Deis iontach do Bundee Aki agus Robbie Henshaw

Seachtar imreoirí ón tír seo atá roghnaithe do na Leoin dá gcluiche dúshláin i gcoinne na Seapáine i nDún Éideann inniu

Deis iontach do Bundee Aki agus Robbie Henshaw

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Na Leoin v An tSeapáin – Murrayfield, 3pm

Seachtar ón tír seo atá Warren Gatland a chur chun páirce i gcoinne na Seapáine i nDún Éideann inniu san aon chluiche ullmhúcháin amháin a bheas á imirt acu sa limistéar seo sula dtéann painéal Leoin 2021 ar chuairt trí mhórchluiche ar an Afraic Theas.

Is cinnte go mbeidh lucht leanta rugbaí na tíre seo sásta go bhfuil an líon sin imreoirí ón tír seo ag fáil deis breá luath lena gcuid buanna agus scileanna rugbaí a léiriú, ach níl mise ag léamh tada isteach sa roghnú atá déanta ag Gatland.

Is cinnte go dtabharfaidh oiliúnóir na Leon deis do chuile imreoir ina phainéal imirt sa gceithre chluiche cleachtaidh, ceann an lae inniu san áireamh, sula gcuireann sé a chéad rogha imreoirí chun páirce i gcoinne Churaidh an Domhain, an Afraic Theas ar an 24 Iúil.

Mar sin féin, is deis iontach é an cluiche seo inniu do leithéidí Bundee Aki agus Robbie Henshaw a seanpháirtnéireacht lár páirce a athnuachan agus an chomhthuiscint atá eatarthu a léiriú arís.

Seans go mbeidh dúshlán níos mó roimh Conor Murray agus eisean ag iarraidh páirtnéireacht nua a chruthú idir é féin agus Dan Biggar, an leathchúl amuigh.
Fiú má imríonn Iain Henderson thar barr ar fad ní bheidh sé éasca aige greim a choinneáil ar an ngeansaí dara roinn don chluiche i gcoinne na hAfraice Theas.

Creideann go leor gurb iad Alun Wyn Jones, captaen na Leon, agus Maro Itoje Shasana a bheas ag tosnú san ionad sin.

Ach an oiread leis sin, caithfidh Tadhg Beirne agus Jack Conan imirt níos fearr ná mar a rinne siad ariamh más leo áit i measc chéad rogha Gatland a fháil. Tá an deis acu inniu agus is fúthu féin anois é.

Is mar ionadaí a bhí an frapa Tadhg Furlong le tosú inniu ach de bharr gortú a bhain do Zander Fagerson le linn traenála ar an Déardaoin fuair fear Loch Garman ardú céime.

Ní haon ábhar iontais é an rogha sin mar gurb é Furlong an t-aon imreoir ón tír seo atá beagnach cinnte dá áit i gcoinne na hAfraice Theas, sin más féidir leis gortú a sheachaint.

Ach is fada an t-aistear é idir Murrayfield inniu agus Cape Town ar an 24 lá den mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Deis iontach do Bundee Aki agus Robbie Henshaw'