus faoi láthair díoltar na táirgí sin i McCambridge’s, i Supervalu agus i siopaí eile i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

Táthar ag súil go dtosófar go luath ar shíneadh a chur leis an gcaifé agus go mbeidh sin réidh faoin Márta seo chugainn. Mar chuid den fhorbairt, tógfar cistin nua ina mbeidh earraí éagsúla an chomhlachta á réiteach.

Creideann Heather Flaherty go bhfuil sé tábhachtach tacú le soláthraithe áitiúla agus ina measc siúd a chuireann comhábhair ar fáil don Bhuilín Blasta tá an Garraí Glas in Indreabhán agus Cáis Gabhair Árann.

Mar a tharlaíonn sé, bean eile as Ceanada, Maggie Mangan, a bhunaigh an comhlacht Cloon Keen lena fear céile Julian Checkley in 2001. Rugadh agus tógadh Maggie i St Johns i dTalamh an Éisc, ach is as Gaillimh a tuismitheoirí. Bhí cultúr agus stair na tíre seo ina gcuid lárnach dá saol agus í ag fás aníos agus deir sí go mbíonn tionchar ag an oidhreacht sin ar an gcaoi a gcuireann Cloon Keen a gcuid táirgí i láthair agus ar na hainmneacha, ar nós Lúnasa agus Lá Bealtaine, a roghnaíonn siad dá gcumhráin.

Ba i bhfoirgneamh le hÚdarás na Gaeltachta i Ros an Mhíl a chuaigh Cloon Keen i mbun gnó den chéad uair agus bhogadar ina dhiaidh sin chuig aonad i gCeardlann an Spidéil, áit a rabhadar go dtí 2010. Ó shin i leith, is san eastát tionsclaíochta i mBaile an tSagairt atá siad lonnaithe. Seisear san iomlán atá fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair agus súil acu beirt eile a earcú go luath.

Díoltar táirgí Cloon Keen i siopaí cumhrán i Londain, Nua-Eabhrac, Milano, Liospóin, Vársá agus Ságrab agus soláthraíonn siad earraí saincheaptha do roinnt óstán anseo sa mbaile.

Dúirt Maggie Mangan go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an gcomhlacht a laghad dochair agus is féidir a dhéanamh don timpeallacht trí tháirgí in-bhithmhillte a dhéanamh, chomh maith le pacáistiú agus líon na gcomhábhar sna táirgí a laghdú. Beidh siad ag cur réimse nua earraí, a dhéanfar agus “an cheimic ghlas” á húsáid, ar an margadh sula i bhfad agus tá súil acu freisin deis a thabhairt do chustaiméirí amach anseo na soithí gloine ina mbíonn na coinnle cumhra a athlíonadh.

Tá Heather Flaherty agus Maggie Mangan thar a bheith moltach faoin tacaíocht fhadtéarmach atá faighte acu ó Údarás na Gaeltachta, ní hamháin trí fhoirgnimh a chur ar fáil dóibh ach freisin le táirgí nua a fhorbairt agus margaí a bhaint amach.

Tá tuairimíocht láidir tagtha chun cinn le gairid, go háirithe ó thús na paindéime, nach féidir le tír ná ceantar ar bith brath ar aon mhórthionscal amháin, an turasóireacht cuir i gcás, agus go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh ugach a thabhairt do thionscail bheaga.

Ach an oiread le Pádraig Ó Griallais (Drioglann Mhicil), Gabriel Ó Fátharta (Cáis Ghabhair Árann), Aongus Ó Coisdealbha (An Garraí Glas), muintir Uí Mháille (Salann Mara Acla) agus gnóthaí beaga eile timpeall na tíre, tá sé léirithe ag An Builín Blasta agus Cloon Keen go mbíonn tóir i gcónaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ar tháirgí d’ardchaighdeán.

Idir an dá linn, beidh an Builín Blasta i measc na gcomhlachtaí ag an Expo Bia & Deoch Gaeltachta 2020 atá ar siúl inniu agus amárach. Ar líne, ar chuntais Údarás na Gaeltachta ar na meáin shóisialta, atá an Expo Gaeltachta ar siúl i mbliana de bharr srianta COVID-19.

Beidh 40 comhlacht Gaeltachta páirteach san Expo.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go dtabharfaidh an EXPO Bia & Deoch Gaeltachta 2020 “deis iontach don phobal i gcian agus i gcóngar”  blaiseadh a fháil den “chaighdeán ard” bia agus dí atá ar fáil ó chomhlachtaí na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Dhá chomhlacht Gaeltachta i gConamara ag cur lena gcáil agus a ngnó'