D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo feicimid nach i gcónaí a tharraingíonn mac agus athair le chéile

D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis

Fear na Cuilte

Bhí feirmeoir ina chónaí i gCeantar Chloich na Caoilte timpeall le daichead bliain ó shin agus Mícheál Ó Laoghaire ab ainm dó. Leis an aimsir nuair a tháinig an t-aos ar an seanduine do phós sé a mhac. Níor réitigh bean a mhic leis an seanduine in aon chor. Bhíodh sí ag tathant ar an mac gach lá an seanduine a dhíbirt as an dtigh go raibh sé láidir a dhóthain le dul ag bailiú a choda.

D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis. Thugadar cuilt ar a dhroim dó agus bhuail an seanathair uime ar an mbóthar í agus é ag imeacht. ‘Cá bhfuil tú a’ dul a sheanathair?’ arsa mac óg an tí leis. ‘Táim ag imeacht toisc ná fágfaidh d’athair ná do mháthair istigh mé,’ arsa sé.

‘Tabhair dom an chuilt nóimeat,’ arsa an garsún. ‘Cad ab áil leat di, a dhalta?’ arsa an seanduine.

‘Níl sí go ceart ar do dhrom agat,’ ar seisean, ‘Tabhair dom í chun go socróinn i gceart ort í.’

Bhain sé an chuilt dá dhroim agus chuir an garsún ar a ghualann féin í.

‘Sea anois,’ ar sé ‘lean an chuilt a sheanathair.’

Bhí ar an seanduine an chuilt a leanaúint toisc ná tabharfadh an garsún dó i cé go raibh sé á hiarraidh air. Nuair a shroich an garsún a bhaile féin, is é an chéad rud a dhein sé ná rith anuas staighre agus an chuilt ar a dhroim aige. D’fhiafraigh a athair de cad ab áil leis an gcuilt. ‘Chun í a chur i gcoimeád i gcomhair an ama nuair a bheidh tú am phósadh, chun í a thabhairt duit fé mar thugais dod athair féin í,’ arsa an garsún.

Ba é deireadh an scéil gur choimeádadar an seanduine sa tigh. Cuireadh culaith éadaigh nua air agus cuireadh cóir mhaith air an chuid eile dá shaol.

Seán Keohane, Béalad Thoir, Cloich na Coillte, Contae Chorcaí

Fág freagra ar 'D’fhonn ciúnas a dhéanamh dúirt an mac leis an athair a bheith ag bailiú leis'