Déjà vu arís eile agus an Trumpach fillte

Agus Donald Trump insealbhaithe tá ‘ré órga’ Mheiriceá fógartha, ach n’fheadar Dia ná duine, ná Trump féin, cad a tharlóidh anois 

Déjà vu arís eile agus an Trumpach fillte

“It’s déjà vu all over again,” a dúirt in t-imreoir  daorchluiche cáiliúil, Yogi Berra, tráth. Thuigfeá dó agus sinn ag féachaint ar insealbhú an 47ú uachtarán ar na Stáit Aontaithe (RTÉ News Special – US Presidential Inauguration, RTÉ1, Dé Luain). Tá fear an mhothaill gruaige agus an donnú bréige fillte. Fear an bhladhmainn agus an bhuaileam sciath, fear an tsuarachais agus na n-asachán. Tá uachtarán anois ann atá ciontaithe as coireanna coiriúla agus b’ait an feic é an searmanas insealbhaithe céanna.

Ar an gcéad dul síos níl anseo ach an dara huachtarán nár thug faoina dhá théarma i ndiaidh a chéile agus seo an chéad searmanas insealbhaithe a tharla fé dhíon le daichead bliain. Bhí na piardaí ar fad bailithe isteach i mullach a chéile sa Rotunda, an áit chéanna ar deineadh ruathar air ar an 6 Eanáir 2021. Ná diail í an tslí gur féidir le ham dearcthaí a athrú? Nó b’fhéidir gur cumhacht is airgead is faitíos a athraíonn dearcthaí?

Fág fé na Sasanaigh ócáid a eagrú le seó agus le searmanas. B’fhada ócáid an lae inné óna leithéid. Bhí rian den mhí-eagar ag baint le cúrsaí ar uairibh, de bharr an athrú ionaid, is dócha, agus gan aon oidhre ar chúrsaí go minic ach ócáid bronnta bonn don fhoireann faoi 12 a eagraíodh faoi dheifir sa halla pobail áitiúil.

Bhí piardaí an Pháirtí Dhaonlathaigh (muintir Clinton, Obama, Biden agus Harris) ina staicíní áiféise. Bhí seo ar cheann de na laethanta is measa i stair an pháirtí. Nuair atá deireadh ráite caithfidh an páirtí ceist a chur orthu féin (ó bhun go barr) conas go dtugadar an deis d’iarrthóir mar seo dul i bhfeidhm ar an bpobal. Faoi mar a dúirt Larry Donnelly sa stiúideo i mBaile Átha Cliatha (agus casadh á bhaint aige as focail Joe Manchin) an teachtaireacht toghcháin a tugadh do na Daonlathaigh ná ‘go to hell’.

Bhí maidríní lathaí na teicneolaíochta, ‘na tech bros’ (Bezos, Zuckerberg agus Musk) suite go ciúin, támáilte, umhal ar dheis an Trumpaigh. A bport athraithe óir go bhfeiceann siad go bhféadfadh an tUachtarán nua breis brabúis a thabhairt ar an bport.

Bíonn cad é liostaí agus cur agus cúiteamh faoi na hóráidí insealbhaithe is spreagúla agus is fileata riamh. Níl an a fhios agam an mbeidh staraithe ag cur óráid an Luain ar aon liosta ach is cinnte go mbeidh sé áirithe ar cheann de na cinn is neamhghnáiche, is binbí agus is uaillmhianaí.

Is liosta le háireamh é na pleananna gaisce is buile atá aige: cuid acu ginearálta, cuid acu i bhfad róshonrach, cuid acu ana-ait.

Tá “ré órga” Mheiriceá le tosnú agus deireadh le cur lena “mheath.” Táthar le hainm Mhurascaill Mheicsiceo a athrú agus seilbh a ghlacadh ar Chanáil Phanama. Ní bheidh ann ach dhá inscne feasta agus “drill baby, drill!” an mana fuinnimh atá aige. Staid éigeandála fógartha maidir leis an teorainn ó dheas agus taraifí á mbagairt ar gach n-aon. Dar leis gur shábháil Dia ó urchar is bás é “to make America great again’. Tá ana-chuid ráite, n’fheadar Dia ná duine, ná Trump féin, cad a tharlóidh.

Fág freagra ar 'Déjà vu arís eile agus an Trumpach fillte'