Deontas suas le €175,000 ceadaithe do CLG na Gaeltachta

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 i nGallarus in iarthar Chiarraí agus tá deontas ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta chun páirc nua agus carrchlós a thógáil

Gallurus i gCorca Dhuibhne. Pictiúr: Paul Carroll

Tá sé fógartha tráthnóna ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil deontas suas le €175,000 curtha ar fáil do CLG na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne.

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 á reáchtáil i nGallaras i gCo. Chiarraí mí an Mheithimh seo chugainn agus tá an t-airgead curtha ar fáil chun páirc pheile nua agus carrchlós a thógáil.

Tá an pháirc pheile atá i nGallarus dúnta faoi láthair agus dromchla nua curtha uirthi do chluichí móra na bliana seo chugainn.

Deontas suas le €175,000 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go bhfuil “an-áthas” air an deontas a cheadú do chumann seanbhunaithe na Gaeltachta.

“Tá áiseanna nua ag teastáil go géar ón gCumann le freastal níos fearr a dhéanamh ar fhoirne na bhfear agus na mban, gan trácht ar na gasúir scoile ar fad, na coláistí samhraidh agus na campaí samhraidh.  Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl anseo an chéad bhliain eile agus beidh áiseanna den scoth ar fáil do na foirne i gceann de na ceantair is áille sa tír,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Fág freagra ar 'Deontas suas le €175,000 ceadaithe do CLG na Gaeltachta'