D’fhógair mé nach bhfágfainn an áit go dtí go n-íocfaí mé, agus shuigh síos

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: níos minice ná mar ba mhaith leo, bíonn orthu siúd a mhaireann ar an bpeann brú aisteach a chur ar a gcuid custaiméirí chun luach a saothair a fháil

D’fhógair mé nach bhfágfainn an áit go dtí go n-íocfaí mé, agus shuigh síos

Tá go leor rudaí iontacha ag baint le slí bheatha mar scríbhneoir agus cúpla rud atá go holc. An ceann is measa acu sin ná go mbíonn ar scríbhneoirí, ar saoririseoirí agus saoraistritheoirí iad, brú aisteach a chur ar a gcuid custaiméirí ó am go chéile chun luach a saothair a fháil.

Nuair a deirim brú aisteach, brú aisteach atá i gceist agam. Roinnt blianta ó shin, nuair a bhí Corn an Domhain sa sacar ar siúl sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, scríobh mé sraith alt faoi na cathracha ina mbeadh na cluichí ar siúl d’iris spóirt ar líne atá lonnaithe i Londain. Íocadh mé as an gcéad chuid de na hailt sin ach faoin am go raibh Corn an Domhain thart agus dearmad déanta ag an saol mór ar an imeacht sin le fada bhí mise fós ag fanacht ar íocaíocht do na hailt dheireanacha sa tsraith. 

Chuile mhí, chuirinn sonrasc chuig an iris. Chuile mhí, d’fhaighinn freagra ar ais inar gabhadh leithscéal faoin moill agus inar dúradh go n-íocfaí mé a luaithe agus ab fhéidir – ach pingin rua ní bhfuair mé. Tar éis leathbhliana, thosaigh mé ag cur glaonna. 

Bean as Gaillimh ó dhúchas a d’fhreagair an fón san oifig riaracháin. Bhí comhrá deas againn agus fuair muid amach gur chomharsana muid, nach mór, lá den saol. Ansin thug sí na geallúintí céanna dom a bhí á dtabhairt dom le sé mhí anuas. Ar íocadh mé? Níor íocadh.

An mhí ina dhiaidh sin, chuir mé glaoch ar an eagarthóir a choimisiúnaigh an tsraith alt an chéad lá riamh. Thug sé scéilín dom go raibh an iris féin ag fanacht ar airgead ó fhógróirí agus go n-íocfaí mé a luaithe is a gheobhadh an iris an t-airgead sin. D’inis mise dó gur mhothaigh mé go raibh mé do mo náiriú ag an iris, amhail is gur ag lorg déirce a bhí mé seachas luach mo shaothair, a bhí ag dul dom le breis agus leathbhliain faoin am sin. D’fhág sé sin ina thost é. Ach ar íocadh mé? Níor íocadh.

Tharla i Londain mé cúpla mí ina dhiaidh sin agus shocraigh mé cuairt a thabhairt ar oifig na hirise i bhfoirgneamh galánta i lár na cathrach. Chuir mé mé féin in aithne ag an deasc fáilte, d’fhógair nach bhfágfainn an áit go dtí go n-íocfaí mé, agus shuigh síos.

D’oibrigh an tseift sin.

Nuair ba léir don chailín ag an deasc fáilte nach raibh mé ag dul in aon áit, bhris sí isteach ar chruinniú eagarthóireachta a bhí ar siúl agus d’aimsigh an t-eagarthóir a bhí tar éis na píosaí a choimisiúnú uaim an chéad lá riamh. Isteach leis siúd san oifig riaracháin, agus chun scéal fada a dhéanamh gearr, d’fhág mé oifig na hirise an lá sin agus seic de chúpla céad punt i mo ghlac.

Meabhraíodh an scéal seo dom an tseachtain seo toisc go raibh orm ríomhphost tréan a chur chuig oifig riaracháin eile, dream a ndearna mé aistriúchán dóibh faoi ghearrfhógra, ag meabhrú dóibh go raibh sé thar am sonrasc a bhí thar téarma a íoc.

An iarraidh seo lóisteáladh an t-airgead i mo chuntas an lá dár gcionn, ach bhí an dochar déanta: arís eile, mhothaigh mé gur ag lorg déirce a bhí mé, mo chaipín i mo ghlac.

Fág freagra ar 'D’fhógair mé nach bhfágfainn an áit go dtí go n-íocfaí mé, agus shuigh síos'

  • Fearn

    Seo scéal gach duine a tá ag obair thar a cheann fhéin, sílim.
    Is maith go raibh an misneach agus an t-áiméar agat, a Alex, teacht timpeall na gcleasanna!