Deis iontach ag na Muimhnigh pointí luachmhara a bhailiú

Faoi láthair, tá Cúige Laighean cinnte go bhfuil siad féin cáilithe faoi mar atá na Muimhnigh ach tá na hUltaigh faoi bhrú

Deis iontach ag na Muimhnigh pointí luachmhara a bhailiú

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is beag nach raibh an ceart ar fad ag na geallghlacadóirí maidir le torthaí na gCúigí i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite. Roimh thús na gcluichí, ag Cúige Laighean amháin a bheadh bua dar leo agus gan iad ag tabhairt mórán de sheans do na trí chúige eile.

Bhuel bhí plean eile ar fad ag na Muimhnigh.  D’fhill siad ar a seanstíl troda nuair a bhí a ndroim le balla. Ní hamháin gur bhain foireann na Mumhan croitheadh agus stangadh as an bhfreasúra, Toulon, ach thug siad foláireamh do chuile fhoireann eile sa gcomórtas seo agus san URC freisin. Tá siad ar ais sa rás agus na cosa fúthu arís.

Is fiú a mheabhrú ag an tráth seo go bhfuil leagan amach nua ar chomórtas Chorn na gCuradh don séasúr seo. Tá na ceithre fhoireann is fiche atá ag imirt sa gcomórtas roinnte idir cheithre ghrúpa agus beidh áit sna babhtaí cáilithe ag na sé fhoireann déag is airde, ceithre fhoireann as chuile ghrúpa. Ní hamháin sin ach beidh buntáiste an bhaile ag na foirne a bheas sa gcéad dhá áit sa gceithre ghrúpa.

Ciallaíonn sin ar fad go bhfuil sé an-tábhachtach a bheith i measc na gceithre fhoireann atá ar bharr na ngrúpaí agus go bhfuil tábhacht ar leith freisin ag baint le bheith sa gcéad nó sa dara háit i chuile ghrúpa.

Faoi láthair, tá Cúige Laighean cinnte go bhfuil siad féin cáilithe faoi mar atá na Muimhnigh ach tá na hUltaigh faoi bhrú.

Beidh áit i gCorn an Dúshláin ar fáil ag pé foireann a bhíonn sa gcúigiú háit ina ngrúpa féin rud atá mar spreagadh do na foirne is laige sa gcomórtas seo. Dála an scéil, tá Cúige Chonnacht sa mbád sin faoi láthair agus iad suite sa séú háit i nGrúpa 1 tar éis trí chluiche agus ag brath ar céard a  tharlóidh i nGrúpa 2 an deireadh seachtaine seo, tá an baol ann go mbeidh na hUltaigh ag aistriú go dtí Corn an Dúshláin freisin.

Fiú agus Babhta 4 de na réamhbhabhtaí fós le himirt ag an deireadh seachtaine tá Cúige Laighean cinnte go mbeidh buntáiste an bhaile acusan sa gcomórtas idir na sé fhoireann déag is airde.

Roimhe sin caithfidh foireann Leo Cullen dul go Sasana le tabhairt faoi na Leicester Tigers, foireann ar imir sé féin leo tráth. Tá Leicester iad féin cáilithe don chéad bhabhta eile ach níl siad cinnte fós maidir le buntáiste an bhaile. Fuair Leicester greadadh uafásach ó churaidh an chomórtais, La Rochelle, an Domhnach seo caite agus má bhíonn bua le ceithre úd acusan (La Rochelle) ar Sale an Domhnach seo agus má bhíonn an lá le Cúige Laighean amárach, ní bheidh Leicester sa mbaile sa gcéad bhabhta eile.

Sin spreagadh ann féin do na Tigers dul ar thóir pointe nó dhó i gcoinne na Laighneach. B’fhearr d’fhoireann Átha Cliath a bheith an-chúramach!

Roimh an gcluiche sin caithfidh Cúige Uladh taisteal go Sasana freisin le tabhairt faoi Harlequins i nGrúpa 2, mar a bhfuil siad sa gceathrú háit faoi láthair agus cúig phointe acu. Ach beidh Racing 92 atá sa gcúigiú háit ar thrí phointe ag imirt sa mbaile amárach i gcoinne Caerdydd, foireann atá  réasúnta lag. Tá mise ag tabhairt seans maith do Racing, rud a ciallaíonn go gcaithfidh Cúige Uladh an ceann is fearr a fháil ar na Quins más leo Corn an Dúshláin a sheachaint. Dúshlán ollmhór ann féin.

Seans gur ar chluiche  Ghrúpa 3 a bheas á imirt i Luimneach a bheas aird phobal rugbaí ná tíre seo tráthnóna amárach. Tá Northampton, foireann atá ar bharr an ghrúpa seo le cheithre phointe dhéag agus cinnte dá réir sin go mbeidh buntáiste an bhaile acu sa gcéad bhabhta eile den chomórtas seo, ag teacht go Luimneach. Ní gá don fhreasúra a gcéad rogha imreoirí a chur chun páirce rud a fhágann go bhfuil deis iontach ag na Muimhnigh pointí luachmhara a bhailiú.  Cúige Mumhan atá sa trí háit ar thábla an ghrúpa seo, agus ocht bpointe acu faoi láthair,  ach tá na Exeter Chiefs sa dara háit agus iad cúig phointe chun cinn ar fhoireann Luimnigh.  Ciallaíonn sin ar fad go gcaithfidh Cúige Mumhan dul sa tóir ar bhua le scór mór agus ceithre úd ar a laghad a aimsiú. Ach fiú má tharlaíonn sin bheadh siad ag súil go ndéanfaidh Bayonne gar dóibh ar an Domhnach agus iadsan sa mbaile i gcoinne Exeter. Seans go bhfuil an iomarca seansanna nach chun leasa na Muimhneach iad sa bplean sin.

Ach roimhe sin ar fad, anocht ar an mBóthar Beag tabharfaidh Cúige Chonnacht, foireann atá sa 6ú háit ar thábla Ghrúpa 1 agus gan ach aon phointe amháin slánaithe acu as trí chluiche, faoi  Bhriostó (Bristol), foireann atá áit amháin agus ceithre phointe chun cinn orthu. Tá sé chomh simplí leis seo, má bhíonn bua le  pointe bónais ag Cúige Chonnacht agus más féidir leo pointe bónais a cheilt ar Bhriostó, is iad féin a bheas sa gcúigiú háit ar an tábla agus is iad a bheas imirt i gCorn an Dúshláin.

Creid é nó ná creid ach toradh iontach a bheadh ansin do Chonnachta.

Is fúthu féin atá sé anois.

Fág freagra ar 'Deis iontach ag na Muimhnigh pointí luachmhara a bhailiú'