Deontais dar luach €6.3 milliún ceadaithe ag Bord Fhoras na Gaeilge

Ba é cruinniú an lae inniu an chéad chruinniú ag Seán Ó Coinn mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Deontais dar luach €6.3 milliún ceadaithe ag Bord Fhoras na Gaeilge

Cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge deontais ar fiú €4,637,547 san iomlán iad do na sé cheanneagraíochtaí Gaeilge inniu.

Ceadaíodh chomh maith ag cruinniú de Bhord na heagraíochta trasteorann inniu deontais do Choláiste Ollscoile Naomh Muire d’Áisaonad Lán-Ghaeilge (£272,486), do Ghael Linn don tionscadal Gaelbhratach (€120,000), do Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich (£99,302), do Ghaeláras Uí Chanáin i nDoire (£122,400), do Scéim Deontas Colmcille (£37,402), Scéim na dTionscadal Litríochta (€112,360) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€665,181).

Ba é cruinniú an lae inniu an chéad chruinniú ag Seán Ó Coinn mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus ba é an cruinniú deireanach ag roinnt comhaltaí boird, a dtiocfaidh deireadh lena dtréimhsí ar Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 12 Nollaig 2016.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais Seán Ó Coinn gur cúis áthais dó an maoiniú a ceadaíodh inniu.

Ba é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2017, a dúirt sé.

Thug sé le fios, áfach, go mbeadh dáileadh na ndeontas “ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2017”.

Dúirt Ó Coinn go raibh dearbhú tugtha ag na ranna go gcuirfear maoiniú ar fáil “don Fhoras trasteorann lena dhualgais reachtúla maoinithe a chomhlíonadh in 2017”.

D’fháiltigh an Príomhfheidhmeannach roimh chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ceapacháin nua a dhéanamh ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Dúirt Ó Coinn go bhfuil sé “ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth” leis an gCathaoirleach nua Pól Ó Gallchóir agus leis na comhaltaí nua eile.

Cuirfear tús le tréimhse an Chathaoirligh agus na gcomhaltaí nua ar an 13 Nollaig 2016. 

Fág freagra ar 'Deontais dar luach €6.3 milliún ceadaithe ag Bord Fhoras na Gaeilge'