‘Deis caillte’ ag Raidió na Gaeltachta le hairgead ó fhógraí tráchtála

‘Údar díomá’ do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil an t-airgead iomlán ó na fógraí a chraoltar ar an stáisiún á fháil ag RTÉ RnaG agus deir Sinn Féin gur geall le ‘craoltóir aonteangach Béarla’ é RTÉ

‘Deis caillte’ ag Raidió na Gaeltachta le hairgead ó fhógraí tráchtála

Tá “deis caillte” ag bainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta an leas is fearr a bhaint as an airgead atá á thuilleamh ó na fógraí tráchtála atá á gcraoladh ar bhuille na huaire ar an stáisiún le breis agus bliain anuas, dar le Conradh na Gaeilge

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc go raibh sé den tuairim gur cheart go mbeadh “an t-airgead ar fad” atá ag teacht ó na fógraí a chraoltar ar RnaG á chaitheamh ar an stáisiún féin le “forbairtí riachtanacha” a dhéanamh.

“Tá ceisteanna ann faoi rátaí tuarastail i gcónaí, tá a lán ó thaobh cúrsaí caipitil atá le cur ina cheart agus caithfear breathnú ar an bhforbairt atá le déanamh agus breathnú ar aghaidh ar na hathruithe atá ag teacht in earnáil an raidió trí chéile.

“Is údar díomá é [nach bhfuil iomlán an airgid á fháil ag RnaG] agus is deis chaillte í don bhainistíocht, nach bhfuil siad tar éis an airgead seo ar fad a fháil le húsáid le Raidió na Gaeltachta a chumasú,” a dúirt de Spáinn.

Dheimhnigh RTÉ do Tuairisc an tseachtain seo caite gur isteach i gciste lárnach na heagraíochta a théann an t-ioncam nua a thuilleann RTÉ Raidió na Gaeltachta as na fógraí tráchtála atáthar a chraoladh ar an stáisiún le breis agus bliain anuas.

Ba leasc leis an gCoimisinéir Teanga aon tráchtaireacht a dhéanamh ar an scéal. Dúradh le Tuairisc i ráiteas óna oifig nach é cúram an Choimisinéara tuairim a thabhairt faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ag teacht leis an reachtaíocht dá mbeadh an teacht isteach a thuillfeadh RnaG á chaitheamh ar sheirbhísí Béarla RTÉ.

“Is cúram do chinn na gComhlachtaí Poiblí a chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil chun na dualgais reachtúla atá leagtha síos sa reachtaíocht teanga a chomhlíonadh. Is féidir leis an gCoimisinéir Teanga gearáin a imscrúdú, faireachán a dhéanamh, agus tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na bhforálacha atá leagtha síos sa reachtaíocht teanga,” a dúradh.

Dúradh freisin nach raibh sé faoi “scóip fheidhmeanna na hOifige” tráchtaireacht a dhéanamh ar leagan amach polasaithe ná forbairt straitéise do na meáin ná do na meáin Ghaeilge.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo gur níos mó ná €600,000 a bhí tuillte ag RnaG ó fhógraí tráchtála a craoladh ar an stáisiún Gaeltachta, ach thug ceannasaí an stáisiúin Gearóid Mac Donncha le fios gur tháinig ardú ar an bhfigiúir sin arís le déanaí.

Ach ní fhanfaidh an t-airgead sin i gciste an stáisiúin féin agus dheimhnigh urlabhraí de chuid RTÉ do Tuairisc go gcaithfear an teacht isteach nua ó fhógraí RnaG ar gach cainéal agus seirbhís de chuid an chraoltóra seirbhíse poiblí.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc go léiríonn an scéal go bhfuil an t-airgead ó fhógraí RTÉ le caitheamh ar sheirbhísí Béarla na heagraíochta “nach bhfuil ceacht ar bith foghlamtha” ag RTÉ agus “nach bhfuil suim acu breis ábhar Gaeilge a chur ar fáil don phobal”.

“Tá maoiniú ar leith cinntithe do na meáin Ghaeilge mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar thoradh air [an tAcht], tá maoiniú nua fógraíochta saothraithe ag seirbhís Raidió na Gaeltachta. Tá an maoiniú nua seo ann i gcomhthéacs ina bhfuil RTÉ tar éis a bheith náirithe ag an gCoimisinéir Teanga as sárú ar a gcuid dualgas ábhar a chraoladh i nGaeilge don phobal.

“Tugann an fhógraíocht seo deis do RTÉ an bhearna soláthair seo a líonadh agus ábhar trí Ghaeilge a mhaoiniú. Má tá RTÉ chun maoiniú fógraíochta RnaG a chaitheamh ar a thuilleadh ábhar trí Bhéarla is léir nach bhfuil ceacht ar bith foghlamtha acu agus nach bhfuil suim acu breis ábhar Gaeilge a chur ar fáil don phobal,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Snodaigh go bhfuil RTÉ ina “chraoltóir náisiúnta Béarla” seachas ina “craoltóir náisiúnta dátheangach” mar atá sé “in ainm is a bheith de réir an dlí”.

Dúirt sé go bhfuil cruinniú á lorg aige idir Comhchiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le RTÉ chun an “easpa seirbhíse Gaeilge” a phlé leis an gcraoltóir náisiúnta agus go mbeidh “atreorú an mhaoinithe seo mar chuid den phlé sin”.

Faoin reachtaíocht teanga a tugadh isteach in 2021, tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.

Is é an tuiscint a baineadh as an bhforáil faoin 5% sin ná gur ar leas na meán Gaeilge a ghabhfadh an t-airgead. Ach fágann an t-eolas nua seo ó RTÉ go bhfuil an baol ann nach bhfaighidh RTÉ RnaG aon phingin ón ioncam a thuilltear ó na fógraí a chraoltar ar an stáisiún.

Dúirt lucht bainistíochta RnaG ag an am gurbh é an plean a bhí ann an t-ioncam nua a úsáid le hinfheistíochtaí caipitil a dhéanamh sa teicneolaíocht agus le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí RnaG agus ar chartlann an stáisiúin. Thug ceannasaí RnaG, Gearóid Mac Donncha, le fios in 2022 go dtarlódh go ndéanfaí níos mó craoltaí seachtracha chomh maith.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Nuacht a hAon an tseachtain seo caite, dúirt Mac Donncha go raibh lucht bainistíochta an stáisiúin “an-soiléir” faoin bpróiseas a bheadh ann agus go bhfuil an teacht isteach ó na fógraí ar RnaG “á riaradh díreach mar atá leis an gceadúnas teilifíse”.

“An próiseas atá ann, sin é an próiseas a bhí ann ón gcéad lá riamh, sin é an próiseas a fógraíodh a bheadh ann ón gcéad lá riamh – go mbeadh cúrsaí tráchtála, go mbeadh cúrsaí fógraíochta, ag dul trí chiste lárnach RTÉ, agus ansin bheadh an soláthar ag teacht as sin agus ag déanamh maoiniú ar an stáisiún atá againne agus stáisiúin eile,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach raibh an scéal “baileach chomh simplí” le gan RnaG a bheith ag fáil an teacht isteach go léir ó na fógraí Gaeilge. Dúirt sé gur thuig sé féin agus an fhoireann go mbeadh “an t-airgead ag dul isteach i gciste lárnach a bheadh ag RTÉ”.

“Mar sin é an próiseas [céanna] atá ann leis na stáisiúin eile ar fad. Agus ansin go mbeadh an ardbhainistíocht in RTÉ ag socrú cén chaoi a gcaithfí an t-airgead. Agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil ardú tagtha ar an méid airgid atá á chaitheamh ar RnaG ó thosaigh muide ag plé le cúrsaí fógraíochta,” a dúirt sé.

Mhaígh sé go bhfuil feabhas ag teacht ar rudaí i Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an airgead nua atá faighte ag an stáisiún ó na fógraí.

“Níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ag teacht ar ais againn. Nuair a bhreathnaíonn muid ar na figiúirí agus ar an maoiniú atá á dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta. In 2022 fuair muid €11.6 milliún, d’ardaigh sé sin in 2023 go dtí €12 milliún. Anois tá na figiúirí le haghaidh 2024 le foilsiú faoi cheann ceithre nó cúig seachtaine nuair a thiocfaidh an tuarascáil bhliantúil amach, agus beidh ardú eile ansin.

“Tá airgead ag teacht ar ais againn, agus an té atá ag rá nach bhfuil, ní hin í an fhírinne. Tá an t-airgead ag teacht ar ais agus á infheistiú agus méadú ag teacht ar an méid atá muide a fháil mar stáisiún. É sin ráite, ba bhreá liom tuilleadh. Dá dtiocfadh níos mó airgid chugainn, chuirfinn míle fáilte roimhe sin chomh maith,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, agus é ag labhairt ag Comhchoiste Dála i dTeach Laighean an tseachtain seo caite, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Kevin Backhurst go raibh an mheanma i measc fhostaithe RTÉ Raidió na Gaeltachta “i bhfad níos fearr” ná mar a bhí cheana agus go n-airíonn foireann an stáisiúin “mar chuid den eagraíocht [RTÉ]” anois.

“Ar cheist Raidió na Gaeltachta, bhí mé thíos ann cúpla uair agus féadfaidh Patricia Monahan, atá i gceannas ar chúrsaí raidió, an méid sin a dheimhniú. Is dóigh liom go bhfuil an mheanma níos fearr ann anois ná mar a bhí cheana. Nuair a bhí mé anseo agus mé i mo cheannaire nuachta agus nuair a chuaigh síos ann, bhí sí in áit an-leochaileach ar fad.

“Déarfainn go n-aithníonn foireann Raidió na Gaeltachta go huile is go hiomlán mar chuid den eagraíocht anois. Tá ceannaire Raidió na Gaeltachta [Gearóid Mac Donncha] ar fhoireann ceannaireachta [Patricia] Monahan, rud nár tharla cheana,” a dúirt sé ina fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Fág freagra ar '‘Deis caillte’ ag Raidió na Gaeltachta le hairgead ó fhógraí tráchtála'