Deis mhór téarnaimh d’Éirinn agus iad in aghaidh na Breataine Bige

Údar mór díomá a bheadh ann dá dteipfeadh ar Éirinn anocht agus iad sa mbaile i gcoinne foireann atá trína chéile ó thús na bliana seo

Deis mhór téarnaimh d’Éirinn agus iad in aghaidh na Breataine Bige

Beidh rogha iontach cluichí rugbaí ar fáil dúinn an deireadh seachtaine seo.

Cuirfidh foireann na hÉireann chun páirce anocht sa Staid Aviva i gcoinne na Breataine Bige sa gcéad chluiche de chomórtas nua rugbaí ‘Corn na Náisiún 2020’.

Beidh ocht náisiún páirteach sa gcomórtas a bheas á imirt sa limistéar seo. Beidh Fidsí agus an tSeoirsia ag imirt ann chomh maith leis na foirne a imríonn i gcomórtas na Sé Náisiún.

Dhá ghrúpa atá ann agus imreoidh na foirne sa ngrúpa céanna a chéile uair amháin idir seo agus deireadh na míosa.

Críochnóidh an comórtas le linn an chéad deireadh seachtaine de mhí na Nollag nuair a bheas foirne i nGrúpa A i gcoinne pé foireann atá san ionad céanna leo i nGrúpa B: imreoidh foireann 1 i nGrúpa A i gcoinne foireann 1 i nGrúpa B agus foireann 2 A i gcoinne 2 B agus mar sin ar aghaidh.

Is léir go bhfuil deis anseo d’imreoirí idirnáisiúnta na tíre seo cúrsaí a chur ina gceart tar éis a lagiarrachta i bPáras cúpla seachtain ó shin.

Tugann an comórtas seo deis freisin do lucht bainistíochta na bhfoirne ar fad deis imeartha ag an leibhéal seo a chur ar fáil d’imreoirí nua roimh thús chomórtas na Sé Náisiún an bhliain seo chugainn. Ní iontas dá bhrí sin go bhfuil James Lowe Chúige Laighean ag fáil a chéad chaipín idirnáisiúnta agus é roghnaithe ar an gcliathán anocht. Seans go mbeidh cúpla caipín nua eile againn roimh dheireadh an chomórtais ghearr seo. Maidir leis an gcluiche anocht, is cinnte go mbeidh an Bhreatain Bheag ag súil le dea-scéal tar éis dóibh ceithre chluiche a chailleadh i ndiaidh a chéile.

Mar sin féin bheinn thar a bheith díomách má theipeann ar Éirinn agus iad sa mbaile i gcoinne foireann atá trína chéile ó thús na bliana seo.

Dála an scéil, beidh an Iodáil i gcoinne na hAlban amárach agus beidh Sasana i gcoinne na Seoirsia. Tabharfaidh an Fhrainc faoi Fhidsí ar an Domhnach.

Sa bPro-14 beidh Cúige Chonnacht, foireann nár imir le coicís, sa mbaile i gcoinne Scarlets na Breataine Bige. Theip ar na Scarlets trí huaire as cúig iarracht go dtí seo i gcomparáid leis an dá bhua as trí iarracht atá sa mála ag fir na Gaillimhe. Níor chaill Connachta aon chluiche baile fós i gcomórtas na bliana seo. Fágann sin gurb iadsan rogha na coitiantachta don chluiche seo. Cuirfidh Cúige Mumhan fáilte roimh na hOspreys i Luimneach amárach agus is deacair bua a thuar do na cuairteoirí, foireann atá ar thóir a dtríú bua ó thús an tséasúir. Beidh na hUltaigh san Iodáil san oíche Dé Luain. Chuile sheans go mbeidh Ulaidh róláidir do Zebre, fiú agus iad as baile.

 An oíche chéanna sin beidh na curaidh, Cúige Laighean ag súil le cúig phointe eile a chur lena stór lánphointí sa gcúig chluiche go dtí seo agus iadsan in nDún Éideann. Is deacair tada eile seachas an bua a thuar d’fhoireann Átha Cliath.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go bhfuil  seans iontach go mbeidh bua ag na cúigí ar fad an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Deis mhór téarnaimh d’Éirinn agus iad in aghaidh na Breataine Bige'